Hide Subscribe Panel

Scaip an scéal: D’imeacht nó do thionscadal a chomhroinnt

3 M8 A7331

Tá d’imeacht oidhreachta réidh nó tá do thaighde tionscadail taighde críochnaithe, tá sé liostaithe ar láithreán gréasáin na Seachtaine Náisiúnta na h Oidhreachta agus tá tú réidh le do chuid oibre crua a chomhroinnt leis an domhan mór.

Tá cuid mhór bealaí ann chun an scéal a scaipeadh maidir le d’imeacht nó maidir le do thionscadal agus tá roinnt díobh leagtha amach anseo againn.

Meáin shóisialta

Is bealach iontach é leas a bhaint as na meáin sóisialta chun daoine a chur ar an eolas faoi d’imeacht nó faoi do thionscadal, faisnéis uasdátaithe a sholáthar agus an fuadar ina leith a chomhroinnt. Molaimid úsáid a bhaint as Facebook, Instagram agus Twitter chun dul i dteagmháil le do phobal agus leis an bpobal i gcoitinne ar líne agus tá na hardáin sin go léir saor in aisce. Ná déan dearmad cuntais na Seachtaine Náisiúnta na h Oidhreachta a chlibeáil ná úsáid a bhaint as #HeritageWeek2022 nuair atá postáil á déanamh agat.

Facebook

Baintear úsáid as Facebook go forleathan, tá sé soláimhsithe agus is ardán iontach é chun pobal ar líne a chur ar bun agus dul i dteagmháil le daoine i do cheantar áitiúil. Is é an t-ardán meán sóisialta is mó éileamh ar an Idirlíon é agus beidh sé ina chabhair an-mhaith má tá grianghraif nó íomhánna an mar chuid de d’imeacht nó de do thionscadal oidhreachta nó má tá sé beartaithe agat físeáin a chomhroinnt le daoine a bhfuil tú ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leo. Chomh maith leis sin, ligfidh sé duit scéalta a insint agus cur síos a dhéanamh ar nithe atá bainteach leis an amharc-ábhar. Le go mbeidh an t-ábhar éasca lena léamh, molaimid gan níos mó ná 100-150 a bheith ann i do chuid postálacha. Is fiú machnamh a dhéanamh freisin i dtaobh cúis a thabhairt do do leantóirí chun freagra a thabhairt ar do chuid postálacha. D’fhéadfá ceisteanna a chur, aiseolas a lorg nó úsáid a bhaint as tuairimí a bhí ann cheana féin mar inspioráid le haghaidh postálacha nua.

Tá an ghné ‘Facebook Live’ an-úsáideach má tá imeacht ar líne á eagrú agat agus más mian leat é a chraoladh ar an Idirlíon agus é a shábháil lena chomhroinnt go forleathan ina dhiaidh sin. Is féidir leat imeacht i bpearsa a chur chun cinn ar Facebook trí ‘imeacht’ atá i gceangal le príomhleathanach d’eagraíochta a chruthú.

Instagram

Má tá tú ag iarraidh dul i dteagmháil le lucht féachana níos óige, b’fhéidir gurbh fhiú breithniú a dhéanamh i dtaobh d’imeacht nó do thionscadal oidhreachta a chomhroinnt ar Instagram. Is é sin an t-ardán meán sóisialta is mó fás agus tá formhór na n-úsáideoirí faoi bhun 30 bliain d’aois.

Baineann Instagram go hiomlán le híomhánna. Má tá d’imeacht nó do thionscadal bunaithe ar ghrianghraif, ar íomhánna nó ar ghrafaicí, is fiú breithniú a dhéanamh i dtaobh Instagram a úsáid mar ardán meán sóisialta chun do thionscadal oidhreachta a chur chun cinn. Dála Facebook, is féidir leat é a úsáid chun íomhánna, físeáin agus téacs a chomhroinnt le do chuid leantóirí. Molaimid haischlib ar leith a úsáid ionas go mbeidh an lucht féachana in ann d’imeacht nó do thionscadal a leanúint.

Twitter

D’fhéadfadh sé gur mhian lean breithniú a dhéanamh i dtaobh Twitter a úsáid nuair atá na roghanna i leith meáin shóisialta á measúnú agat. A mhéid a bhaineann le hábhar a chomhroinnt, níl Twitter cosúil le Facebook ná le Instagram. Is é an bua a bhaineann le Twitter ná giorracht na bpostálacha: ní cheadaítear níos mó ná 280 carachtar a bheith ann in aon tvuít ar leith.

Is féidir leat tvuíteanna Twitter a úsáid chun úsáideoirí a mhealladh chuig do láithreán gréasáin/bhlag, chuig do chainéal YouTube nó chuig do phodchraoladh agus chun na daoine a bhfuil tú ag díriú orthu a chur ar an eolas faoi fhaisnéis uasdátaithe faoi d’imeacht nó faoi thorthaí tábhachtacha taighde. Más rúd é nár úsáid tú Twitter roimhe seo, beidh ort a chinntiú go bhfuil líon mór leantóirí aimsithe agat chun an tionchar is mó a bheith agat. Is féidir leat sin a dhéanamh trí na príomhthionchairí sa réimse is ábhar do do thionscadal (e.g. saineolaithe oidhreachta nó eagraithe oidhreachta eile) a shainaithint agus trí iad a leanúint; trí na daoine a bhfuil tú ag díriú orthu a leanúint; trí ábhar iomchuí úsáideoirí a atvuíteáil; trí ábhar an-spéisiúil (lena n-áirítear íomhánna agus físeáin) a chomhroinnt; agus trí leas a bhaint as oidhreacht chun lucht leanúna a chruthú.

Chun cuid mhór mionsonraí a fháil maidir leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as meáin shóisialta chun d’imeacht nó do thionscadal a chomhroinnt, féach 2021 blog post.

Cumarsáid a dhéanamh le meáin áitiúla

Bealach iontach eile chun an scéal a scaipeadh faoi d’imeacht nó faoi do thionscadal is ea teagmháil a dhéanamh le meáin áitiúla. Ar dtús, déan liosta de nuachtáin áitiúla, stáisiúin raidió áitiúla agus láithreáin ghréasáin áitiúla a d’fhéadfadh a bheith sásta scéal a chruthú faoi do chuid oibre maidir leis an tSeachtain Oidhreachta.

Nuair atá preas-eisiúint á scríobh agat, nó nuair atá cur i láthair á ullmhú agat lena chur faoi bhráid na meán, déan machnamh cúramach faoi na daoine a bhfuil tú ag díriú orthu. Cad iad na meáin a bhfuil taithí ag na daoine sin orthu? Conas is féidir leat spéis a chruthú sa ghrúpa daoine sin?

Nuair atá preas-eisiúint á scríobh agat, bí cinnte tús a chur léi le habairt tosaigh ghonta. Is ceart gné uathúil de d’imeacht nó de do thionscadal a bheith ann san abairt sin. Déan machnamh i dtaobh cad a tharraingeoidh aird an léitheora agus scríobh abairt láidir lena gcuirfear tús le comhrá. B’fhéidir gur ceiliúradh cothrom 10 mbliana atá i gceist le d’imeacht nó b’fhéidir gur cur i láthair taighde nua atá ann. Cuirfidh deasca nuachta spéis i scéalta a sheasann amach ó chinn eile. Maidir leis na míreanna eile i do phreas-eisiúint, déanfar leathnú agus soiléiriú ar ábhar d’imeachta nó do thionscadail agus tabharfar tuilleadh mionsonraí faoi do thaighde, faoi thodhchaí d’imeachta nó do thionscadail nó faoi aon dúshláin a bhí le sárú ag d’eagraíocht. Bí cinnte go n-úsáideann tú caint shimplí shoiléir’ Tabhair míniú ar aon téarmaí teicniúla nó ar aon saintéarmaí agus déan machnamh i dtaobh léitheoir nach bhfuil eolas aige nó aici cheana féin faoin réimse oidhreachta a mbíonn tú ag plé leis.

Tá sé tábhachtach freisin go gcuireann tú ainmneacha agus faisnéis teagmhála san áireamh i do phreas-eisiúint ionas go mbeidh na meáin lena mbaineann in ann teagmháil a dhéanamh leat maidir le haon fhiosruithe nó maidir le haon iarrataí le haghaidh agallaimh.

Is fiú 1,000 focal pictiúr agus, dá bhrí sin, ná déan dearmad íomhánna a chur ag gabháil le do phreas-eisiúint. Is ceart grianghraif ardcháilíochta a bheith ann agus is ceart iad a bheith spéisiúil - rud éigin a sheasfaidh amach nuair a fheiceann eagarthóir nuachta é. Bí cinnte go gcuireann tú ceannteideal ceart ina bhfuil mionsonraí ag gabháil le haon ghrianghraif.

Mura nglacann meáin le do scéal, is féidir iarracht eile a dhéanamh. Is timthriall leanúnach é an nuacht áitiúil agus bíonn iriseoirí ar lorg scéal nua i gcónaí, go háirithe má tharlaíonn aon uasdátú nó forbairtí maidir le d’imeacht nó maidir le do thionscadal.

Chun teacht ar thuilleadh faisnéise nó moltaí faoi mheáin atá ann i do chomharsanacht féin, is féidir teagmháil a dhéanamh le d’Oifigeach Oidhreachta Údaráis Áitiúil.

Lógónna agus brandáil

Bealach tábhachtach chun d’imeacht a shainaithint mar chuid den tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta is ea d’imeacht nó do thionscadal a bhrandáil. Nuair a fheiceann na daoine i do phobal ár mbíseanna aitheantais bándearga taobh le do lógó féin, beidh a fhios acu gur féidir leo a bheith ag faire amach do d’imeacht nó do do thionscadal mar chuid d’ábhar poiblíochta na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta.

Soláthraíonn leathanach Acmhainní Brandáilte na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta leaganacha éagsúla dár lógó i mBéarla agus i nGaeilge agus is féidir iad a íoslódáil agus a chur le haon ábhair phoiblíochta amhail grianghraif, póstaeir nó bróisiúir.

Chomh maith leis sin, tairgeann an leathanach sin teimpléid le haghaidh preas-eisiúintí agus póstaer, grafaicí meán sóisialta, sleamhnáin ar féidir iad a chur le tús nó le deireadh físeán, teimpléad PowerPoint agus cúlraí le haghaidh cruinnithe ar líne. Ná bíodh leisce ort na comhaid sin a íoslódáil le linn d’imeacht nó do thionscadal a bheith á chur chun cinn agat.

Seimineár Gréasáin: Do thionscadal a chur in iúl

Chun teacht ar thuilleadh faisnéise faoin mbealach is fearr chun do thionscadal a chomhroinnt leis an domhan mór, is féidir leat breathnú ar cheann dár gcuid seimineár gréasáin a bhí ann sa bhliain 2021 agus ina gclúdaítear na hábhair thuas ar bhealach níos mionsonraithe. Tá seimineáir ghréasáin eile a bhaineann leis an tSeachtain Náisiúnta na Oidhreachta 2022 ar fáil anseo.