Hide Subscribe Panel

Polasaí maidir le Fianáin & Príobháideachas

Tá sé ríthábhachtach don Chomhairle Oidhreachta a bheith cáiréiseach le do chuid príobháideachais agus caithimid le haon fhaisnéis phearsanta bainteach leat mar fhaisnéis faoi rún dá réir.

1. Maidir le húsáideoirí an tsuímh ghréasáin seo, táimid tiomanta dá gcuid príobháideachais a chosaint. Tuigimid, mar úsáideoir an tsuímh ghréasáin seo, gur miste leat mura mbímid cúramach le slándáil agus le príobháideachas do chuid faisnéise.

Ráiteas príobháideachais ginearálta

2. Bailímid an fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn, mar shampla, trí fhoirmeacha ar líne nó trí ríomhphost.

3. Ní roinnfimid do chuid faisnéise pearsanta le tríú páirtithe choíche ach amháin de bhun chlásal 8 mura bhfaighimid cead uaitse roimh ré agus/nó go bhfuil iallach orainn é sin a dhéanamh de réir an dlí.

Síntiúis nuachtlitreach

4. Má chláraíonn tú le haghaidh ár nuachtlitreacha ríomhphoist, iarrfar ort d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a sholáthar, rud a úsáidimid chun nuachtlitreacha a sheoladh chugat.

5. Ní nochtfar aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’aon tríú páirtí ach amháin de bhun chlásal 8, mura bhfaighimid cead uaitse roimh ré agus/nó go bhfuil iallach orainn é sin a dhéanamh de réir an dlí.

6. Féadann tú díliostáil ónár nuachtlitir aon am is mian leat trí an nasc ‘díliostáil’ sa nuachtlitir féin nó trí ríomhphost a chur chugainn ag heritageweek@heritagecouncil.ie agus iarraidh orainn do sheoladh ríomhphoist a bhaint ón liosta seoltaí.

Do chuid faisnéise pearsanta a chosaint

7. Déanaimid ár ndícheall príobháideachas an úsáideora a chosaint trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht slándála cuí; déanaimid deimhin de go bhfuil bearta slándála fisiciúla agus teicneolaíochta cuí i bhfearas againn chun do chuid faisnéise a chosaint; agus cinntímid nuair a dhéanaimid aon phróiseas a sheachfhoinsiú go bhfuil na bearta slándála cuí curtha i bhfearas ag an soláthraí seirbhíse.8. Glacaimid gach beart réasúnach d’fhonn cosc a chur ar mí-úsáid a bhaint as nó athrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a thugann tú dúinn. Tá sé de dhualgas ar ghníomhairí nó ar chonraitheoirí na Comhairle Oidhreachta a bhfuil rochtain acu ar aon fhaisnéis ar thug tú dúinn í le linn seirbhísí a sholáthar dúinn an fhaisnéis sin a choinneáil faoi rún agus ní ceadmhach dóibh í a úsáid chun aon chríche seachas na seirbhísí a chur i gcrích atá á ndéanamh acu ar ár son.9. Tá naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig suímh ghréasáin nach bhfuil faoi cheannas ná á reáchtáil ag an gComhairle Oidhreachta. Níl an Chomhairle Oidhreachta freagrach as polasaithe príobháideachais suíomh gréasáin eile nach bhfuil faoina ceannas nó nach bhfuil á reáchtáil aici.

Tá sé de dhualgas ar ghníomhairí nó ar chonraitheoirí na Comhairle Oidhreachta a bhfuil rochtain acu ar aon fhaisnéis ar thug tú dúinn í le linn seirbhísí a sholáthar dúinn an fhaisnéis sin a choinneáil faoi rún agus ní ceadmhach dóibh í a úsáid chun aon chríche seachas na seirbhísí a chur i gcrích atá á ndéanamh acu ar ár son.9. Tá naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig suímh ghréasáin nach bhfuil faoi cheannas ná á reáchtáil ag an gComhairle Oidhreachta. Níl an Chomhairle Oidhreachta freagrach as polasaithe príobháideachais suíomh gréasáin eile nach bhfuil faoina ceannas nó nach bhfuil á reáchtáil aici.

Polasaí maidir le fianáin

10. Is éard is fianáin ann ná píosaí beaga téacs a stóráiltear ar do ríomhaire d’fhonn cabhrú le do bhrabhsálaí súil a choinneáil ar do ghluaiseachtaí ar ár suíomh, cuimhneamh ar shainroghanna a roghnaigh tú seans, d’fhonn tú a choinneáil logáilte isteach go dtí go logálann tú amach, srl. Úsáidtear go príomha iad chun sonraí margaíochta a bhailiú go hanaithnid, trí Google Analytics den chuid is mó.11. Is cabhair iad chun ár suíomh gréasáin a fheabhsú agus chun go leor de na feidhmeanna a oibriú a dhéanann do bhrabhsálaí níos éasca le húsáid. Trí leas a bhaint as an suíomh gréasáin seo, is ionann é sin agus cead a thabhairt fianáin a úsáid mar a rinneadh cur síos air.12. Ní bhailítear aon fhaisnéis gur féidir í a úsáid chun cuairteoirí chuig suíomh gréasáin a aithint.13. Seans go bhfuil fianáin díchumasaithe i do chuid socruithe brabhsálaí.

Cearta cosanta sonraí

14. Má tá faisnéis fút féin tugtha dúinn agus gur mhaith leat cóipeanna den fhaisnéis sin, nó más mian leat go gceartófaí aon mhíchruinneas fíorasach san fhaisnéis sin, nó más maith leat an fhaisnéis sin a scriosadh as ár dtaifid, cuir iarratas isteach i scríbhinn chuig heritageweek@heritagecouncil.ie le do thoil.

Toiliú

16. Trí rochtain a fháil ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil, aontaíonn tú go n-úsáidfimid an fhaisnéis seo mar atá leagtha amach sa pholasaí príobháideachais seo. Trí fhaisnéis phearsanta a thabhairt dúinn, tuigeann tú go hiomlán agus tugann tú cead follasach gur féidir í a úsáid mar atá leagtha amach sa pholasaí príobháideachais seo.Athruithe ar an bpolasaí príobháideachais17. Seans go ndéanfaidh an Chomhairle Oidhreachta an polasaí seo a nuashonrú ó am go ham. Is fútsa atá sé súil a choinneáil ar an leathanach seo le haghaidh aon athruithe.

Socruithe Fianáin a Bhainistiú