Hide Subscribe Panel

Ceisteanna A Churtear go Minic

Is é atá sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ná ceiliúradh naoi lá ar oidhreacht nádúrtha, fhoirgnithe agus chultúir na hÉireann. Is é is príomhaidhm don tseachtain feasacht faoinár n-oidhreacht a chur chun cinn agus, ar an dóigh sin, spreagadh a thabhairt i leith chaomhnú agus chosaint na hoidhreachta. Is cuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa ar tionscnamh comhpháirteach é de chuid na Comhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh.

Cad í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta?
Is é atá sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ná ceiliúradh naoi lá ar oidhreacht nádúrtha, fhoirgnithe agus chultúir na hÉireann. Is é is príomhaidhm don tseachtain feasacht faoinár n-oidhreacht a chur chun cinn agus, ar an dóigh sin, spreagadh a thabhairt i leith chaomhnú agus chosaint na hoidhreachta. Is cuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa ar tionscnamh comhpháirteach é de chuid na Comhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh.

Cé a eagraíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta?

Déanann an Chomhairle Oidhreachta an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta a chomhordú agus a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus glacann cuid mhór eagraíochtaí agus daoine aonair páirt sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta trí thionscadail agus imeachtaí a eagrú in áiteanna ar fud na tíre. Thosaigh an Chomhairle Oidhreachta ag comhordú na seachtaine sa bhliain 2005 agus, ó shin i leith, tá an tseachtain tar éis dul ó neart go neart agus eagraíodh os cionn 1000 anuraidh, idir imeachtaí agus tionscadail, agus comhroinneadh iad ar láithreán gréasáin na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.

An féidir le duine ar bith imeacht nó tionscadal a eagrú le haghaidh na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta?

Is féidir, is féidir le heagraíocht, duine aonair, gnó nó grúpa pobail ar bith imeacht nó tionscadal a eagrú le haghaidh na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Chun páirt a ghlacadh, ní mór d’eagraithe mionsonraí faoina n-imeacht nó faoina dtionscadal críochnaithe a uaslódáil chuig láithreán gréasáin na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.

Conas is féidir liom imeacht nó tionscadal a chlárú?

Is féidir leat clárú mar eagraí ar an leathanach dar teideal Tionscadal a Eagrú ar láithreán gréasáin na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ón gCéadaoin, an Dé Máirt 2ú Bealtaine 2023 amach.

Céard é an dáta deiridh chun imeacht nó tionscadal a uaslódáil le haghaidh na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta?

Is é an dáta deiridh chun imeachtaí nó tionscadail a uaslódáil chuig www.heritageweek.ie Dé Máirt, an 22ú Lúnasa

Cén cineál imeachtaí agus tionscadal atá oiriúnach lena n-eagrú?

Is féidir gach cineál imeachta agus tionscadail a eagrú. Is féidir le himeachtaí agus tionscadail a bheith bainteach le gach gné de réimse na hoidhreachta, lena n-áirítear foraoisí agus coillearnacha, fiadhúlra, geolaíocht, cúrsaí cósta agus muirí, lochanna & bogaigh, aibhneacha, tírdhreacha, gairdíní, oidhreacht tionscail, uiscebhealaí intíre, seandálaíocht, stair áitiúil, cúrsaí míleata, bailiúcháin stairiúla, spórt, scileanna traidisiúnta, cúrsaí iompair agus bailte múrtha.

De bhreis ar thaighde nua a fhorbairt, d’fhéadfadh imeachtaí agus tionscadail tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscadal oidhreachta a bhfuil tús curtha leis cheana féin ar leibhéal duine aonair, teaghlaigh nó pobail nó d’fhéadfaidís cur le tionscadal den sórt sin. D’fheadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis sin ná taighde atá déanta cheana féin ar shéadchomhartha, ar uiscebhealach nó ar scill nó ar thraidisiún sa phobal, agus teacht ar bhealaí nua chun méadú a dhéanamh ar an bhfeasacht faoin scil sin nó faoin traidisiún sin nó deis a thabhairt do ghrúpaí nó dhaoine i do phobal a mhothaíonn nach bhfuil siad á n-áireamh i réimse na hoidhreachta áitiúla.

Is ceart torthaí tionscadal digiteach a chur i láthair i bhformáid ar féidir í a chomhroinnt go forleathan, mar shampla, caint nó taispeántas ar líne; físeán; podchraoladh nó taifeadtaí faoi stair áitiúil; cur i láthair PowerPoint; nuachtlitir; láithreán gréasáin nó blag sainiúil; nó trí agallamh a dhéanamh le stáisiún raidió áitiúil nó le nuachtán áitiúil. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cuntas meán sóisialta de chineál sainiúil agus modhnaithe a chur san áireamh mar chuid d’aschur tionscadail.

Céard é téama na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta sa bhliain 2023?

I mbliana, táthat ag iarraidh ar eagraithe breithniú a dhéanamh ar an téama “oidhreacht beo” agus iad ag déanamh forbairt ar a dtionscadal nó imeacht. Chun tuilleadh faisnéis a fháil faoi na téamaí sin, tabhari cuairt ar an leathanach Tionscadal a Eagrú.

Conas is féidir le mo phobal tairbhiú ó imeacht nó tionscadal a eagrú le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta?

Tugann an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta deis chun daoine de chuid do phobail a thabhairt le chéile (lena n-áirítear ar bhealach fíorúil) chun scileanna nua a fhoghlaim, chun dul i dteagmháil le daoine/grúpaí nua agus chun bheith páirteach i réimse na hoidhreachta áitiúla. Cuireann an tseachtain deis iontach ar fáil do phobail chun an oidhreacht nádúrtha agus an oidhreacht chultúir atá ann ina gceantar a chur ar taispeáint, chun aird daoine nach bhfuil taithí acu ar réimse na hoidhreachta a tharraingt agus chun cuairteoirí a mhealladh agus próifíl fo bhaile nó do shráidbhaile a mhéadú.

Conas is féidir liom imeacht nó tionscadal oidhreachta a chur chun cinn laistigh de mo phobal?

Tá cuid mhór bealaí ann inar féidir leat d’imeacht nó do thionscadal oidhreachta a chur chun cinn laistigh de do phobal. Ina measc sin, airítear póstaeir, raidió áitiúil, nuachtáin áitiúla, meáin shóisialta agus an scéal a scaipeadh ó bhéal go béal. Beidh tacaíocht á chur ar fáil d’eagraithe ag an gComhairle Oidhreachta sa tréimhse roimh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun cabhrú leo breithniú a dhéanamh i dtaobh conas is fearr imeacht nó tionscadal a chur chun cinn. Chun faisnéis uasdátaithe faoi na tacaíochtaí sin a fháil, cláraigh chun nuachtlitir na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta a fháil.

An gcuirtear an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun cinn ar bhonn náisiúnta?

Cuirtear. Cuireann an Chomhairle Oidhreachta an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun cinn trí bhíthin feachtas náisiúnta fógraíochta, margaíochta agus Caidreamh Poiblí.

An féidir liom ticéid a chur in áirithe le haghaidh imeachta trí láithreán gréasáin na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta nó leis an teileafón?

Ní féidir, is iad eagraithe áitiúla na n-imeachtaí amháin a dhéanann bainistíocht ar gach rud a bhaineann le ticéadú. Téigh i dteagmháil leis an eagraí áitiúil chun ticéid a chur in airithe nó chun fiosruithe a dhéanamh.

Céard iad catagóirí Ghradaim Oidhreachta 2023?

Beidh mionsonraí iomlána faoi na Gradaim Oidhreachta á bhfógairt go gairid.

Is mise úinéir maoine oidhreachta a cháilíonn le haghaidh creidmheas cánach faoi Alt 482. An bhfuil sé de dhualgas orm an mhaoin a oscailt don phobal i rithe na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta sa bhliain 2023?

I gcomhréir leis an treoir ó na Coimisinéirí Ioncaim, mar chuid den cheanglas 40 lá i leith oscailt na maoine, ní mór rochtain a bheith ar fáil i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ar fad (sa mhéid go mbíonn sí ann laistigh den tréimhse ó 1 Bealtaine go 30 Meán Fómhair) i gcás ina dtabhaítear caiteachas cáilitheach i dtréimhse inmhuirearaithe áirithe. Ach, a mhéid a bhaineann le maoin den sórt seo, ní mór aird a thabhairt ar an treoir sláinte poiblí atá i bhfeidhm tráth na Seachtaine Oidhreachta agus a chinntiú go bhfuil aon ghníomhaíocht i gcomhréir leis an treoir sin.

An soláthraíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta maoiniúchán i bhfoirm deontais le haghaidh imeachtaí nó tionscadal?

Ní sholáthraíonn, ní mór maoiniúchán le haghaidh imeachtaí agus thionscadail na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta a lorg ó fhoinsí eile. Déan teagmháil le hOifigeach Oidhreachta an Údaráis Áitiúil má tá tuilleadh fiosruithe agat.

Conas a eagraím árachas le haghaidh imeachta?

Tá freagracht ar gach eagraí ar leith i ndáil lena chinntiú go bhfuil an leibhéal cuí árachais ann le haghaidh an imeachta atá i gceist. Déan teagmháil le d’arachóir chun a fháil amach cén leibhéal árachais atá at teastáil.

Cad is ceart dom a dhéanamh más rud é nach mór an t-imeacht i bpearsa a eagraím a chealú?

Más rud é nach mór imeacht i bpearsa a chealú, cinntigh go ndéanann tú do dhícheall an lucht féachana a bheadh ann a chur ar an eolas faoin gcealú ar gach modh is féidir. I gcás ina gcealaítear imeacht, ní mór d’eagraithe a ndícheall a dhéanamh an méid sin a chur in iúl ar bhonn áitiúil agus fógra ina gcuirtear leithscéal in iúl a chur in airde san ionad cruinnithe lena chinntiú nach mbíonn ar aon duine a thagann ar an láthair fanacht gan ghá.

Ina theannta sin, iarrtar ort fógra a thabhairt dúinne ag heritageweek@heritagecouncil.ie ionas gur féidir linn na taifid ar an láithreán gréasáin a uasdátú agus an cealú a chur in iúl ar bhonn náisiúnta más gá sin.

Cá háit a bhfaighidh mé tuilleadh faisnéise faoin tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta?

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, déan teagmháil leis an gComhairle Oidhreachta ag 056 7770777 nó ag heritageweek@heritagecouncil.ie.