Comhairle chun d’imeacht a eagrú
déan iniúchadh ar bailiúcháin seimineáir gréasáin na Comhairle Oidhreachta le noda faoi imeachtaí a eagrú.
Is í aidhm na seimineáir gréasáin seo ná na téamaí agus tú ag pleanáil d’imeacht nó tionscadal i 2023, féach siar ag na seimineár gréasáin a déanadh roimhe seochun eolas úsáideach agus ionspioráid a fháil. Cuirfear eolas praiticiúil ar fáil, tabharfar comhairle maidir le conas imeachtaí agus tionscadail oidhreachta digiteacha a fhorbairt agus beidh an deis ann foghlaim ó eagraithe Sheachtain na n-Oidhreachta eile.
Réamhrá de Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022
Bígí linn chun achoimre ar Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022 a fháil, lena n-áirítear eolas faoi na téamaí i mbliana (oidhreacht inbhuanaithe agus bithéagsúlacht), dátaí tábhachtacha agus cúpla leid ó eagraithe imeachtaí agus tionscadail Sheachtain na n-Oidhreachta faoi chonas imeachtaí le daoine i láthair agus tionscadail oidhreachta digiteacha a eagrú.Tá Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil.
Ag eagrú imeachtaí inbhuanaithe agus ionchuimsitheach
Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta fáilte ar ais a chur roimh fhilleadh imeachtaí le daoine i láthair. Labhrófar sa seimineár gréasáin seo faoi chonas imeachtaí atá inbhuanaithe agus ionchuimsitheach ó thaobh an chomhshaoil de a eagrú, ag baint úsáid as dea-chleachtas. Roinnfidh aoichainteoirí comhairle phraiticiúil bunaithe ar an taithí atá acu.Tá Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil.
Agus tú ag pleanáil d’imeacht nó tionscadal i 2022, féach siar ag na seimineár gréasáin a déanadh i 2021 chun eolas úsáideach agus ionspioráid a fháil.
Ag cur do thionscadal ar líne (2021)
Is féidir foghlaim faoi na modhanna agus na buntáistí a bhaineann le bheith ag roinnt oidhreacht dhigiteach.
Do thionscadal agus an chumarsáid (2021)
Is féidir foghlaim faoi chonas do thionscadal a roinnt go forleathan sna meáin shóisialta agus trí na meáin áitiúla.