Hide Subscribe Panel

Séanadh

Maidir leis ‘An gComhairle Oidhreachta’, níl seilbh acu, ná ní eagraíonn siad, ná ní oibríonn siad foireann nó ar aon bhealach eile, ní reáchtálann siad aon cheann de na himeachtaí liostaithe ar ár suíomh gréasáin nó sa treoirleabhar priontáilte Seachtain Oidhreachta nó ar aon mheán eile, mura luaitear a mhalairt.

Dá réir sin, tabhair faoi deara agus bí ar an eolas nach dtacaíonn, nach gcuireann sí chun cinn ná ní mholann ‘an Chomhairle Oidhreachta’ oiriúnacht nó sábháilteacht na n-imeachtaí atá liostaithe agus dá réir sin ní féidir léi agus ní ghlacann sí aon dliteanas ar bith d’aon timpiste, díobháil nó caillteanas a d’fhéadfadh tarlú nó a bheadh ceangailte le freastal ar aon cheann de na himeachtaí liostaithe.

Tá an t-eolas atá ar an suíomh gréasáin chun críche eolas ginearálta agus sin amháin. Tá an t-eolas curtha ar fáil ag ‘an gComhairle Oidhreachta’ agus cé go ndéanaimid dianiarracht an t-eolas a choimeád cothrom le dáta agus ceart, ní dhéanaimid aon ionadaíocht nó aon bharánta d’aon chineál, léirithe nó intuigthe, faoi iomláine, chruinneas, iontaofacht, oiriúnacht nó infhaighteacht maidir leis an suíomh gréasáin nó an t-eolas, na táirgí, na seirbhísí, nó grafaicí lena mbaineann atá ar an suíomh gréasáin le haghaidh aon chúis. Má leagann tú aon tuilleamaí ar eolas den sórt sin is faoi do dhianphriacal féin a bheidh sé. Ní bheimid faoi dhliteanas riamh as aon chaillteanas nó damáiste lena n-áirítear caillteanas nó damáiste gan teorainn, go hindíreach nó dá réir, nó aon chaillteanas nó damáiste ar bith a éiríonn as caillteanas sonraí nó brabúis a éiríonn as, nó ceangailte le, úsáid an tsuímh gréasáin seo.

Ar fud an tsuímh gréasáin seo is féidir leat nascadh le suíomhanna gréasáin eile nach bhfuil faoi smacht ag ‘an gComhairle Oidhreachta’. Níl aon smacht againn ar nádúr, ábhar ná infhaighteacht na suíomhanna sin. Má bhíonn aon nasc san áireamh ní chiallaíonn sé go bhfuil aon mholadh nó tacaíocht tugtha do dhearcthaí a léirítear ann. Tá gach iarracht déanta an suíomh gréasáin a choimeád ag feidhmiú faoi lánseol. Ní ghlacann ‘an Chomhairle Oidhreachta’ freagracht ar bith áfach, agus ní bheidh sí faoi dhliteanas mura bhfuil an suíomh gréasáin ar fáil mar gheall ar fhadhbanna teicniúla nach bhfuil neart againn air.

Tá an liostáil d’imeachtaí seo tiomsaithe chun críche eolas amháin agus bhí sé ceart ag am foilsithe. D’fhéadfadh na heagraithe gach eolas faoi imeachtaí a athrú agus tugtar comhairle duit dul i dteagmháil leis na heagraithe go díreach chun an t-eolas is fearr atá cothrom le dáta a fháil sula dtéann tú ag taistil. Ní féidir leis an gComhairle Oidhreachta a bheith freagrach as aon athrú ar an eolas atá liostaithe.