Hide Subscribe Panel

Téarmaí úsáide an tsuímh gréasáin seo

Dréachtaí

Ní mór gurb é d’obair bhunúsach féin na dréachtaí a chuirtear chuig an suíomh seo agus ní mór go mbeadh an ceart agat na ceadanna a dheonú thíos sula gcuirtear isteach do dhréacht. Trína chur leis an suíomh seo deonaíonn tú cead don Chomhairle Oidhreachta do dhréacht a atáirgeadh, a úsáid, a mhionathrú, a stóráil, a chur in oiriúint agus a roinnt i gcibé foirm, saor in aisce, ach aitheantas a thabhairt don ábhar.

Más rud é go bhfuil aon duine aitheanta i do dhréacht, ní mór duit cead a fháil, i scríbhinn, roimh an dréacht a chur isteach chuig an suíomh gréasáin. Más rud é go bhfuil aon duine aitheanta faoi aois a 16, beidh toiliú tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil ag teastáil, i scríbhinn, sula gcuirtear isteach an dréacht.

Nuair a chuireann tú dréacht isteach meas do shábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile le do thoil. Ní mór duit gan sonraí teagmhála duine eile nó eolas pearsanta eile a roinnt. Más rud é go bhfuil tú faoi 16 agus gur mhaith leat dréacht a chur isteach chuig an suíomh, ní mór duit cead do thuismitheora nó do chaomhnóra dhlíthiúil a fháil gach uair a dhéanann tú sin agus ní mór duit an dréacht a thaispeáint dóibh chun a gcead a fháil.

Aontaíonn tú gan:

  1. An suíomh gréasáin a úsáid d’aon rud neamhdhleathach
  2. Aon ábhar gáirsiúil, anásta, ciaptha, clúmhillteach, idirdhealaitheach nó colúil a chur isteach
  3. Aon rud a dhéanamh a sháródh cearta daoine eile, lena n-áirítear aon chearta faoi chóipchearta.
  4. Cur isteach ar dhuine eile atá ag baint sult as nó úsáid as an suíomh gréasáin
  5. Aon rud a dhéanamh a sháródh cearta daoine eile, lena n-áirítear aon chearta faoi chóipchearta.

Sárú ar Théarmaí Úsáide

Más rud é go sáraíonn tú aon cheann de na Téarmaí Úsáide d’fhéadfadh sé go ndéanfaí eagarthóireacht ar do dhréacht(anna) nó go mbainfí ar fad den suíomh é agus d’fhéadfaimid diúltú d’aon dréacht uait amach anseo. Aontaíonn tú go bhfuil tú go hiomlán freagrach as aon chaillteanas, costas, éileamh nó costais, lena n-áirítear táillí dlí, a éiríonn as do shárú ar na Téarmaí Úsáide nó ár bPolasaí Príobháideachais.

Dliteanas Teoranta

Cé go ndéanann eagarthóirí an tsuímh seo gach iarracht an t-eolas ar an suíomh seo a choimeád cruinn, tagann formhór an eolais ón bpobal i gcoiteann. Séanaimid mar sin aon bharánta nó ionadaíocht, léirithe nó intuigthe faoina chruinneas, iomláine nó oiriúnacht le haghaidh tosca ar leith.Aontaíonn tú freagracht iomlán a ghlacadh an t-eolas ar an suíomh seo a úsáid, agus tuigeann tú agus aontaíonn tú nach bhfuil eagarthóirí ar an suíomh freagrach nó faoi dhliteanas as aon éileamh, caillteanas nó damáiste a bheidh mar thoradh ar an úsáid sin.Baineann naisc chuig suíomhanna gréasáin sheachtracha leis an suíomh. Ní ghlacaimid aon dliteanas faoi ábhar, taibhiú, míchruinneas, príobháideachas nó infhaighteacht de shuíomhanna seachtracha. Ní léiríonn dearcthaí a léiríodh ar shuíomhanna gréasáin sheachtracha agus ar aon seirbhís líonraithe shóisialta dearcthaí nó moladh ón suíomh gréasáin seo.