Hide Subscribe Panel

Eolas

Agus é ina thogra de chuid na Comhairle Oidhreachta, is ceiliúradh é an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta d’oidhreacht de gach aon sórt. Tugann sé pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, institiúidí cultúrtha, lucht acadúil agus daoine le dúil acu sa oidhreacht le chéile chun cur leis an tuiscint atá ag an bpobal faoin bhfiúntas a bhaineann le hoidhreacht chomh maith le tacú leis na hiarrachtaí chun í a chaomhnú.

Ghlac an Chomhairle Oidhreachta leis an ról mar chomhordaitheoir na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil sa bhliain 2005. Ó shin i leith tá an tseachtain tar éis éirí ina chlár an-rathúil, agus anuraidh eagraíodh níos mó ná 1000 imeacht agus tionscadal oidhreachta agus roinneadh iad ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.

Tugann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tacaíocht do Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta agus reáchtáiltear í i gcomhar le Fáilte Éireann. Ag leibhéal an chontae, déanann Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil, a gcomhghleacaithe agus go leor grúpaí agus eagraíochtaí oidhreachta áitiúla an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta a chomhordú agus a thacú. I measc na gcomhpháirtithe comhoibríocha tá Oifig na nOibreacha Poiblí; Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil; agus Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann. I measc na gcomhpháirtithe tacaíochta tá RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona agus The Irish Times.

Is í an Chomhairle Oidhreachta a chomhordaíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta mar chuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa – comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh ina mbíonn breis is 50 tír rannpháirteach gach bliain.

Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023

Cúis ceiliúrtha dúinn go bhfuil imeachtaí ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta ar ais go hiomlán i mbliana chomh maith le tionscadail oidhreachta dhigiteacha a mheall an oiread sin daoine nua chun freastail ar Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta le dhá bhliain anuas. Tabharfaidh an Chomhairle Oidhreachta cuireadh do dhaoine aonair, do phobail agus d’eagraíochtaí imeachtaí ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta agus tionscadail dhigiteacha a fhorbairt do Sheachtain na hOidhreachta. Tugann téama na mbliana seo spreagadh duit na tradisiúin agus cleachtais, and eolas agus na scileanna a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile a fhiosrú.

Is iomaí rogha atá ann ó thaobh imeachtaí ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta a chur ar siúl agus ba mhaith linn lucht eagraithe a spreagadh chun dul i mbun imeachtaí a eagrú leis an fonn céanna is a léirigh ní i bhfad ó shin. Caith súil ar ár leathanach Acmhainní le haghaidh 100 smaoineamh maidir le hImeachtaí nó cum smaointe as do stuaim féin.

Tá an-tóir ar thionscadail dhigiteacha le dhá bhliain anuas, agus tá gné nua ag Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta mar thoradh orthu agus táimid ag súil le leanúint ar aghaidh le seo in 2022. Ba cheart torthaí a eascraíonn ó thionscadail dhigiteacha a chur ar fáil i bhformáid ar féidir é a roinnt go forleathan, mar shampla caint nó taispeántas ar líne; físeán; podchraoltaí nó taifeadtaí staire béil; cur i láthair PowerPoint, nuachtlitir, suíomh gréasáin tiomnaithe nó blag; nó trí agallamh le stáisiún raidió nó i nuachtán áitiúil. D’fhéadfadh cuntas meán sóisialta tiomnaithe, modhnaithe a bheith mar chuid d’aschuir an tionscadail.

Le cois taighde nua a fhorbairt, d’fhéadfadh lucht eagraithe athshúil a thabhairt nó forbairt a dhéanamh ar obair oidhreachta atá tosaithe cheana féin ag leibhéal an duine aonair, an teaghlaigh nó ag leibhéal an phobail. D’fhéadfadh ardán a thabhairt do thaighde atá déanta cheana féin a bheith i gceist le seo, bíodh sé sin taighde ar shéadchomhartha, ar uiscebhealach, nó ar scil nó ar thraidisiún i measc an phobail, chomh maith le teacht ar bhealaí nua chun níos mó daoine a chur ar an eolas faoi na nithe seo, grúpaí nó daoine aonair i do phobal san áireamh a bhraitheann seans nach bhfuil baint acu le hoidhreacht na háite.

Tabharfar poiblíocht ar shuíomh gréasáin Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta do gach imeacht agus tionscadal a chomhlíonann cuspóirí Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta i slí fhiúntach. Le fáil amach conas do thionscadal a chlárú, cliceáil anseo.