Hide Subscribe Panel

Ainmnithe Ghradaim na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta

Tá gliondar croí ar an gComhairle Oidhreachta na hainmnithe a fhógairt do Ghradaim na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta 2023. Déanann na hainmnithe, as an réimse fairsing imeachtaí agus tionscadal don tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023, gach limistéar den oidhreacht a fhiosrú i measc sé chatagóir.

Fógrófar na buaiteoirí ag an searmanas an 20 Deireadh Fómhair 2023 a bheidh ar fáil lena shruthú go beo ag heritageweek.ie.

An Oidhreacht Bheo



Aithníonn an Gradam Oidhreachta Beo imeachtaí agus tionscadail ar éirigh leo léirthuiscint níos fearr a spreagadh ar ghné dár nOidhreacht Bheo - ceardaíocht, scileanna agus cleachtais thraidisiúnta. Tá triúr ainmnithe i gcatagóir na hOidhreachta Beo.


Is iad ainmnithe na bliana seo:


Oidhreacht Bheo an Mhachaire (The Living Heritage of Maharees) le Cumann Caomhnaithe an Mhachaire CLG (Contae Chiarraí)


Tobar Naomh Breacán, Breacánach (St. Brochan’s Well, Bracknagh) le Cumann Oidhreachta Bhreacánaí (Contae Uíbh Fhailí)


Taiscí inár bPortaigh (Treasures in Our Bogs) le Grúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall (Contae Dhún na nGall)

An Oidhreacht Ionchuimsitheach


Bronntar an Gradam Oidhreachta Ionchuimsithí ar an imeacht a rinne iarracht speisialta an oidhreacht a roinnt le gach duine sa phobal, iad siúd ina measc nach bhfuil cur amach ar an oidhreacht acu; iad siúd nach as an gceantar dóibh; iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu agus a spreagann gníomhaíocht idirghlúine.


Is iad ainmnithe na bliana seo:


Dúchas Beo le hIonad Oidhreachta Knights and Conquests (Contae an Longfoirt)


An Taispeántas "Seeing Without Sight"i Músaem Hunt (Cathair Luimnigh)


An Turas Tearmann Dúlra agus Oidhreachta (Sanctuary in Nature & Heritage Excursion) ag Páirc an Fhionnuisce le Sanctuary in Nature agus Comhpháirtíocht na Mí (Cathair Bhaile Átha Cliath)

Gradam an Linbh Fhiáin



Bronntar Gradam an Linbh Fhiáin, atá urraithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ar an imeacht nó an tionscadal ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach faoin aer chun gur féidir leo taitneamh a bhaint as an oidhreacht agus as an mbithéagsúlacht ina gceantar áitiúil agus iad a fhiosrú; a chaitheann súil eile ar an domhan timpeall orthu; a chuireann áilleacht éagsúil an tírdhreacha ina gceantar ar aird.


Is iad ainmnithe na bliana seo:


Féile Oidhreachta Abhainn na Brosnaí
le Bailte Slachtmhara Bhéal Átha Chomair


Ceardlann Bhithéagsúlachta, Ealaíne agus Cheardaíochta
leis an ealaíontóir Maria Hitchcox le Caisleán Bhaile Átha an Rí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí


Bí i do Bhitheolaí Muirí ar feadh Lae leis an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna

Oidhreacht Uisce


Tá an Gradam Oidhreachta Uisce á urrú go caoin ag Clár Uisce an Údaráis Áitiúil. Aithníonn an Gradam Oidhreachta Uisce seo an t-imeacht nó an tionscadal is fearr a d’fhiosraigh conas a mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó an fharraige oidhreacht cheantair áitiúil nó a dhéanann ceiliúradh ar an uisce mar chuid lárnach dár n-oidhreacht nádúrtha, agus mar chuid ríthábhachtach dár dtodhchaí, nó a dhéanann machnamh ar na rudaí eile is féidir linn a dhéanamh leis an acmhainn luachmhar seo a chaomhnú.


Is iad na hainmnithe:


Fiosraigh Beatha Abhann Chluain Cearbán (Explore Louisburgh's River Life) le Gníomhú ar son na hAeráide Cheantar Áitiúil Chluain Cearbán (Contae Mhaigh Eo)


Ceardlann Oidhreachta Abhann Chúil Dabhcha le hIontaobhas Aibhneacha Inis Eoghain/ Gníomhaireacht na Lochanna (Contae Dhún na nGall)


An bheatha faoi na tonnta (Life beneath the Waves) le hEispéireas Bhá Thrá Lí (Tralee Bay Experience), an Fhianait (Contae Chiarraí)

Gradam Gaeilge


Bronntar an Gradam Gaeilge ar an imeacht nó an tionscadal a thit amach trí Ghaeilge agus/nó a spreag gníomhaíocht nó rannpháirtíocht i nGaeilge.


Is iad ainmnithe na bliana seo:


Cnuasach Leabhar Sheáin Mhic Aoidh le Áras Sheáin Bhain (Contae Dhún na nGall)


Féile Saibhreas na Síoraíochta
le Togra Fiontair agus Cultúir Uladh CTR (Contae Dhún na nGall)

Gradam Inbhuanaitheachta


Bronntar an Gradam Inbhuanaitheachta ar an imeacht nó an tionscadal a rinne iarracht cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh lenár lorg carbóin a laghdú agus tionchar a imirt ar an domhan nádúrtha NÓ ar imeacht a chuir oideachas ar fáil ar thionchar an athraithe aeráide agus ar chleachtas maith inbhuanaitheachta.


Is iad ainmnithe na bliana seo:


Siúlóid Choillearnaí agus Bhithéagsúlachta le Caisleán Altidore (Contae Chill Mhantáin)


Sráid-Dreach Uaschúrsáilte le hIonad Ealaíon an Aonaigh (Contae Thiobraid Árann)


Meitheal Oibre SPAB Éireann 2023 le SPAB Éireann (Contae an Chabháin)