Hide Subscribe Panel

Polasaí maidir le hImeachtaí agus Tionscadail

Ní mór do na heagraithe uilig tacú le cuspóirí sonraithe Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Ní mór do gach imeacht agus tionscadal na nithe seo a leanas a léiriú:

  • Luach oidhreachta: Ní mór d'imeachtaí agus do thionscadail gné shonrach amháin ar a laghad den oidhreacht nádúrtha, chultúrtha nó thógtha a chur chun cinn go soiléir.
  • Luach feasachta/oideachais: Ní mór d'imeachtaí agus do thionscadail ardú feasachta nó luach oideachasúil soiléir a bheith acu, rud a chuideoidh le daoine dul i ngleic lenár n-oidhreacht nó tuilleadh eolais a fháil faoinár n-oidhreacht.
  • Cumas léirmhínithe: Ba chóir go mbeadh imeachtaí agus tionscadail chomórtha bunaithe ar fhíric agus dearcadh cothrom nó an dá thaobh a chur i láthair (agus níl cead dochar a dhéanamh do dhaoine eile).

Ba chóir go gcomhlíonfadh imeachtaí agus tionscadail ar tugadh fúthu mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2024 ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas:

  • Naisc, Bealaí agus Líonraí a chur chun cinn: Tugann muid cuireadh don lucht eagraithe smaoineamh ar an gcaoi a nascann muid lena chéile. D'fhéadfadh sé seo a bheith trí naisc fhisiciúla ar nós bealaí, bóithre, iarnróid, naisc uisce lena n-áirítear bealaí nua agus seanbhealaí, bóithríní srl. Chomh maith leis sin, tá na naisc atá againn trí theanga, traidisiúin agus cleachtais thraidisiúnta agus go leor eile. Féach ár rannóg Nuachta le haghaidh níos mó smaointe.
  • Rannpháirtíocht an phobail a uasmhéadú: Téigh i dteagmháil leis an líon is mó daoine i do phobal agus bí páirteach leo. Spreag iad chun a gcuimhní cinn agus a n-eolas a roinnt.
  • Bí ionchuimsitheach: Tabhair na glúnta éagsúla i do phobal le chéile – an féidir le duine aosta scil a roinnt le duine níos óige; an féidir le duine níos óige scéal ó sheanduine a thaifeadadh? Tabhair cuireadh do bhaill nua de do phobal páirt a ghlacadh. Cuir d'imeacht nó do thionscadal ar fáil do chách.
  • Roinn d'imeacht nó do thionscadal le daoine eile: Bíodh plean soiléir agat chun feasacht ar d'imeacht nó do thionscadal a mhéadú, ag leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
  • Cuir le himeacht nó le tionscadal oidhreachta atá ann cheana féin nó déan iarracht é a fheabhsú: Má tá d'imeacht nó do smaoineamh tionscadail bunaithe ar obair atá déanta cheana féin (m.sh. tionscadal oidhreachta a raibh tú ag plé leis thar thréimhse níos faide), smaoinigh ar conas is féidir leat tógáil ar an obair seo do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana. Thiocfadh leat d’imeacht nó tionscadal a chur ar fáil do dhaoine nua.
  • Cuir le hacmhainní / líonraí atá ann cheana féin: Smaoinigh ar leas a bhaint as acmhainní nó saineolas eagraíochtaí nó líonraí ábhartha chun cur le do thionscadal, mar shampla Líonra Stair Bhéil na hÉireann, BirdWatch Ireland, Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann, nó Taisce Cheol Dúchais Éireann.


Is ceiliúradh ar ár n-oidhreacht í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Ní ceart do lucht eagraithe leas a bhaint as tionscadail a reáchtáiltear faoi scáth Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta chun cuspóirí tráchtála d’aon eagraíocht nó comhlacht a chur chun cinn.

Ba cheart gur féidir imeacht a thugtar poiblíocht dó trí Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta a idirdhealú ó imeachtaí a dhéantar a phoibliú ó cheann ceann na bliana. Ba cheart d’imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta a bheith saor in aisce. I gcásanna eisceachtúla nuair nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart go mbeidís bunaithe ar shíntiúis dheonacha, nó curtha ar siúl ar chostas laghdaithe, nó deis neamhchoitianta a thabhairt do dhreamanna baint a bheith acu le heispéireas nach mbeadh teacht acu air de ghnáth.

Forcoimeádann an Chomhairle Oidhreachta an ceart aici féin gan tionscadail nach gcomhlíonann cuspóirí Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta a liostú ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta.Má tá aon cheist agat faoin bpolasaí seo téigh i dteagmháil le do thoil le heritageweek@heritagecouncil.ie.