Hide Subscribe Panel

Déanann Gradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta de chuid na Comhairle Oidhreachta ceiliúradh ar na tionscadail agus na himeachtaí is spéisiúla a eagraíonn eagraithe imeachta na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.

Tugann an Chomhairle Oidhreachta na himeachtaí is fearr le chéile gach bliain ón tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair a dhéanann pobail agus eagraíochtaí le himeachtaí a chruthú don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta.

Tugaimid cuireadh duit cabhrú linn na daoine siúd a thabhairt chun solais a chuireann le béim a leagan ar ár n-oidhreacht, ar na daoine a chabhraíonn leis na glúnta amach anseo a mhúnlú agus a spreagadh a bheith ina gcoimeádaithe ar ár n-oidhreacht.

Catagóirí na Gradaim Náisiúnta 2024

An Gradam Ceangail, Bealaí, agus Líonraí

Bronntar an Gradam Ceangail, Bealaí agus Líonraí ar imeacht a rinne iarracht speisialta téama 2024 na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta – Ceangail, Bealaí agus Líonraí, a chur san áireamh.

Gradam Imeacht na Leanaí Fiáine

Bronntar Gradam Imeacht na Leanaí Fiáine ar imeacht a thit amach ar Lá na Leanaí Fiáine, an 24 Lúnasa 2024, ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach faoin aer agus an oidhreacht agus an bhithéagsúlacht nádúrtha ina gceantar áitiúil a fhiosrú.

Gradam an Lae Oidhreachta Uisce

I gcomhar le Clár Uiscí an Údaráis Áitiúil

Bronntar an Gradam Oidhreachta Uisce ar imeacht ar an Lá Oidhreachta Uisce, a cuireadh ar siúl an 25 Lúnasa 2024. I measc na n-imeachtaí a ndéantar breithniú orthu, tá iad siúd a d’fhiosraigh conas a mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó an fharraige oidhreacht cheantair áitiúil nó conas a rinne siad ceiliúradh ar an uisce mar chuid lárnach dár n-oidhreacht nádúrtha.

An Gradam Oidhreachta Ionchuimsithí

Bronntar an Gradam Oidhreachta Ionchuimsithí ar imeacht nó ar thionscadal a rinne iarracht speisialta an oidhreacht a roinnt le gach duine sa phobal, iad siúd ina measc:

  • nach bhfuil cur amach ar an oidhreacht acu
  • iad siúd nach as an gceantar dóibh
  • iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu
  • iad siúd in aoischatagóirí éagsúla

An Gradam Gaeilge

Bronntar an Gradam Gaeilge ar imeacht a thit amach trí Ghaeilge agus/nó a spreag gníomhaíocht nó rannpháirtíocht i nGaeilge.

An Gradam Inbhuanaitheachta agus Aeráide

Bronntar an Gradam Oidhreachta Inbhuanaitheachta agus Aeráide ar imeacht a rinne iarracht cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh lenár lorg carbóin agus ár dtionchar ar an domhan nádúrtha a laghdú

Nó ar imeacht a chuir oideachas ar fáil ar thionchar an athraithe aeráide agus ar chleachtais mhaithe inbhuanaitheachta.

An Gradam Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe - Gradam Mhichíl Uí Mhuircheartaigh

Bronntar an Gradam Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe ar imeacht nó ar thionscadal ar éirigh leis tuiscint níos fearr a spreagadh ar ghné dár n-oidhreacht chultúir dholáimhsithe - ceardaíocht, scileanna, nósanna agus cleachtais.

An Gradam Laoch Oidhreachta

Bronnann an Chomhairle Oidhreachta an Gradam Laoch Oidhreachta ar dhuine nó ar eagraíocht a léirigh gur chuir siad go mór leis an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn thar tréimhse fhada ama. Bunaítear an gradam seo ar ainmniúcháin ón bpobal.

Dáta Deiridh

Is é an dáta deiridh d’iontrálacha an 24 Meán Fómhair 2024.

Searmanas Bronnta Gradam

Beidh an searmanas bronnta gradam ar siúl i Samhain 2024