Lá Oidhreachta Uisce
Beidh Lá Oidhreachta Uisce ar siúl ar an nDomhnach, 21ú Lúnasa mar chomhoibriú idir an Chomhairle Oidhreachta agus Clár Uisce na nÚdarás Áitiúil. Mar náisiún oileánda, bhí an-tionchar ag an bhfarraige agus ag na haibhneacha, lochanna agus bogaigh iontacha Éireannacha ar ár stair agus ár n-oidhreacht. Díreoidh Lá Oidhreachta Uisce aird ar thionscadail a ndéanann ceiliúradh ar uisce agus ár nascanna leis.