Hide Subscribe Panel

Eagraigh Imeacht nó Tionscadal

Tugann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachts cuireadh duit iniúchadh a dhéanamh ar na tradisiúin agus na cleachtaí, eolais agus scileanna a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile a fhiosrú.

Tugann an Chomhairle Oidhreachta fáilte roimh daoine aonar, pobail agus eagraí imeachtaí beo agus/nó tionscadal digiteach.

Agus caitheamh ina ndiaidh ar dhaoine dá n-éagmais, tá imeachtaí ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta ar ais i mbliana, mar aon le spéis ollmhór i dtionscadail oidhreachta dhigiteacha, agus dá bhrí seo tá an Chomhairle Oidhreachta ag tabhairt cuiridh do dhaoine aonair, do phobail agus d’eagraíochtaí chun imeachtaí a fhorbairt ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta chomh maith le tionscadail dhigiteacha mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta.

Oidhreacht Beo

Tá failte roimh lucht eagraithe machnamh a dhéanamh ar an chaoi agus is feidir linn ár oidhreacht beo saibhre a caomhnú. Tá na cleachtaí, caitheamh aimsire agus scileanna a leanann ar aghaidh ó ghluain amháin go dtí an chéad ghluain eile. Conas is feidir linn tar le chéile leis na scileanna agus tradisiúin ón am atá thart agus iad a cuir ar aghaidh go dtí an chéad ghluain eile.

Caith súil ar ár rannóg nuachta le haghaidh roinnt smaointe maidir faoi gach ceann de na ceannteidil seo.

Má tá imeacht á eagrú agat ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta, déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas: Cén sprioc atá ag an imeacht, sé sin, cén ceacht nó eispéireas go mba mhaith leat a thabhairt do do lucht féachana? Cé chomh mór agus a chaithfidh an lucht féachana a bheith chun an t-éispéireas is fearr a chinntiú do gach éinne a fhreastalaíonn air? An bhfuil d’imeacht inbhuanaithe – an bhfuil na hábhair a úsáideann tú neamhdhíobhálach don chomhshaol, an bhfuil tú ag fáil an oiread agus is féidir ó do cheantar féin, conas a théann daoine ann? An bhfuil cuma fháiltiúil ar d’imeacht do dhaoine ó chúlraí éagsúla, iadsan nach bhfuil mórán taithí acu ar an oidhreacht agus iadsan a tháinig chun cónaithe i do cheantar le déanaí? Le haghaidh tuilleadh eolais ar conas imeachtaí a éireoidh go geal leo a eagrú, tabhair cuairt ar ár rannóg nuachta le do thoil.

Má tá tionscadal digiteach á chruthú agat, ba chóir torthaí do thionscadail a chur i láthair i bhformáid is féidir a roinnt go forleathan, mar shampla caint nó taispeántas ar líne; físeán; podchraoladh nó taifeadadh staire béil; cur i láthair PowerPoint nó blag; trí nuachtlitir do phobail nó d’eagraíochta; trí agallamh le stáisiún raidió áitiúil nó i nuachtán; nó trí shuíomh gréasáin tiomnaithe nó cuntas meán sóisialta. Tabhair cuairt ar ár Leathanaigh acmhainne le haghaidh nodanna agus cleasanna maidir le tionscadail dhigiteacha.

Ó thaobh imeachtaí agus tionscadail de, d’fhéadfadh rud nua a fhorbairt a bheith i gceist, nó athshúil a thabhairt ar thionscadal oidhreachta nó ar thaighde ar ghné dár n-oidhreacht ar ar oibrigh tú cheana.

Dá mba mhaith leat páirt a ghlacadh mar eagraí, seo chugat treoir maidir le conas é sin a dhéanamh!

1. Clárú mar eagraí
Cliceáil anseo chun cuntas eagraithe a chruthú agus logáil isteach i dTairseach na nEagraithe. Tar éis logáil isteach duit, is féidir insint dúinn faoi d’imeacht nó tionscadal.

Má eagraigh tú tionscadal do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023, beidh do shonraí sínigh isteach ó anuraidh fós bailí

2. Cuir isteach d’imeacht nó tionscadal
Nuair atá tú cláraithe mar eagraí beidh tú in ann d’imeacht nó do thionscadal críochnaithe a chur isteach tríd an bhfoirm iontrála i dTairseach na nEagraithe. Ba cheart tionscadail agus imeachtaí a chur isteach chuig suíomh gréasáin Sheachtain na hOidhreachta roimh thús Sheachtain na hOidhreachta. Tá go dtí Dé Máirt, 23ú Lúnasa ag tionscadail a críochnaíodh le linn Sheachtain na hOidhreachta Náisiúnta a gcuid aschuir tionscadail a chur isteach. Dá mba mhaith leat go ndéanfaidh an tOifigeach Oidhreacha ó d’Údarás Áitiúil fógraíocht ar d’imeacht ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta, is é an spriocdháta chun do chuid eolais a chur isteach ná Dé Céadaoin, 6ú Iúil.

Sula gcuireann tú do thionscadal isteach, leigh agus dean machnamh ar ár bpolasaí tionscadal le do thoil.

3. Bain Súp as Seachtain na hOIdhreachta!
Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ó Dé Sathairn 12ú Lúnasa – Dé Domhnaigh, 20ú Lúnasa. Bíodh spraoi agat agus tú i mbun oidhreacht na hÉireann a bhlaiseadh agus déan cinnte na rudaí a fhoghlaimíonn tú a roinnt!