Leis na Gradaim Oidhreachta Náisiúnta, tugtar ómós do na heagraithe sin a chruthaigh na himeachtaí agus na tionscadail is tarraingtí agus is spreagúla a bhí ann le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022, chomh maith le laoch Oidhreachta na hÉireann. I mbliana, i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, rinneadh ceiliúradh ar thabhairt ar ais imeachtaí pearsanta agus ag an am céanna leanadh ar aghaidh le tionscadail dhigiteacha a thaispeáint, a raibh an-tóir orthu le dhá bhliain anuas. Reáchtáladh níos mó ná 1,800 imeacht agus tionscadal ar fud na tíre le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mí Lúnasa, agus d’fhreagair pobail agus daoine aonair araon an cuireadh a thug an Chomhairle Oidhreachta chun iniúchadh a dhéanamh ar théamaí na bliana seo, is é sin an oidhreacht inbhuanaithe agus an bhithéagsúlacht.
Spreagadh iontrálaithe cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáid freisin chun inbhuanaitheacht na n-imeachtaí a chinntiú agus chun an oidhreacht a roinnt le gach éinne sa phobal, agus iad siúd nach bhfuil oidhreacht nua acu, iad siúd nach bhfuil fréamhacha áitiúla acu nó iad siúd a bhfuil riachtanais rochtana breise acu.
Duais an Laocha Oidhreachta
Teddy Fennelly ó Phort Laoise, Co Laoise: Tá Teddy Fennelly ina abhcóide agus ina dhíograiseoir don stair áitiúil agus don oidhreacht áitiúil i Laois le breis is 50 bliain. Tá gradam an Laocha Oidhreachta, 2022 bronnta air as an méid iontach oibre atá déanta aige chun an oidhreacht a chaomhnú agus a chur chun cinn i rith na tréimhse sin. Bhí ról ríthábhachtach aige lena chinntiú go gcuimhneofar scéal an Choirnéil James Fitzmaurice agus an chéad eitilt thrasatlantach Thoir-Thiar a tharla i mí Aibreáin 1928 agus is é a leabhar “Fitz and the Famous Flight” an saothar cinniúnach ar an ábhar. Tá tuilleadh sonraí ar an méid atá curtha leis an oidhreacht ag Teddy Fennelly le fáil sna Nótaí d’Eagarthóirí, thíos.
An Dámhachtain um an Oidhreacht Inbhuanaithe
Grúpa Athghiniúna Bhéal Átha Seanaidh, Co Dhún na nGall: Bhí sé mar aidhm ag an imeacht ‘Baile Stairiúil Bhéal Átha Seanaidh, an Comhrá agus an Caomhnú’ le Grúpa Athghiniúna Bhéal Átha Seanaidh beatha nua a thabhairt isteach sa bhaile, trí roinnt de na foirgnimh stairiúla a athúsáid. Bhí siúlóid agus caint mar chuid den imeacht, le scéalta agus plé ar fhoirgnimh a bhí sé beartaithe iad a chaomhnú.
Duais na Bithéagsúlachta
Cairde Éanlaith Éireann i gcomhar le Grúpa Ialtóga Chill Dara agus Oifig Oidhreachta Laoise, Co. Laoise: D’eagraigh Craobh Uíbh Fhailí d’Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, Cairde Éanlaith Éireann agus Grúpa Ialtóga Chill Dara ‘Bats about Rooks’, siúlóid do dhaoine ar gach aois a chuaigh trí Pháirc an Phobail i bPort Laoise chun iad a chur ar an eolas faoi bheatha éan agus ialtóga. I measc na gcainteoirí bhí an t-éaneolaí Ricky Whelan, a labhair faoin ngarrán préachán atá ag an Dún, in aice láimhe, an fara is mó i gCo. Laoise. Lean an tsiúlóid ar aghaidh cois Abhainn na Triogóide, agus Anna Collins ó Ghúpa Ialtóga Chill Dara ag caint faoi ialtóga.
Dámhachtain um Imeacht Inbhuanaithe agus Uilechuimsitheach
Siopa Carthanachta Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann i Leitir Ceanainn in éineacht le Músaem Chontae Dhún na nGall, Co Dhún na nGall: Taispeántas idirghníomhach ab ea an ‘Selling the Past Exhibition’ d’earraí a bronnadh ar Shiopa Carthanachta Cathaoireacha Rothaí na hÉireann i Leitir Ceanainn, agus naisc acu go léir le stair Dhún na nGall. Tugadh cuireadh do dhaoine féachaint timpeall sa siopa chun earraí a aimsiú le clibeanna ar a bhfuil eolas stairiúil faoi Dhún na nGall, mar shampla an t-éadach bróidnithe lena gceanglaítear an té a aimsíonn é le tionsclaíocht fuála agus lásaithe teachín cáiliúil an chontae, agus cathaoir cois tine a bhfuil mar spreagadh aige sean-nós an airneáin.
Dámhachtain Wild Child (arna urrú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige)
Myshall Nature, Co Cheatharlach: D’óstáil Myshall Nature ‘Lá Bithéagsúlachta Phobal Myshall don Teaghlach’ chun an bhithéagsúlacht shaibhir atá le fáil i spásanna gairdíní áitiúla a cheiliúradh. Bhí an t-imeacht dírithe ar rannpháirtíocht na dteaghlach agus ar úsáid á baint as cur chuige de réir ‘tochail píosa beag, plandáil píosa beag agus spraoi píosa beag’. I measc na ngníomhaíochtaí a bhí ann, bhí an phlandáil ceapaí bláthanna bithéagsúlachta, friothálacha éan ceardaíochta, tóraíocht taisce crann agus oidhreachta, agus picnic.
Dámhachtain Oidhreachta Uisce (arna urrú ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil — LAWPRO)
StreamScapes, Co Chorcaí: D’eagraigh StreamScapes ‘Seoladh Leabhrán Ponc Gorm Abha Chom Sheola’. Is éard atá i gceist le Clár na nDobharcheantar ‘Ponc Gorm’ ná bealaí a aithint chun na dobharlaigh ard-stádas in Éirinn a chaomhnú. Chun tacú leis sin, d’fhorbair StreamScapes, dearthóir agus léiritheoir tionscadal rannpháirtíochta pobail do dhobharcheantair timpeall na hÉireann, teimpléad chun cuspóirí Ponc Gorm a chur in iúl do phobail áitiúla. Sheol siad Leabhrán Ponc Gorm Abha Chom Sheola, ag ‘StreamSchool’ i gCom Sheola, Beanntraí, agus ina dhiaidh sin chuaigh siad ar thuras allamuigh.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Malcolm Noonan, TD: “Is ábhar mór áthais dom a bheith in ann freastal ar na Dámhachtainí Oidhreachta Náisiúnta bliantúla agus aitheantas a thabhairt don obair iontach atá déanta ag an oiread sin díograiseoirí oidhreachta ar fud na hÉireann. Le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, léirítear go bhfuil go leor daoine ann a bhfuil meas acu ar an oidhreacht luachmhar atá againn – bíodh sí tógtha, nádúrtha nó cultúrtha – agus atá toilteanach oibriú i gcomhar le chéile chun í a chosaint agus a chaomhnú. Táim tiomanta sa bhealach céanna mé féin agus gahaim fáilte roimh an scéala go bhfuil mo chomhghleacaithe Rialtais agus mé féin in ann an maoiniú don oidhreacht nádúrtha, thógtha agus seandálaíochta a dhúbailt ón am a chuaigh mé i mbun oifige i mí Iúil 2020.”
Mhol Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, an Dr Martina Moloney díograis agus paisean lucht eagraithe na hócáide agus an tionscadail. Dúirt sí: “Ní hamháin ceiliúradh ar an oidhreacht atá i gceist le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, ach ceiliúradh ar dhaoine agus go háirithe orthu siúd a bhfuil an oiread sin difríochta déanta ag a gcuid oibre i gcúrsaí oidhreacha, go minic mar oibrithe deonacha, dá bpobail. Is ionann na Gradaim agus ár ndeis chun buíochas a ghabháil libh as an sár-obair agus an chomhiarracht atá déanta ag na rannpháirtithe go léir.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan: “Tá sé mar aidhm ag Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta feasacht agus oideachas a chothú faoinár n-oidhreacht. I mbliana, d’fhéachadh siar ar an am atá imithe thart chun todhchaí níos fearr a réadú agus roghnaíodh téamaí a bhfuil baint ar leith acu le gach duine againn agus muid ag dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis an tionchar atá againn féin ar an domhan thart orainn. Roghnaíomar an inbhuanaitheacht agus an bhithéagsúlacht mar théamaí agus spreagamar na heagraithe chun scrúdú a dhéanamh ar a dtrasnaíonn an comhshaol le caomhnú ár n-oidhreacht inláimhsithe, doláimhsithe agus nádúrtha chun domhan níos athléimní a chruthú. Leis na Gradaim seo, táthar ag tabhairt aitheantas do gach eagraí lena mbaineann, chomh maith le gach imeacht agus tionscadal a bhí ann. Tá an obair iontach gach atá déanta ag gach uile eagraí ar fud na tíre le brath sna daoine a fuair duaiseanna inniu, obair a thacaíonn leis an gcosaint oidhreachta agus lena spreagtar í.”