Hide Subscribe Panel

Technical resources

Trí leas a bhaint as na hacmhainní teicniúla seo, gheobhaidh tú faisnéis faoi do thionscadal a chur ar taispeáint agus a chomhroinnt linn ar líne.

Treoirlínte maidir le cóid leabaithe a chruthú

Sna hacmhainní thíos, gheobhaidh tú treoir maidir le do thionscadal digiteach oidhreachta a chomhroinnt linn trí chód leabaithe a úsáid. Is é atá i gcód leabaithe ná nasc a ghineann láithreán gréasáin tríú páirtí amhail YouTube nó Google Drive, ar nasc é ar féidir úsáideoir é a chóipeáil agus a ghreamú ina leathanach gréasáin féin. Mar thoradh ar an gcód leabaithe sin beidh do chuid meán (e.g. Sleamhnáin Google, físchomhad, nó closchomhad) inúsáidte ar an leathanach reatha, seachas a bheith inúsáidte mar nasc a sheolann chuig leathanach nua thú.

Is gá cóid leabaithe a bheith ann le haghaidh na gcineálacha tionscadal seo a leanas a bhaineann leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta.

Do thionscadal a chomhroinnt mar chur i láthair PowerPoint

Teimpléad PowerPoint na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta

Teimpléad PowerPoint na Seachtaine Oidhreachta NáisiúntaDo thionscadal a chomhroinnt mar chur i láthair. Tá an teimpléad PowerPoint seo cruthaithe againn lena úsáid agat. Cuir isteach do théacs agus d’iomhánna féin chun do thionscadal oidhreachta a chomhroinnt le do phobal nó le linn seimineáir ar líne.

Do thionscadal a chomhroinnt mar fhíseán

Do thionscadal a chomhroinnt mar chloschomhad/phodchraoladh

Conas podchraoladh a chruthú

San acmhainn seo de chuid na Scéime Oidhreachta sna Scoileanna, taispeánfar duit conas podchraoladh a thaifeadadh sa bhaile.

Físeán a chruthú ar do theileafón

Eagarthóireacht a dhéanamh ar fhísábhar ar theileafón cliste

Tar éis an físeán a bheith taifeadta agat, bain úsáid as na treoirleabhair seo de chuid Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann chun cabhrú leat eagarthóireacht a dhéanamh ar do phíosa scannánaíochta.

Beartas RGCS (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta

Chun teacht ar lógónna agus ar theimpléid na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta i gcomhair nuachtlitreacha, preas-eisiúintí agus nithe nach iad féach an roinn a bhaineann le hacmhainní brandáilte.