Hide Subscribe Panel

Leideanna chun tús a chur le do thionscadal oidhreachta

Heritage Week 18 08 19 55 1

Tá ceiliúradh á dhéanamh ag Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2022 go bhfuil na himeachtaí ar fad a mbíonn daoine ag freastal orthu go pearsanta tagtha ar ais chomh maith le go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh leis na tionscadail oidhreachta dhigiteacha, ar éirigh chomh maith sin leo le dhá bhliain anuas. Is iomaí bealach atá ann le tabhairt faoi agus tá roinnt leideanna curtha i dtoll a chéile againn chun cabhrú leat dul i mbun oibre láithreach.

Ná déan dearmad gur ar an inbhuanaitheacht atá an bhéim ar fad mar a bhaineann le Seachtain Oidhreachta Náisiúnta na bliana seo. D’fhonn inspioráid a thabhairt duit táimid ag moladh go ndéanfá do mhachnamh ar an oidhreacht agus ar an mbithéagsúlacht inbhuanaithe. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na téamaí seo, tabhair cuairt ar an leathanach Eagraigh Tionscadal ar an suíomh gréasáin.

D’ábhar a roghnú

Is í an chéad chéim ná cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar a mbeidh tú ag díriú air. Molaimid go roghnófá a) ábhar a bhfuil spéis agat féin ann, b) ábhar a mbeadh spéis ag daoine eile ann, agus c) ábhar a bhfuil dóthain faisnéise agus acmhainní ar fáil ina thaobh le go bhféadfaí é a fhorbairt mar imeacht nó mar thionscadal oidhreachta. Cuimhnigh gur féidir leat imeacht, tionscadal nó taighde ar oibrigh tú air cheana féin a fhorbairt tuilleadh. Nó b'fhéidir gur mhaith leat an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta a úsáid le teacht ar bhealaí nua chun obair a rinne tú roimhe seo a roinnt nó ar lucht féachana nua a aimsiú.

D'fhormáid a roghnú

A thúisce agus a bheidh d’ábhar roghnaithe agat — d'fhéadfadh rud ar bith a bheith i gceist ó oidhreacht nádúrtha an phortaigh in aice láimhe go dtí stair thógtha do bhaile, nó scéalta faoi do chlub CLG áitiúil — smaoinigh faoin mbealach ab fhearr a bhféadfaí é a chur i láthair. Oibríonn ábhair áirithe go maith nuair a chuirtear i láthair iad ag imeachtaí beo a mbíonn daoine ag freastal orthu nós siúlóid, taispeántas nó ceardlann phraiticiúil. B’fhearr a d’oibreodh ábhair eile dá gcuirfí i láthair iad i bhfoirm dhigiteach, dála físeán, podchraoladh nó leathanach meán sóisialta atá modhnaithe. Smaoinigh ar an eispéireas is mó a thaitneoidh leis an lucht féachana. Foghlaim tuilleadh faoi imeachtaí agus tionscadail a phleanáil ar an leathanach D'imeacht / Tionscadal a Fhorbairt agus faigh roinnt leideanna maidir le tionscadail dhigiteacha a chruthú ar an leathanach Acmhainní Teicniúla.

D'fhoireann a thógáil

Nuair a bheidh d’ábhar roghnaithe agat, beidh ort smaoineamh ar na daoine a bheidh i mbun oibre ar d'imeacht nó ar do thionscadal. An bhfuil an t-am agus na scileanna agat le bheith ag obair ar an imeacht nó ar an tionscadal seo leat féin, nó an mbeidh cabhair uait? Smaoinigh ar an mantra gnó ‘déan na rudaí sin a bhfuil tú go maith acu, déan seachfhoinsiú ar an gcuid eile’ — sa chás seo, d'fhéadfadh go gciallódh 'seachfhoinsiú' an deis a thapú chun dul i mbun oibre le baill teaghlaigh, le cairde nó le comharsana atá sásta cuidiú leat nó le baill de do ghrúpa oidhreachta a bhfuil a saineolas acu a chuirfidh leis na scileanna atá agat féin. D'fhéadfadh an obair fhoirne a bheith an-úsáideach más gá scileanna teicniúla nua a fhoghlaim chun d'imeacht nó do thionscadal a thaispeáint.

Leag síos sceideal – agus cloí leis.

Déan cinnte de go mbíonn struchtúr ag baint le d’imeacht nó do thionscadal. Tabhair dáta tosaigh agus deiridh duit féin, ag obair siar ón uair a gcaithfidh tú d'imeacht nó do thionscadal a chur isteach. Má bhíonn amlíne agat de na príomh-gharspriocanna a chaithfidh tú a chomhlíonadh spreagfaidh sé tú agus cabhróidh sé leat d'imeacht nó do thionscadal a chur i gcrích in am don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Má tá tú ag obair mar fhoireann, déan cinnte de go bhfuil ceannaire agat, a dhéanfaidh chomhordú ar obair na mball foirne éagsúla agus a choinneoidh ar an mbóthar ceart thú. Ná déan dearmad, go nglacfar le haighneachtaí ón gCéadaoin, 15 Meitheamh agus gurb é Dé Máirt, 23 Lúnasa an spriocdháta a bhaineann leis na haighneachtaí.

Déan do chuid taighde

Beidh méid áirithe taighde le déanamh i gcás fhormhór na n-imeachtaí agus na dtionscadal. Sula dtosóidh tú, déan do mhachnamh maidir leis na rudaí ba mhaith leat a fháil amach faoin ábhar atá roghnaithe agat agus faoin áit a bhféadfá teacht ar an eolas sin. Cabhróidh sé leat má choinníonn tú na ceisteanna seo a leanas i gcuimhne agus tú i mbun taighde – cé, cad, cá háit, cathain, cén fáth agus conas? Tá roinnt acmhainní taighde iontacha curtha i dtoll a chéile againn a chabhróidh leat le linn na céime seo — tabhair cuairt ar an leathanach D'Imeacht / Tionscadal a Fhorbairt agus an leathanach Naisc Úsáideacha chun tuilleadh a fhoghlaim.

Le linn duit a bheith ag réiteach don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, beimid ag roinnt tuilleadh eolais, leideanna agus acmhainní a thacóidh leat. Le go mbeidh tú suas chun dáta lean ár leathanaigh meán sóisialta agus cláraigh le haghaidh ár nuachtlitir i bhfoirm ríomhphoist.