Hide Subscribe Panel

Oidhreacht inbhuanaitheach agus bithéagsúlacht ar thús cadhnaíochta: Lainseálann an Chomhairle Oidhreachta an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta

NO FEE HERITAGE WEEK 9

Tá cuireadh tugtha ag an gComhairle Oidhreachta do thosaitheoirí, do dhíograiseoirí agus do shaineolaithe i réimse na hoidhreachta ar fud na hÉireann, is cuma cén aoisghrúpa ina bhfuil siad, chun díriú ar oidhreacht inbhuanaithe agus ar bhithéagsúlacht nuair atá clárú á dhéanamh le haghaidh imeachtaí i bpearsa agus imeachtaí ar líne mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta 2022.

Is í an Chomhairle Oidhreachta a eagraíonn an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar imeacht é a bheidh ar siúil ón Satharn, an 13 Lúnasa, go dtí an Domhnach, an 21 Lúnasa, agus atá tar éis teacht chun bheith i measc na n-imeachtaí cultúir is mó de chuid na hÉireann.

Bhí ionadaithe ó Fhéile Ellen Hutchins — is é sin, ceiliúradh bliantúil ar an gcéad luibheolaí baineann de chuid na hÉireann ina n-áirítear raon gníomhaíochtaí trína spreagtar scrúdú a dhéanamh ar oidhreacht nádúrtha agus ar oidhreacht chultúir Bhá Bheanntraí — chomh maith le rannpháirtithe de chuid Ionad Imirceach Chorcaí, Thionscadal Pobail ‘Lantern’ agus Ghrúpa na bhFear i gCorcaigh, in Éineacht leis an gComhairle Ealaíon le linn na lainseála i bPlás Nano Nagle chun a saothair faoi seach faoi oidhreacht inbhuanaithe agus bithéagsúlacht a chur ar taispeáint.

Beidh clár iomlán imeachtaí i bpearsa ann arís i mbliana le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta. Ach, ós rud é gur éirigh go han-mhaith leis an athrú chuig formáid ar líne amháin le linn na paindéime, ar lena linn a bhí an rannpháirtíocht níos mó ná riamh ar fud na tíre, glacfar le tionscadail dhigiteacha arís agus cuirfear ar taispeáin ar líne iad chun an leibhéal ard spéise sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i measc an phobail a chothú.

Nuair atá eagraithe tionscadal i bpearsa agus tionscadal digiteach ag freagairt ar théama oidhreachta inbhuanaithe agus bithéagsúlachta i mbliana, iarrtar orthu a bheith leathanaigeanta i leith an ábhair. D’fhéadfadh baint a bheith ag imeachtaí agus ag tionscadail le caomhnú speiceas dúchasach plandaí agus ainmhithe agus lena ngnáthóga; le scrúdú ar chleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta, le rannchuidiú le glasú uirbeach agus le tionscnaimh garraíodóireachta pobail; le taighde faoi ghné de thírdhreach na hÉireann ar mhaithe le méadú a dhéanamh ar thuiscint áitiúil agus ar thuiscint náisiúnta agus ar chaomhnú; le fás plandaí nó bianna dúchasacha. le cleachtadh tóiríochta foráiste; nó le hoidis thraidisiúnta nó modhanna traidisiúnta cócaireachta a úsáid. Ba é Laethanta Oidhreachta na hEorpa, is é sin an clár comhpháirteach idir Comhairle na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach ar clár é a oibrítear chun aird a tharraing ar shaibhreas cultúir agus ar éagsúlacht chultúir na hEorpa i measc na mBallstát, a roghnaigh Oidhreacht Inbhuanaithe mar théama uileghabhálach i mbliana.

Agus é ag caint le linn na lainseála, dúirt an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan, an méid seo a leanas: “I bhfianaise na práinne a bhaineann leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta agus an bhrú atá ar an dúlra in Éirinn, is maith an rud é go bhfuil bithéagsúlacht glactha ag an gComhairle Oidhreachta mar cheann de na téamaí le haghaidh na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta sa bhliain 2022. Le linn na Comhdhála Náisiúnta Bithéagsúlachta níos túisce sa mhí seo, dúirt an Taoiseach gur mithid ‘ré nua maoirseachta’ a bheith ann i dtaca le cúrsaí dúlra de. Agus mé ag cuimhneamh ar an méid sin, ba mhaith liom a spreagadh do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí ar fud na tíre machnamh a dhéanamh ar imeachtaí atá bunaithe ar réimse an dúlra agus a d’fhéadfaidís a reáchtáil ina bpobail agus na himeachtaí sin a iontráil lena gcur san áireamh i gclár na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta. Is rud luachmhar é ár n-oidhreacht oidhreachta agus is rud é cosaint agus caomhnú na hoidhreachta sin ar féidir le gach duine a bheith páirteach ann agus taitneamh a bhaint as.”

Chomh maith le díriú ar an oidhreacht nádúrtha agus ar bhithéagsúlacht, táthar ag moladh d’eagraithe tionscadal i bpearsa agus tionscadal digiteach déileáil leis an oidhreacht fhoirgnithe agus leis an oidhreacht chultúir ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis sin ná scil nó traidisiún a shainaithint atá tagtha ó ghlúin go glúin, laistigh de theaghlaigh nó de phobail ar leith nó eatarthu. Maidir leis na scileanna nó na traidisiúin sin, d’fhéadfadh sé go n-áireoidís cleachtadh teicníochtaí stairiúla tógála amhail tuíodóireachta nó tógáil ballaí cloiche; oidhreacht ealaíne amhail gaibhneoireacht stáin, saothar cloiche, cruthú teicstílí nó ceardaíochtaí eile; an Ghaeilge nó cultúr na hÉireann a cheiliúradh trí mheán na staire, an cheoil, an bhéaloidis nó an damhsa.

Is mar a leanas a mhínigh Cathaoirleach na Coimhairle Oidhreachta, Martina Moloney, an scéal: “Tá oidhreacht shaibhir ilchineálach ag Éirinn. Cuimsíonn sí ár dteanga, ár gceol agus ar ndamhsaí, ár n-ealaín agus ár scéalaíocht, ár mbia agus ár stíleanna cócaireachta, ár bhfoirgnimh ársa agus ár séadchomharthaí ársa, agus ár scileanna traidisiúnta amhail caoladóireacht agus lásadóireacht. Tá rud éigin ann go gach uile dhuine. Mar choimeádaithe na hoidhreachta sin, tá sé de dhualgas orainn go léir féachaint ar conas is féidir linn na scileanna, na traidisiúin, na cineálacha ealaíne agus na slite maireachtála uathúla sin a chaomhnú, a chothú agus a chomhroinnt le linn a bheith ag plé le lucht féachana/éisteachta comhaimseartha. Is cabhair iad na nithe sin ó thaobh shainiú ár bhféiniúlachta de, Buaicphointe ar leith de chuid na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta le dhá bhliain anuas ab ea breathnú ar na bealaí nuálacha ina úsáid daoine an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta chun oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn agus chun rochtain a fheabhsú agus tá mé ag súil go leanfar de sin i mbliana.”

Thig le daoine aonair, teaghlaigh, pobail agus eagraíochtaí páirt a ghlacadh sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Moltar do dhíograiseoirí nua agus do dhíograiseoirí seanbhunaithe araon a bheith páirteach in imeachtaí.

Seo a leanas an méid a dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan: “Rud coitianta a bhíonn i gceist leis an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus le hobair na Comhairle Oidhreachta i gcoitinne is ea uasmhéadú a dhéanamh ar spéis, ar uilechuimsitheacht dhearfach agus ar chomhroinnt oidhreachta. Táimid ag iarraidh ar eagraithe tionscadal i bpearsa agus tionscadal digiteach breithniú a dhéanamh i dtaobh grúpaí nó daoine aonair ina bpobail ar daoine nó grúpaí iad nach mbaineann le háit ó dhúchas, nó a bhféadfadh riachtanais chéadfacha nó rochtana a bheith acu, agus na daoine nó na grúpaí sin a áireamh in imeachtaí. Mar an gcéanna, d’fhéadfadh eagraithe oibriú le daoine de chuid pobail mhionlaigh chun gné den oidhreacht áitiúil nár tarraingíodh aird uirthi roimhe a scrúdú agus chun scéal an ábhair sin a insint.”

Is ceart imeachtaí i bpearsa agus tionscadail dhigiteacha a bheith réidh in am don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta (13 - 21 Lúnasa) agus iad a thíolacadh trí www.heritageweek.ie. Is féidir tionscadail dhigiteacha a uaslódáil chuig láithreán gréasáin na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta go dtí Dé Máirt, an 23 Lúnasa 2022. Tá láithreán gréasáin na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta, lena n-áirítear an tairseach a bhaineann le himeachtaí agus tionscadail a thíolacadh, ar fáil go hiomlán i nGaeilge anois agus moltar d’eagraithe ar mian leo déanamh amhlaidh a n-imeachtaí/dtionscadail a thíolacadh i nGaeilge.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist le himeachtaí i bpearsa ná turais siúil, léachtaí, taispeáint scannán, taispeántais, ceardlanna ceardaíochta nó gníomhaíochtaí idirghníomhacha eile. D’fhéadfadh formáidí éagsúla tionscadal digiteach a bheith ann, mar shampla, cainteanna ar líne nó taispeántais, físeáin, podchraoltaí, cur i láthair nó blaganna, láithreán gréasáin sainiúil nó cuntas meán sóisialta.

Is comhpháirtithe de chuid na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta 2022 iad Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), an Irish Landmark Trust agus Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil. Ar an leibhéal contae, déanann oifigigh oidhreachta údaráis áitiúil, a gcomhleacaithe agus líon mór grúpaí oidhreachta áitiúla an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta a chomhordú agus tacaíonn siad leis an tSeachtain freisin.

Agus í ag athdhearbhú thacaíocht Fháilte Éireann i leith na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta, dúirt Orla Carroll, an Stiúrthóir Forbartha Táirgí i bhFáilte Éireann, an méid seo a leanas: “Idir pháirceanna agus uiscebhealaí agus láithreáin stairiúla, meallann oidhreacht na hÉireann turasóirí intíre agus idirnáisiúnta chuig gach cearn den tír. De réir mar a leanann ár dtéarnamh turasóireachta ar aghaidh, is cúis bhróid d’Fháilte Éireann a bheith ag tacú leis an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta arís chun a chinntiú gur féidir le daoine aonair, le grúpaí agus le teaghlaigh dul amach agus féachaint ar a bhfuil ar fáil sa tír i dtaca le cúrsaí oidhreachta de.”

Chun tuilleadh faisnéis a fháil, tabhair cuairt ar an leathanach dar teideal Eolas Fúinn.