Hide Subscribe Panel

Inbhuanaitheacht: Ár stair agus ár dtodhchaí a chaomhnú

NO FEE HERITAGE WEEK 07

Is éard atá i gceist leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta in 2022 ná spéis a mhúscailt san oidhreacht ar mhaithe le domhan a bhfuil níos mó teacht aniar ann chruthú. Spreagann téamaí na hinbhuanaitheachta agus na bithéagsúlachta sinn le scrúdú a dhéanamh ar an bhforluí atá idir an comhshaol, agus na gnéithe sin dár n-oidhreacht atá follasach, dobhraite agus nádúrtha a chaomhnú.

Beag beann ar an gcineál oidhreachta a bhfuil rún agat díriú air le haghaidh d'imeacht nó do thionscadal digiteach, b'fhéidir gur mhaith leat na smaointe seo a leanas a chur san áireamh i dtaca leis na téamaí seo.

An Oidhreacht inbhuanaithe
Cuireann téama na hoidhreachta inbhuanaithe ar a súile don lucht eagraithe smaoineamh ar an gcaoi a bhféadfaí an oidhreacht shaibhir thógtha, chultúrtha agus nádúrtha atá againn a chaomhnú d'fhonn todhchaí níos inbhuanaithe a fhorbairt. Cén chaoi a bhféadfaimis nasc a chruthú leis na scileanna agus na traidisiúin a bhí ann san am a caitheadh agus iad a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile? Mar chuid de d'imeacht nó de do thionscadal, smaoinigh ar thaighde a dhéanamh ar ghné áirithe de stair na hÉireann a thabharfadh léargas ar shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Nó b'fhéidir go bhfuil ceird, scil nó scéal agat a seachadadh ó ghlúin go glúin i do theaghlach nó i do phobal a d’fhéadfá a thabhairt leat agus a roinnt le grúpa nua daoine. Caith súil ar roinnt imeachtaí agus tionscadal ó 2021 chun tuilleadh inspioráide a fháil maidir leis an oidhreacht inbhuanaithe:

  • Roghnaigh Músaem Giúdach na hÉireann i mBaile Átha Cliath rogha d’íomhánna ó shaol na nGiúdach in Éirinn le 130 bliain anuas agus thaispeáin siad iad i gcur i láthair PowerPoint. Tógadh na híomhánna as ceann de na halbaim sa bhailiúchán, a bhfuil lear mór acu ann, atá á gcatalógú agus á ndigitiú faoi láthair ionas go mbeidh rochtain níos éasca orthu amach anseo. Tuilleadh ...
  • Mheall Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite an lucht féachana le taispeántas tuíodóireachta traidisiúnta, agus plé á dhéanamh ar stair na ceirde, an t-ábhar áitiúil a bhíonn ag teastáil agus an úsáid a bhaintear as i bhfoirgnimh in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tuilleadh ...
  • I gceardlann ar líne, chuir Siamsa Tíre, Amharclann Náisiúnta Tíre na hÉireann, damhsa Munnix i láthair, stíl damhsa a tháinig ó Chiarraí sna 1700idí agus atá fós láidir go dtí an lá atá inniu ann. Tuilleadh ...


An Bhithéagsúlacht
Cuireann an téama seo ar a súile don lucht eagraithe tuiscint níos fearr ar an domhan nádúrtha a spreagadh, breathnú ar an éagsúlacht a bhaineann leis an mbeatha phlandúil agus ainmhíoch ina gceantar féin, agus na speicis dhúchasacha agus an tírdhreach nádúrtha a chaomhnú. I ndomhan ina bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar gach gné dár saol, tá tábhacht ar leith ag baint leis an mbithéagsúlacht mar rud le cur chun cinn agus le cothabháil. B’fhéidir go dtabharfadh na himeachtaí agus na tionscadail seo ó 2021 roinnt smaointe duit maidir le hábhair oidhreachta le tabhairt fúthu, dála taighde ar speicis dhúchasacha, cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus glasú na gceantar uirbeach:

  • Rinne Iontaobhas Abhantraí Abhainn na Feoire Wild Child Day/ Lá Fiáin na Leanaí
    a cheiliúradh le caint i dtaobh na heascanna in abhainn na Feoire, agus plé á dhéanamh ar a saolré, a bpatrúin imirce agus an ról atá acu sna héiceachórais áitiúla. Tuilleadh ...
    Chuir
  • Bí URBAN físeán i láthair mar gheall ar an Scéim Píolótach atá acu le haghaidh Gairdín Báistí i mBóthar na gCloch i mBaile Átha Cliath d'fhonn réiteach, a d’eascródh as an nádúr, a fháil ar thrí fhadhb uirbeacha — easpa bithéagsúlachta, rochtain ar an dúlra agus draenáil uirbeach atá ag cur thar maoil. Tuilleadh ...
  • Bhí Fóram Ardtailte na hÉireann/ Irish Uplands Forum i gceannas ar shiúlóid bhithéagsúlachta ar Chnoc Bhinn Éadair, agus iad ag taispeáint na bplandaí agus na ngnáthóga áitiúla chomh maith leis na bearta caomhnaithe atá curtha i bhfeidhm d’fhonn an timpeallacht uathúil seo a chosaint. Tuilleadh ...


Má tá tú i mbun eagraithe den chéad uair, b'fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí díot féin cá dtosóidh tú. Agus tú ag smaoineamh ar an gcineál oidhreachta ba mhaith leat a fhiosrú, féach ar ár leathanach Naisc Úsáideacha, áit a dtiocfaidh tú ar lear mór acmhainní a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha a bhfuil cáil náisiúnta orthu. Idir Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Chultúrtha Dhobhraite, Cumann Tithe Stairiúla na hÉireann agus Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, tá neart le foghlaim faoin inbhuanaitheacht, an bhithéagsúlacht agus a lán eile.

Nuacht

Tuilleadh Nuachta
Heritage awards 2024 03

Craobhiomaitheoirí Náisiúnta na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2025 á bhFógairt

Aithnítear i nGradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2025 obair eagraithe imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ó thaobh imeachtaí a chruthú agus a chur ar siúl ina dtugtar chun solais ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha a thit amach fud fad na hÉireann i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.


Saothraíonn eagraithe imeachtaí ó áiteanna ar fud na hÉireann a bpaisean agus a saineolas gach bliain le heispéiris nach ligfear i ndearmad agus spreagúla a chruthú don phobal i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Thit breis agus 2,500 imeacht amach in 2025 fud fad na tíre de réir mar a ghlac pobail le cuireadh na Comhairle Oidhreachta téama na bliana seo ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’ a fhiosrú. Tugtar chun solais sna himeachtaí seo comhthiomantas d’oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a cheiliúradh.

Tá gliondar croí orainn na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta a fhógairt i measc roinnt catagóirí gradaim, a léiríonn gach ceann díobh rannchuidiú as cuimse le hoidhreacht na hÉireann.

Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí uile ag searmanas Ghradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta an 17 Deireadh Fómhair 2025, a dhéanfar a shruthú beo ar heritageweek.ie. Táimid ag tnúth le hiarrachtaí dochreidte iad siúd a cheiliúradh atá tiomanta d’oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Seo a leanas na catagóirí agus na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta don bhliain 2025: