Hide Subscribe Panel

Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022

IMG 2648

Tá lúcháir ar an gComhairle Oidhreachta a fhógairt go mbeidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022 ar siúl ó Shatharn 13ú Lúnasa go dtí Domhnach 21ú Lúnasa 2022.

Anuraidh, mar fhreagairt do threoirlínte na sláinte poiblí maidir le COVID-19, lean Seachtain Oidhreachta Náisiúnta ar aghaidh le múnla hibrideach, ag spreagadh díograiseoirí oidhreachta chun tionscadail digiteach a chruthú agus imeachtaí beaga steillbheatha a eagrú. Ghlac eagraithe tionscadail leis an ndúshlán seo le nuálaíocht agus cruthaitheacht iontach, ag táirgeadh níos mó ná 1000 tionscadal oidhreachta - ag cinntiú go raibh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta fós ceiliúradh bríomhar d’oidhreacht na hÉireann. Is féidir leat an bailiúchán iomlán de na tionscadail fós le réiteach i 2021 a chuardach anseo.

I mbliana, tá lúcháir ar an gComhairle Oidhreachta fáilte a chur roimh filleadh iomlán na n-imeachtaí steillbheatha, agus de shíor ag cur tionscadail digiteacha oidhreachta i láthair chomh maith, rud a raibh an-tóir air thar an dá bhliain dheireanacha.

Is é bun é agus barr na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta go mbítear ag plé le hoidhreacht chun domhain níos acmhainní a chruthú, ag feabhsú inbhuanaitheachta agus bithéagsúlacht.

Is minic a chruthaítear rud éigin nua i rith tionscadail an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta, mar shampla ag forbairt taighde faoi áit ar leith i do cheantar, ag eagrú imeachta phobail nó ag forbairt bhailiúcháin staire bhéil. Is minic a bhíonn ort athchuairt a thabhairt nó rud éigin a thógáil ar thionscadal oidhreachta a d’oibrigh tú cheana, mar shampla ag cur taighde atá déánta agat ar leacht, uiscebhealach nó scil thraidisiúnta i láthair agus ag aimsiú bealaí nua chun feachtas a chothú faoi.

Is féidir na cur síos ar na himeachtaí, agus na tionscadail dhigiteach atá curtha i gcrích, a uaslódáil ar thairseach na n-eagraithe go luath; coinnigí súil amach le haghaidh tuilleadh eolais. Beidh an Mháirt, 23ú Lúnasa an lá deireanach chun tionscadal a chur isteach don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Beidh an spriocdáta chun do chuntas imeachta a chur isteach chun deis a fháil a bheith curtha chun cinn sna meáin áitiúla dóibh siúd atá ag cruthú imeachta steillbheatha ar an gCéadaoin, 6ú Iúil, ach is féidir imeachtaí a chur isteach i ndiaidh an dáta seo.

Oidhreacht Inbhuanaithe

Cuireann Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2022 fáilte roimh eagraithe chun smaoineamh faoi conas a féidir linn ár n-oidhreacht shaibhir, chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú agus conas a féidir leis sin todhchaí atá níos inbhuanaithe a fhorbairt. Conas a féidir linn nasc a dhéanamh leis na scileanna agus traidisiúin den t-am atá thart agus iad a chur ar aghaidh don chéad ghlúin eile? An féidir leat taighde a dhéanamh ar chuid áirithe de stair na hÉireann agus solas a chaitheamh ar sochaí na hÉireann inniú? An bhfuil ceird ann a tháinig ó ghlúin go glúin i do chlann gur féidir leat a chur chun cinn, mar shampla ag tuíodóireacht, ag déanamh rudaí stáin, ag tóraíocht plandaí náisiúnta nó damhsa traidisiúnta? Imríonn caomhnú na hoidhreachta inbhraite agus dobhraite páirt thábhachtach ag coimeád ár gcultúr beo agus bríomhar.

Bithéagsúlacht

I ndomhan ina bhfuil athrú aeráide ag eirí níos mó agus níos mó soiléir, cuireann Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2022 fáilte roimh eagraithe chun buíochas níos fearr den dúlra a spreagadh, chun féachaint ar éagsúlacht na beatha phlandúil agus ainmhíoch ina gceantar féin agus chun speicis dúchasacha agus tírdhreacha nádúrtha a chaomhnú. An féidir leat páirt a ghlacadh i gcosaint na bplandaí agus na n-ainmhithe dúchasacha i do cheantar féin? An dtéann tú féin nó duine éigin atá aithne agat air i mbun le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe? An ndéanann tú tairbhe do ghlasú uirbeach nó garraíodóireacht? Chun ár n-oidhreacht nádúrtha a chaomhnú tá sé ríthábhachtach go bhfuil muid ag méadú feasachta faoin timpeallacht áitiúil agus ag déanamh gníomh chun bithéagsúlacht a chosaint.

Laethanta téamúla

Feicfidh Seachtain Náisiúnta Oidhreachta an ceiliúradh leanúnach de laethanta oidhreachta téamúla, nuair a féidir le heagraithe tionscadail imeachtaí téamúla áirithe a fhorbairt.

Ar Lá an Pháiste Fiáin, molann an Chomhairle Oidhreachta do pháistí agus clanna úsáid a bhaint as a bheith amuigh faoin aer agus a bhreathnú thart ar an oidhreacht ina gceantar agus níos faide. Beidh Lá an Pháiste Fiáin i mbliana ar siúl ar an Satharn, 20ú Lúnasa.

Beidh Lá Oidhreachta Uisce
ar siúl ar an nDomhnach, 21ú Lúnasa mar chomhoibriú idir an Chomhairle Oidhreachta agus Clár Uisce na nÚdarás Áitiúil. Mar náisiún oileánda, bhí an-tionchar ag an bhfarraige agus ag na haibhneacha, lochanna agus bogaigh iontacha Éireannacha ar ár stair agus ár n-oidhreacht. Díreoidh Lá Oidhreachta Uisce aird ar thionscadail a ndéanann ceiliúradh ar uisce agus ár nascanna leis.

Coimeád d’aird le haghaidh níos mó eolas faoi conas do thionscadal a uaslódáil agus faoi na gradaim. Go ceann píosa eile, féach ar buaiteoirí an Ghradaim Oidhreachta agus buaiteoirí na núdarás áitiúil ó anuraidh!