Hide Subscribe Panel

Oidhreacht ar mhaithe le todhchaí níos athléimní: Tosaíonn Seachtain na hOidhreachta Dé Sathairn seo

NO FEE HERITAGE WEEK 1

Breis agus 1,700 imeacht i bpearsa ar siúl ar fud na hÉireann mar chuid de Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022 chun féachaint siar ar an am atá thart ar mhaithe le todhchaí níos athléimní a chruthú.

Agus é ar siúl ón Satharn an 13 Lúnasa go dtí an Domhnach an 21 Lúnasa, d’fhreagair eagraithe go bríomhar do théamaí an imeachta i mbliana, mar atá bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht

Tochail, cuir agus imir ag lá bithéagsúlachta do theaghlaigh i Míseal, Co. Cheatharlach; braith an teas ag taispeántas gabha dhuibh ar an gCeapach Mhór, Co. Luimnigh; lean aistear muintire ársa ag liagchiorcal na Bealtaine i gCo. Dhún na nGall; nó faigh spléachadh faoi choim ar an obair caomhantais atá ar siúl ag Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Níl ansin ach sampla de na himeachtaí fadréimseacha a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann agus ina dtabharfar do dhaoine eispéireas teagmhálach le hoidhreacht mar chuid de Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022, a thosóidh Dé Sathairn an 13 Lúnasa agus a chríochnóidh Dé Domhnaigh an 21 Lúnasa.

D’fhreagair eagraithe imeachtaí i bpearsa agus eagraithe tionscadal digiteach le díograis do théamaí an imeachta i mbliana – mar atá, inbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht. A bhuí leis an obair sin, beidh deiseanna ag daoine de gach aois agus cúlra ó gach cuid d’Éirinn tuilleadh eolais a ghnóthú faoi oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha na hÉireann, rud a chabhróidh lena chinntiú go ndéanfar an oidhreacht sin a chaomhnú agus a chosaint go ceann i bhfad. Tá an Chomhairle Oidhreachta ag iarraidh ar núíosaigh, díograiseoirí agus saineolaithe oidhreachta breithniú a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh siad inbhuanaitheacht a spreagadh agus a chur chun cinn ina saol féin le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta agus ina diaidh.

Agus breis agus 1,300 ceann d’imeachtaí agus tionscadail liostaithe ar shuíomh Gréasáin na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta faoi láthair, tá an Chomhairle Oidhreachta ag tabhairt spreagadh do dhaoine dul chuig www.heritageweek.ie chun a fheiceáil cé na himeachtaí a bheidh ar siúl ina limistéar féin nó ar fud na tíre, i gcás go mbeidh siad ag dul ar saoire sa bhaile i mbliana. Is féidir le rannpháirtithe an suíomh Gréasáin a bhrabhsáil agus ‘Rian Imeachtaí’ saincheaptha a chruthú don tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun cabhrú leo a seachtain a phleanáil de réir a láithreach, de réir a n-ábhar spéise oidhreachta féin agus de réir an chineáil imeachta is fearr leo, amhail féile, taibhiú, taispeántas nó athléiriú.

Áirítear iad seo a leanas le roinnt buaicphointí ó chlár na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana:

  • Taispeántas Gabha Dhuibh, Co. an Chláir: Féach le do shúile féin an dóigh a gcruthaítear uirlisí feirme, clois faoi stair ghairm an ghabha dhuibh in Éirinn, agus tuig an dóigh ar cothaíodh scileanna agus ar tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin iad. Tuilleadh…
  • Lá Bithéagsúlachta do Theaghlaigh i bPobal Mhísil, Co. Cheatharlach: Iniúch an bhithéagsúlacht shaibhir atá le fáil laistigh de spásanna áille gairdín oidhreachta Mhísil ag an imeacht bithéagsúlachta seo, a bheidh ar siúl ar Lá an Linbh Fhiáin. Tuilleadh…
  • Cleití agus Gnéithe de Lámhscríbhinn Indiach: Eispéiris Intéirneachta Caomhantais ag Leabharlann Chester Beatty, Co. Bhaile Átha Cliath: Foghlaim tuilleadh faoi na hábhair éagsúla a úsáidtear i réimse an chaomhantais. Caith súil níos géire ansin ar an Tutinama, ar a dtugtar ‘Tales of the Parrot’ i mBéarla, an leabhar cáiliúil scéalta Indiacha a rinneadh le haghaidh Akbar, impire Mógalach. Tuilleadh…
  • Rúndiamhra Liagchiorcal na Bealtaine, Co. Dhún na nGall: Iniúch tírdhreach muintire ársa, rianaigh na coiscéimeanna a thóg siad thar na mílte blianta, agus breithnigh saol na luathphobal feirmeoireachta sin. Tuilleadh…
  • Bailiúchán Béaloidis Árann: Fiche Bliain ag Fás, Co. na Gaillimhe: Ceiliúir an tsaíocht a tiomsaíodh i mBailiúchán Béaloidis Árann le breis agus 20 bliain anuas agus iniúch an stair shaibhir atá le fáil ann. Tuilleadh…
  • Beachaireacht ar son na Bithéagsúlachta, Co. Liatroma: Foghlaim faoi ghnéithe de bheachaireacht agus faoin dóigh a dtéann sí chun tairbhe do bhithéagsúlacht agus don chomhshaol. Iniúch stair na beachaireachta agus an dóigh ar féidir an traidisiún a thabhairt ar aghaidh do ghlúine amach anseo. Tuilleadh…
  • Turas allamuigh ar Abhainn an Chomhraic, Co. Loch Garman: Déan iascaireacht ar Abhainn an Chomhraic, aimsigh domhan na n-iontas atá ann ar leaba na habhann, féach cé na cineálacha beathachrutha atá le haimsiú san abhainn, agus úsáid do thorthaí ansin chun cáilíocht dhóchúil an uisce a mheas. Tuilleadh…
  • Spléachadh faoi Choim ar Rannóg Caomhantais Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: Tapaigh an deis annamh seo chun cuairt a thabhairt ar stiúideonna caomhantais Leabharlann Choláiste na Tríonóide agus chun léargas a fháil ar na tionscadail chaomhantais atá ar siúl faoi láthair. Tuilleadh…


Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta: “Le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta i mbliana, féachfaimid siar ar an am atá thart ar mhaithe le todhchaí níos fearr a chruthú. Tugann téamaí na hoidhreachta inbhuanaithe agus na bithéagsúlachta spreagadh dúinn go léir ár machnamh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir lenár stair agus lenár n-oidhreacht ról a imirt maidir lenár bpláinéad a chosaint. Is iomaí bealach inar féidir leat páirt a ghlacadh san imeacht, amhail scil nua amhail bróidnéireacht, gaibhneacht dhubh nó potaireacht a fhoghlaim, tuiscint níos fearr a ghnóthú ar conas cailliúint na bithéagsúlachta a chosc inár ngairdíní cúil nó ar ár lánaí tuaithe, nó léargas úr a fháil ar stair ár n-ealaíne, ár gceoil nó na Gaeilge agus an t-eolas sin a chomhroinnt le cairde agus le baill teaghlaigh. Mholfainn do dhaoine dul chuig suíomh Gréasáin na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta agus súil a chaitheamh ar an raon ollmhór imeachtaí agus tionscadal a bheidh ar siúl agus a seachtain a phleanáil dá réir sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach eagraí imeachtaí i bpearsa agus le gach eagraí tionscadal digiteach as ucht a ndíograise agus a dtiomantais, agus guím gach rath orthu de réir mar a dhruidimid isteach leis an tSeachtain Náisiúnta na h Oidhreachta.”

Beidh dhá lá théamaithe ar siúl le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Ar Lá an Linbh Fhiáin, a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 20 Lúnasa, tabharfar cuireadh do leanaí dul amach agus oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht nádúrtha na hÉireann a iniúchadh ar shlí thaitneamhach. Tá an Chomhairle Oidhreachta ag tabhairt spreagadh do leanaí féachaint ar an domhan timpeall orthu ar shlí eile, tuiscint a ghnóthú d’áilleacht éagsúil an tírdhreacha ina limistéar féin, agus an limistéar áitiúil, agus áiteanna níos faide i gcéin, a iniúchadh. Ar an Lá Oidhreachta Uisce, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh an 21 Lúnasa, tabharfaidh an Chomhairle Oidhreachta agus Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh in imeachtaí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta ina gceiliúrtar uisce agus na naisc atá againn leis.

Agus í á comhordú ag an gComhairle Oidhreachta ón mbliain 2005 i leith, tá an tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar cheann amháin de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn anois. Faigheann sí tacaíocht ón líonra Oifigeach Oidhreachta Údaráis Áitiúil agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.