Cad leis a mbaineann an téama?
Tugann an téama Ceangail, Bealaí agus Líonraí cuireadh duit na naisc a fhiosrú idir daoine agus pobail, chun súil a chaitheamh ar na rudaí a thugann le chéile agus a cheanglaíonn sinn.
Táimid uile ceangailte ar bhealaí éagsúla lena chéile, lenár dteaghlaigh agus lenár bpobail.
Tá bealaí fisiciúla breactha ar an tírdhreach, bóithre, cosáin, bóithríní, aibhneacha agus canálacha, agus meabhraíonn siad dúinn go ndearna sochaithe iarracht i gcónaí ceangal a dhéanamh. Meabhraíonn siad dúinn gur thaistil daoine chun feirmeoireacht a dhéanamh agus chun rudaí a ghabháil, chun trádáil agus taiscéaladh a dhéanamh, agus eachtraíocht nua a lorg. Cosáin ársa chasta oilithreach, iar-rianta iarnróid a cheangail ár mbailte tráth den saol, uiscebhealaí a rinne an trádáil a éascú, ár gcórais nua-aimseartha bhóithre – samplaí iad seo go léir de na ceangail a thug pobail le chéile ar feadh na gcéadta bliain.
Tá níos mó ná ceangail fhisiciúla i gceist lenár gceangail chultúrtha. Ceadaíonn ár n-oidhreacht dholáimhsithe a fhiosrú tríd an téama seo dúinn go léir tuiscint níos fearr a fháil ar ár gceangail tríd an spórt, caitheamh aimsire, ceangail teaghlaigh, creideamh agus traidisiúin.
Cuireann ár n-oidhreacht nádúrtha ceangail ar tairiscint freisin. Cruthaíonn éin imirceacha líonraí agus ceangail idir Éirinn agus codanna den Afraic agus de Chríoch Lochlann. Cruthaíonn ár speicis dhúchasacha líonraí fud fad na tíre trí fhálta sceach agus gleannta abhann.
Tugann ár n-oidhreacht cuireadh dúinn ceisteanna a chur faoi bhunúis bhealaí, struchtúr, deasghnátha agus chleachtas, agus is féidir linn, tríd an stair seo a fhiosrú, na rudaí siúd a aimsiú a cheangail sinn tráth dá raibh agus a leanann lenár slite maireachtála inniu a mhúnlú.