Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Malcolm Noonan, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin: “Tugann téama na hoidhreachta beo i mbliana deis iontach dúinn ár gcuid scileanna, traidisiún agus cultúir féin a iniúchadh agus féachaint freisin ar oidhreacht dholáimhsithe ár bpobal imirceach agus na ndaoine sin a tháinig isteach sa tír seo le déanaí. Ó thaobh na hoidhreachta de, is ionann suntas dár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha agus do scéalta a insint, scileanna a mhalartú agus traidisiúin a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile. Tá an-acmhainneacht againn spreagadh a thabhairt dá chéile i mbliana.”
Mhínigh Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta: “Mar aon leis an oidhreacht bheo, ba mhaith linn eagraithe imeachtaí agus tionscadal a spreagadh freisin féachaint ar an ngné oidhreachta cultúrtha den oidhreacht thógtha agus nádúrtha i mbliana. Tá scéalta taobh thiar de gach tobar beannaithe agus fothrach ar fud na tíre, de na traidisiúin a bhaineann lenár mbealaí oilithrigh agus lena n-oidhreacht nádúrtha álainn, agus de na scileanna a bhaineann lenár n-oidhreacht uisce, idir dhéanamh curach, thógáil bád saighne agus iascaireacht snap-eangaí. Mar choimeádaithe na hoidhreachta sin, tá sé de dhualgas orainn go léir a scrúdú conas is féidir linn na scileanna, na traidisiúin, na foirmeacha ealaíne agus na modhanna maireachtála uathúla sin a chaomhnú, a chothú agus a chomhroinnt agus aird spriocphobal comhaimseartha a mhealladh ag an am céanna.
Dúirt Virginia Teehan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Oidhreachta: “Sa doiciméad ‘Ár nÁit san Am’, an Plean Straitéiseach a d’fhoilsíomar le déanaí, gabhann an Chomhairle Oidhreachta uirthi féin cistiú a mhéadú do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta mar mhodh tábhachtach trínar féidir rannpháirtíocht phobaltreoraithe a chur chun cinn. Sna blianta atá romhainn, feicfimid tionchar na tacaíochta méadaithe sin i bpobail ar an talamh agus i seiftiúlacht na n-imeachtaí agus na dtionscadal a eagrófar le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.”
Tá Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí, Iontaobhas Sainchomharthaí na hÉireann agus Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil ina gcomhpháirtithe de chuid Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023. Ar leibhéal an chontae, is iad oifigigh oidhreachta údaráis áitiúil agus a gcuid comhghleacaithe a dhéanann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a chomhordú agus a fhothú, i gcomhar le roinnt grúpaí agus eagraíochtaí oidhreachta áitiúla. Agus tacaíocht na heagraíochta do Sheachtain na hOidhreachta á hathdhearbhú aici, dúirt Mary Stack, Ceann Nithe is Díol Spéise ag Fáilte Éireann: “Tá cultúr saibhir agus oidhreacht shaibhir na hÉireann ina gcuid dhílis dár dtairiscint turasóireachta. Mar sin, tá áthas ar Fháilte Éireann tacú le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta an athuair. Trí bheocht a chur inár n-oidhreacht bheo agus inár láithreáin oidhreachta araon trí thaispeántais, trí cheol, trí athléirithe, trí thurais agus trí shiúlóidí, cruthóidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023 eispéiris fhíorshuntasacha do thurasóirí agus do mhuintir na háite araon ar fud na tíre.”