ARD MHACHA
Scéalta na Logainmneacha
Tráthnóna scéalaíochta, teanga, ceoil agus stair shóisialta, agus scrúdú ar oidhreacht bheo an phobail áitiúil trí na bailte fearainn.
CEATHARLACH
Cúlra Stairiúil na Seirbhíse Otharcharranna
Thug Cumann Staire agus Seandálaíochta Cheatharlach deis do rannpháirtithe foghlaim faoin tseirbhís otharcharranna áitiúil i gcaitheamh na mblianta. Sa bhliain 1864 is dhá fheithicil chapaill a bhí in úsáid.
AN CABHÁN
Spiorad na Cille Móire
Bhí cóir, aonréadaithe, Banna Bosca Ceoil an Mhullaigh Bhuí, an píobaire uilleann, Daniel Brady, agus an t-athchóiritheoir feagorgáin, an tAthair Darragh Connolly,i mbun ceoil bhinn i dtimpeallacht álainn Ardeaglais na Cille Móire.
AN CLÁR
Droichead an Chláir agus Baile Uí Aodha Ár nOidhreacht Bheo
D'eagraigh Grúpa Oidhreachta agus Fiadhúlra Dhroichead an Chláir agus Bhaile Uí Aodhataispeántas chun ceiliúradh a dhéanamh ar 60 bliain ó cuireadh tús le Comórtas na mBailte Slachtmhara mar aon le turas treoraithe mórthimpeall ar Theach Bhearna an Toice agus taispeántas d'innealra feirme ársa.
CATHAIR CHORCAÍ
Siúlóid agus Caint an Mhuilinn Púdair Gunna
D'fhorbair Féile Oidhreachta Bhaile an Chollaigh turas leis an staraí áitiúil, Jenny Webb ó Mhuilinn Púdair Gunna stairiúil Bhaile an Chollaigh, ceann de na suíomhanna seandálaíocha tionsclaíocha is mó in Éirinn agus suíomh ag a bhfuil cúlra stairiúil dochreidte.
CONTAE CHORCAÍ
Snámh Mór Mheiriceá
Cé Mheiriceá Dhírigh Snámh Mór Mheiriceá Chumann an Chóibh aird ar láithreacht SAM i gCóbh i rith an Chéad Chogadh Domhanda agus ar “Cé Mheiriceá”, croílár na ngníomhaíochtaí caithimh aimsire sa bhaile ó shin i leith.
DOIRE
Clár ar líne de thurais fhíorúla, físeáin agus taispeántais a bhfuil sé mar aidhm leis oidhreacht agus stair áitiúil a cheiliúradh Clár iomlán d'imeachtaí ar líne ina scrúdaítear gnéithe éagsúla d'oidhreacht agus de stair Dhoire. San áireamh sa chlár seo bhí turais fhíorúla, scrúdú ar bhallaí na cathrach, gunnaí móra stairiúla agus tuilleadh.
DÚN NA NGALL
Eispéireas Cheathrú Ardeaglais Leitir Ceanainn
D'eagraigh Ceathrú Ardeaglais Leitir Ceanainn ‘Turas Siúil Staire’ mórthimpeall ar Cheathrú Ardeaglais Leitir Ceanainn, cuid den bhaile lena mbaineann stair shaibhir lán le carachtair a tugadh chun beochta don tSeachtain Oidhreachta trí scéalta agus aisteoirí a raibh feisteas á chaitheamh acu.
AN DÚN
Cúrsaí Gaeilge Reáchtáladh dhá imeacht tráthnóna trí Ghaeilge dóibh siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Imeacht amháin do Thosaitheoirí Lánfhásta leis an Dr Niall Comer (Ollscoil Uladh) agus imeacht eile (trí Ghaeilge) dóibh siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht tumtha, le Séamus Mac Dhaibhéid.
CATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH
Turas Siúil Fhíodóirí na Saoirsí
I rith siúlóid treoraithe a d'eagraigh Fíodóirí na Saoirsí tarraingíodh aird arNa Saoirsí i mBaile Átha Cliath - ionad táirgthe teicstílí le breis is 1,000 bliain anuas, pointe nach bhfuil ar eolas ag mórán daoine.
BAILE ÁTHA CLIATH – DÚN LAOGHAIRE RÁTH AN DÚIN
Turas mórthimpeall ar Theach na mBocht agus Reilig Chumann Ráth an Dúin
Turas siúil, deis neart eolais a roinnt le daoine, leis an staraí áitiúil, Billy Byrne, taobh amuigh de Theach na mBocht Chumann Ráth an Dúin – nó Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, mar is fearr aithne air anois – agus reilig theach na mbocht.
BAILE ÁTHA CLIATH - FINE GALL
Siúlóid Bláthanna Fiáine Mórthimpeall ar Shráidbhaile Tuaithe
Thug Cumann Fálta Sceach Bhaile Bachaille rannpháirtithe ar shiúlóid luibheolaíoch ionas go bhféadfaidís súil a chaitheamh ar na bláthanna fiáine agus iontacha atá ag fás ar bhallaí na háiteagus ar fhálta sceach agus feadh Shruthán Bhaile Bachaille.
BAILE ÁTHA CLIATH - BAILE ÁTHA CLIATH THEAS
Seoladh Threading the Tower – athchruthaíodh Cloigtheach Chluain Dolcáin i Lása Cróise
I leabharlann Chluain Dolcáin taispeánadh saothar lásadóirí áitiúla agus cruthaíodh macasamhail de Chloigtheach Chluain Dolcáin trí úsáid a bhaint as teicnící traidisiúnta.
FEAR MANACH
Faigh blaiseadh den Oidhreacht Luath-Chríostaí ag Binn Eachlainn Caith dhá uair an chloigag scrúdú gheolaíocht, stair agus oidhreacht Gheopháirc Fhearann an Locha Bhinn Chuilceach leis an treoraí áitiúil Andy, mórthimpeall ar Bhinn Eachlainn álainn agus éist leis ag caint faoi Oidhreacht Luath-Chríostaí an cheantair.
CATHAIR NA GAILLIMHE
Ceardlanna faoi Bhallarach Cloiche Singile, Gaillimh
D'eagraigh Cairde Choillte Mhuirlinne ceardlanna faoi bhallarach cloiche singile, faoi stiúir Fergus Packman, duine de na saoir chloiche is cáiliúla in Éirinn.
CONTAE NA GAILLIMHE
Ceiliúradh ar Chéad Bliain ó Bunaíodh An Garda Síochána
Chruthaigh Grúpa Oidhreachta Uachtar Ard taispeántas a thugann léargas ar bhunú an Gharda Síochána, agus leagadh béim ar leith ar chúrsaí póilíneachta i gContae na Gaillimhe agus i gceantar Gaeltachta an chontae.
CIARRAÍ
Oidhreacht Uisce Eas Daoi
Scrúdaigh Forbairt Pobail Eas Daoi stair an tsráidbhaile seo i gCiarraí, lena n-áirítear na chéad lonnaitheoirí agus bunús ainm an tsráidbhaile, agus caitheadh súil ar an bhfiadhúlra ar fad ar Thrá Littor, áit a gcasann Abhainn Eas Daoi agus An tSionainn lena chéile.
CILL DARA
Leabharlann, Músaem agus Teach Margaidh Bhéal Átha an Tuair
Reáchtáil an Caomhnóir, Damien Condon ó Calx Restoration, cainteanna spéisiúla faoi stair na leabharlainne pobail agus an mhúsaeim i mBéal Átha an Tuair agus faoi fhorbairt Teach Margaidh i mBéal Átha an Tuair, agus thug sé léargas ar theicnící rindreála aoil.
CILL CHAINNIGH
The Song of the Scythe
Lá speile Thionscadal Acorn agus siúlóidí pailneora feirme mar aon le ceardlann maidir le conas do speil a réiteach don obair, agus dea-theicníc lomtha a fhorbairt.
LAOIS
Turas Siúil an 20ú hAois de NIAH Phort Laoise
Turas mórthimpeall ar chuid de na foirgnimh i bPort Laoise a tógadh san 20ú haois nach dtarraingítear dóthain airde orthu go minic, lena n-áirítear an t-aon teach cruinn sa chontae, Ospidéal an Chontae.
LIATROIM
The Half of the Moon and the Whole of the Hill
Thug Cumann Staire agus Cairde Mhaothla cuireadh do gach duine aithne a chur ar Mhaothail trí cheol, amhráin, filíocht agus scéalta an cheantair, agus d'eagraigh amhránaí traidisiúnta agus treoraí siúlóid spraíúil tríd an mbaile.
LUIMNEACH
Séadchomharthaí Mistéireacha
Thug Coiste Bailte Slachtmhara an Bhrú deis do dhaoine a machnamh a dhéanamh ar an méid atá le fáil faoin talamh, mar chuid de thuras treoraithe faoi stiúir Áine Brosnan a raibh sé mar aidhm leis súil a chaitheamh ar an méid atá i bhfolach san uisce, taobh thiar de na díoga agus faoi eidhneán Chaisleán Bhaile Uí Dhroighneáin.
AN LONGFORT
Turas mórthimpeall ar Mheathas Troim
Thug Ionad Maria Edgeworth deis do chuairteoirí taitneamh a bhaint as turas mórthimpeall ar na suíomhanna stairiúla a luaitear le Goldsmith, Oscar Wilde agus William Wordsworth, agus daoine eile nach iad.
LÚ
Hooley Booley Cooley
D'eagraigh Cooley Connect Welldeireadh seachtaine d'imeachtaí lena n-áirítear cnocadóireacht, scrúdú ar an oidhreacht bhuailteachais agus cloiche, scannán, seitrince agus caoladóireacht.
MAIGH EO
Píobaire an Bhaile Ghaelaigh – Ócáid Cheiliúrtha eagraithe agGrúpa Oidhreachta an Bhaile Ghaelaigh chun comóradh a dhéanamh ar an bPíobaire Uilleann, Michael Carney, a bhí lonnaithe in Brooklyn (1872–1938), fear de bhunadh shráidbhaile an Bhaile Ghaelaigh i gContae Mhaigh Eo.
AN MHÍ
Mar chuid de An Uaimh – Pobal agus Seansaol
Seimineár eagraithe ag Cumann Staire na hUaimhe agus an Cheantair eagraíodh cainteanna faoi rudaí éagsúla lena n-áirítear fiadhúlra an bhaile agus déanamh cairpéad agus troscán.
MUINEACHÁN
Oidhreacht an Cheoil i gCo. Mhuineacháin
Tráthnóna ag smaoineamh ar an gceol a bhíodh le cloisteáil i mBaile na Lorgan tráth dá raibh eagraithe ag Oidhreacht an Láithrigh, agus léargas ar conas ar tháinig oidhreacht cheoil an bhaile slán ó ghlúin go glúin.
UÍBH FHAILÍ
Tobar Naomh Brochan
Thug Cumann Oidhreachta Bhreacánaícuireadh do gach duine bailiú le chéile - agus ceiliúradh a dhéanamh - ag tobar Naomh Brochan, suíomh a mheastar a bhí cosúil le Cluain Mhic Nóis nó Gleann Dá Loch tráth dá raibh.
ROS COMÁIN
An Geata Feirme Iarann Buailte
D'eagraigh Feirmeoireacht Ráth Cruachan caint faoi gheata feirme iarann buailte traidisiúnta na hÉireann, inar scrúdaíodh ról an gheata seo inár dtírdhreach feirmeoireachta, agus mar “cuaillí tótaim” de chogaí talún na ré atá caite.
SLIGEACH
Tuíodóireacht: Taispeántas bunaithe ar theicnící, uirlisí agus ábhair
Thug Cumann Allamuigh Shligigh deis dúinn níos mó a fhoghlaim faoin gclúdach dín traidisiúnta seo faoi stiúir Susanne Bojkovsky, a chuir críoch lena printíseacht tuíodóra blianta fada ó shin.
TIOBRAID ÁRANN
Turas Cóiste Bianconi
D'eagraigh Cumann Sóisialta agus Staire na Cathrach conbhua de chóistí capaill ó mhol iompair ghréasán Bianconi, chomh fada le hÓstán Hearn i gCluain Meala.
PORT LÁIRGE
Aonach na nDéise
I rith an cheiliúrtha seo ar oidhreacht na Lochlannach ag Baile na Coille ar Ghlasbhealach Phort Láirge rinneadh athléiriú ar chogaí, cluichí na Lochlannach agus eagraíodh Ceardlann Lochlannach.
AN IARMHÍ
Siúlóid Staire agus Oidhreachta Shráid Chonnacht
D'eagraigh trádálaithe Shráid Chonnacht agus an cheantair mórthimpeall – agus cónaitheoirí – imeacht leis an staraí Gearoid O’Brien agus tugadh deis do rannpháirtithe páirt a ghlacadh i dturas siúil agus níos mó a fhoghlaim faoin gcuid stairiúil seo den bhaile.
LOCH GARMAN
Féile Abhainn agus Dúlra Bhaile an Chaisleáin 2023
D'eagraigh cairde Ghrúpa Bithéagsúlachta Abhainn Áth Aeir roinnt imeachtaí féile lena n-áirítear siúlóid ialtóg, comhdháil maidir le bithéagsúlacht abhann agus feirme, agus taispeántas faoi scéalta do pháistí.
CILL MHANTÁIN
200 Bliain de Bhaile an Chnocáin – stair bheo
Turas treoraithe spéisiúil mórthimpeall ar Bhaile an Chnocáin le teaghlach Uí Fhlaithearta, an t-ochtú glúin de shnoíodóirí cloiche. An Sráidbhaile Eibhir nó Cnámharlach Bhaile Átha Cliath a thugtar ar Bhaile an Chnocáin mar gheall ar an mbaint a bhí aige le go leor d'fhoirgnimh stairiúla na hÉireann.