Hide Subscribe Panel

Iarrann an Chomhairle Oidhreachta ainmniúcháin le haghaidh Dhámhachtainí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta ó eagraithe ar fud na hÉireann

NO FEE 10 National Heritage Week Awards nominations

D’fhógair an Chomhairle Oidhreachta mionsonraí faoi Dhámhachtainí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta i mbliana, agus í ag iarraidh ainmniúchán ó eagraithe imeachtaí ar fud na hÉireann.

Ní ionann an cur chuige i mbliana agus an ceann a glacadh sa dá bhliain roimhe, ar lena linn a iontráladh gach eagraí go huathoibríoch le haghaidh dámhachtain a bhuachan. Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm mar gheall ar an gcur chuige digiteach a glacadh i leith na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta mar thoradh ar an bpaindéim. I bhfianaise fhilleadh iomlán na n-imeachtaí i bpearsa, áfach, ní mór d’eagraithe tionscadal digiteach agus d’eagraithe imeachtaí i bpearsa iad féin a chur chun cinn lena mbreithniú i mbliana. Glacfar le hainmniúcháin le haghaidh na nDámhachtainí Oidhreachta Náisiúnta idir an Dé Sathairn an 13 Lúnasa agus 5 p.m. Dé Luain an 5 Meán Fómhair. Beidh foirm ainmniúcháin ar fáil ar www.heritageweek.ie.

Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, an fhógairt ag Garraithe na Lus i mBaile Átha Cliath, agus iad i gcuideachta Darragh O’Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Malcolm Noonan, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin. Beidh an tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl idir Dé Sathairn an 13 Lúnasa agus Dé Domhnaigh an 21 Lúnasa. Is é téama an imeachta i mbliana ná oidhreacht inbhuanaithe agus bithéagsúlacht. Is imeacht hibrideach a bheidh sna Dámhachtainí Oidhreachta Náisiúnta, a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.

Ag labhairt dó ag an bhfógairt, dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta: “Tugann an tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta deis dúinn oidhreacht iontach na hÉireann a thaispeáint agus tabharfaidh Dámhachtainí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta deis dúinn aitheantas a thabhairt do na daoine sin a oibríonn – ar bhonn deonach i gcásanna áirithe agus gan stad gan staonadh i ngach cás – chun caomhnú agus cosaint na hoidhreachta sin a chinntiú. Mholfainn d’eagraithe imeachtaí le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta a gcuid díograise agus éachtaí féin ina leith sin a aithint agus iad féin nó a n-eagraíocht féin a ainmniú le haghaidh dámhachtana. Déanfaidh painéal a dtionólfaidh an Chomhairle Oidhreachta é measúnú ansin ar na hainmniúcháin a gheofar. Guím gach rath ar na heagraithe uile agus iad ag cur bailchríoch ar a gcuid pleananna don tSeachtain Náisiúnta na hOidhreachta, agus táim ag tnúth le Seachtain chorraitheach.”

Beidh sé chatagóir dámhachtana ann i mbliana, mar aon le Dámhachtainí Contae. Ar aon dul le téama na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana, breithneofar tionscadail bunaithe ar a mhéid a chomhlíonann siad na critéir a leagadh síos don tionscnamh, agus béim ar leith á cur ar oidhreacht inbhuanaithe agus bithéagsúlacht.

Dúirt Malcolm Noonan, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin: “Is cúis áthais dom gur chuir an Chomhairle Oidhreachta na catagóirí dámhachtana le haghaidh Dhámhachtainí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta ar aon dul leis an téama i mbliana, mar atá: oidhreacht inbhuanaithe agus bithéagsúlacht. Tá súil agam go spreagfaidh sé sin freagairt bhríoch i measc eagraithe, a mbeidh deis acu, trína gcuid tionscadal digiteach agus trína gcuid imeachtaí i bpearsa, béim a chur ar a thábhachtaí atá inbhuanaitheacht inár dteagmháil ar fad lenár n-oidhreacht náisiúnta – bíodh oidhreacht nádúrtha, oidhreacht thógtha nó oidhreacht chultúrtha i gceist – chun caomhnú na hoidhreachta sin a chinntiú. Is údar misnigh dom freisin go dtabharfar aitheantas d’eagraithe as cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáid ina gcuid imeachtaí, agus iad ag iarraidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta a dhéanamh níos glaise.”

Ag labhairt di ag an bhfógairt, dúirt Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta: “Tugann Dámhachtainí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta deis dúinn iarrachtaí na dtosaitheoirí, na ndíograiseoirí agus na saineolaithe i réimse na hoidhreachta ar fud na hÉireann a thaispeáint agus a cheiliúradh. Agus imeachtaí i bpearsa ar siúl an athuair le linn na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana, táimid ag tapú na deise seo chun a mheabhrú d’eagraithe imeachtaí i bpearsa agus d’eagraithe tionscadal digiteach araon nach mór dóibh iad féin a ainmniú le haghaidh dámhachtana, agus mholfainn go láidir dóibh déanamh amhlaidh. Táim ag tnúth leis na hainmniúcháin a fháil agus guím gach rath ar na hainmnithe uile.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta: “Tuigim go maith an sár-iarracht a chuireann eagraithe isteach agus iad ag ullmú tionscadal agus imeachtaí den chéad scoth agus tá sé tábhachtach go dtugtar aitheantas dóibh. Sílim go bhfuil na catagóir i mbliana oiriúnach don lá atá inniu ann, go mbíonn iontrálacha iontacha gach blian, agus go mbeidh sár-chaighdeán i measc na hiontrálacha arís i 2022.”

Cuimseoidh Dámhachtainí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana dámhachtainí contae. Cuimseoidh siad roinnt catagóirí speisialta freisin, is iad sin:

  • Dámhachtain an Laoich Oidhreachta Náisiúnta: Tabharfar an dámhachtain seo do dhuine aonair nó eagraíocht a rinne – thar thréimhse fhada ama – sár-rannchuidiú le hoidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn. Beidh an dámhachtain seo bunaithe ar ainmniúcháin a gheofar ón bpobal.
  • An Dámhachtain Oidhreachta Inbhuanaithe: Tabharfar an dámhachtain seo don imeacht nó tionscadal a léirigh an t-athcheangal is fearr le scileanna agus traidisiúin an ama atá thart agus an dóigh ar féidir na scileanna agus na traidisiúin sin a úsáid sa todhchaí nó a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Mar mhalairt air sin, tabharfar an dámhachtain don imeacht nó tionscadal a rinne an breithniú is fearr ar an dóigh ar féidir linn ár n-oidhreacht shaibhir thógtha, chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú, agus sinn ag rannchuidiú le todhchaí níos inbhuanaithe a fhorbairt ag an am céanna.
  • An Dámhachtain Bithéagsúlachta: Tabharfar an dámhachtain seo d’imeacht nó tionscadal ar éirigh leis daoine a spreagadh tuiscint níos fearr a ghnóthú don dúlra nó breithniú a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla plandaí agus ainmhithe atá ann sa limistéar agus/nó ar chaomhnú speiceas dúchasach agus tírdhreach nádúrtha agus/nó ar thodhchaí athléimneach inbhuanaithe don chomhshaol.
  • Dámhachtain an Linbh Fhiáin: Tabharfar an dámhachtain seo d’imeacht nó tionscadal ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach chun an oidhreacht agus an bhithéagsúlacht ina limistéar áitiúil a iniúchadh agus taitneamh a bhaint astu, féachaint ar an domhan timpeall orthu ar shlí eile, nó tuiscint a ghnóthú d’áilleacht éagsúil an tírdhreacha ina limistéar féin.
  • An Dámhachtain Oidhreachta Uisce: Tabharfar an dámhachtain seo don imeacht nó tionscadal a rinne an t-iniúchadh is fearr ar an dóigh ar mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó muir oidhreacht limistéir áitiúil nó don imeacht nó tionscadal a rinne an ceiliúradh is fearr ar uisce mar chuid dhílis dár n-oidhreacht nádúrtha agus mar chuid dhílis dár dtodhchaí nó a rinne an machnamh is fearr ar na nithe eile is féidir linn a dhéanamh chun an acmhainn luachmhar sin a chaomhnú.
  • Dámhachtain an Imeachta Inbhuanaithe agus Chuimsithigh: Tabharfar an dámhachtain seo d’imeacht ar éirigh leis leas a bhaint as cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun laghdú a dhéanamh ar ár lorg carbóin agus ar an tionchar atá againn ar an dúlra agus a rinne iarracht ar leith oidhreacht a chomhroinnt le gach duine sa phobal, lena n-áirítear daoine atá ag plé le hoidhreacht den chéad uair, daoine nach bhfuil aon fhréamhacha áitiúla acu agus daoine a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu.
  • An Dámhachtain Contae: Tabharfar an dámhachtain seo don imeacht nó tionscadal is fearr i ngach limistéar Údaráis Áitiúil bunaithe ar an gcumas a bhí aige na nithe seo a leanas a dhéanamh: uasmhéadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal a fhorbairt; ról a thabhairt do gach aoisghrúpa sa phobal sa tionscadal a fhorbairt nó a chur i bhfeidhm; feasacht a mhéadú ar ghné éigin d’oidhreacht sa phobal; cur le tionscadal nó líonra oidhreachta atá ann cheana sa phobal; nó breithniú a dhéanamh ar théamaí na hoidhreachta inbhuanaithe agus/nó na bithéagsúlachta.