Hide Subscribe Panel

Déan ceiliúradh ar ár n-oidhreacht uisce iontach le linn Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Image LAWPRO

Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2021, beidh Lá Oidhreachta Uisce ar siúl Dé Domhnaigh, 22ú Lúnasa. Seo deis chun an oidhreacht agus an stair a bhaineann lenár n-aibhneacha, lochanna, agus cósta iontacha a cheiliúradh.

Comhordaíonn an Chomhairle Oidhreachta Lá Oidhreachta Uisce i gcomhar le Clár Uiscí an Údaráis Áitiúil (LAWPRO). Gach bliain, eagraíonn Oifigigh Oidhreachta, Oifigigh Uisce Pobail agus grúpaí pobail imeachtaí agus tionscadail a leagann béim ar luach an uisce do thairbhí áineasa, cultúrtha, comhshaoil, agus eacnamaíochta.

Mar náisiún oileáin, tá ár n-oidhreacht agus stair múnlaithe ag an bhfarraige agus ag an iliomad aibhneacha, lochanna agus bogaigh iontacha na hÉireann. Táimíd bródúil as íomhá na hÉireann mar oileán glas agus glan. Tá an íomhá seo ag brath go hiomlán ar shláinte ár n-aibhneacha agus ár lochanna, agus na tírdhreacha máguaird, ar a dtugtar dobharcheantair uisce.

I mbliana, is éard atá i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ná an oiread duine agus is féidir a spreagadh chun taitneamh a bhaint as oidhreacht. Tá fáilte ar leith roimh ‘núíosaigh oidhreachta’ a d’fhéadfadh nach raibh baint acu le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus an Lá Oidhreachta Uisce sna blianta roimhe seo. Tá an Chomhairle Oidhreachta agus LAWPRO ag spreagadh daoine aonair, grúpaí, agus teaghlaigh chun páirt a ghlacadh i Lá Oidhreachta Uisce augs a n-abhainn, loch nó cósta áitiúil a fhiosrú trí thionscadal nó imeacht oidhreachta le linn Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Chun tionscadail nó imeachtaí Lá Oidhreachta Uisce a fháil i do cheantar áitiúil agus i do chontae tabhair cuairt ar: https://www.heritageweek.ie/projects.

Chun níos mó a fháil amach faoi LAWPRO cliceáil anseo: https://lawaters.ie/

SONRAÍ AN GHRIANGHRAFADÓRA: John Foley

Nuacht

Tuilleadh Nuachta
Heritage awards 2024 03

Craobhiomaitheoirí Náisiúnta na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2025 á bhFógairt

Aithnítear i nGradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2025 obair eagraithe imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ó thaobh imeachtaí a chruthú agus a chur ar siúl ina dtugtar chun solais ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha a thit amach fud fad na hÉireann i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.


Saothraíonn eagraithe imeachtaí ó áiteanna ar fud na hÉireann a bpaisean agus a saineolas gach bliain le heispéiris nach ligfear i ndearmad agus spreagúla a chruthú don phobal i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Thit breis agus 2,500 imeacht amach in 2025 fud fad na tíre de réir mar a ghlac pobail le cuireadh na Comhairle Oidhreachta téama na bliana seo ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’ a fhiosrú. Tugtar chun solais sna himeachtaí seo comhthiomantas d’oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a cheiliúradh.

Tá gliondar croí orainn na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta a fhógairt i measc roinnt catagóirí gradaim, a léiríonn gach ceann díobh rannchuidiú as cuimse le hoidhreacht na hÉireann.

Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí uile ag searmanas Ghradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta an 17 Deireadh Fómhair 2025, a dhéanfar a shruthú beo ar heritageweek.ie. Táimid ag tnúth le hiarrachtaí dochreidte iad siúd a cheiliúradh atá tiomanta d’oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Seo a leanas na catagóirí agus na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta don bhliain 2025: