Hide Subscribe Panel

Déan ceiliúradh ar ár n-oidhreacht uisce iontach le linn Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Image LAWPRO

Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2021, beidh Lá Oidhreachta Uisce ar siúl Dé Domhnaigh, 22ú Lúnasa. Seo deis chun an oidhreacht agus an stair a bhaineann lenár n-aibhneacha, lochanna, agus cósta iontacha a cheiliúradh.

Comhordaíonn an Chomhairle Oidhreachta Lá Oidhreachta Uisce i gcomhar le Clár Uiscí an Údaráis Áitiúil (LAWPRO). Gach bliain, eagraíonn Oifigigh Oidhreachta, Oifigigh Uisce Pobail agus grúpaí pobail imeachtaí agus tionscadail a leagann béim ar luach an uisce do thairbhí áineasa, cultúrtha, comhshaoil, agus eacnamaíochta.

Mar náisiún oileáin, tá ár n-oidhreacht agus stair múnlaithe ag an bhfarraige agus ag an iliomad aibhneacha, lochanna agus bogaigh iontacha na hÉireann. Táimíd bródúil as íomhá na hÉireann mar oileán glas agus glan. Tá an íomhá seo ag brath go hiomlán ar shláinte ár n-aibhneacha agus ár lochanna, agus na tírdhreacha máguaird, ar a dtugtar dobharcheantair uisce.

I mbliana, is éard atá i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ná an oiread duine agus is féidir a spreagadh chun taitneamh a bhaint as oidhreacht. Tá fáilte ar leith roimh ‘núíosaigh oidhreachta’ a d’fhéadfadh nach raibh baint acu le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus an Lá Oidhreachta Uisce sna blianta roimhe seo. Tá an Chomhairle Oidhreachta agus LAWPRO ag spreagadh daoine aonair, grúpaí, agus teaghlaigh chun páirt a ghlacadh i Lá Oidhreachta Uisce augs a n-abhainn, loch nó cósta áitiúil a fhiosrú trí thionscadal nó imeacht oidhreachta le linn Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Chun tionscadail nó imeachtaí Lá Oidhreachta Uisce a fháil i do cheantar áitiúil agus i do chontae tabhair cuairt ar: https://www.heritageweek.ie/projects.

Chun níos mó a fháil amach faoi LAWPRO cliceáil anseo: https://lawaters.ie/

SONRAÍ AN GHRIANGHRAFADÓRA: John Foley