Seimineáir Gréasáin d’Eagraithe
Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta sraith seimineár gréasáin a roinnt chun tacaíocht a thabhairt d’eagraithe Sheachtain na n-Oidhreachta i 2022.
Is í aidhm na seimineáir gréasáin seo ná na téamaí agus an cur chuige do Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022 a chur in aithne d’eagraithe. Cuirfear eolas praiticiúil ar fáil, tabharfar comhairle maidir le conas imeachtaí agus tionscadail oidhreachta digiteacha a fhorbairt agus beidh an deis ann foghlaim ó eagraithe Sheachtain na n-Oidhreachta eile. Tugann na seimineáir gréasáin an deis chomh maith, aon cheisteanna atá agat a chur.
Seimineár Gréasáin 1: Réamhrá de Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022
Dé Céadaoin, 22ú Meitheamh 2022
1-2 pm
Bígí linn chun achoimre ar Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2022 a fháil, lena n-áirítear eolas faoi na téamaí i mbliana (oidhreacht inbhuanaithe agus bithéagsúlacht), dátaí tábhachtacha agus cúpla leid ó eagraithe imeachtaí agus tionscadail Sheachtain na n-Oidhreachta faoi chonas imeachtaí le daoine i láthair agus tionscadail oidhreachta digiteacha a eagrú.
Beidh tuilleadh eolais faoi na cainteoirí agus nasc chun clárú a dhéanamh ar fáil go luath.
Seimineár Gréasáin 2: Ag eagrú imeachtaí inbhuanaithe
Dé Céadaoin, 29ú Meitheamh 2022
1-2 pm
Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta fáilte ar ais a chur roimh fhilleadh imeachtaí le daoine i láthair. Labhrófar sa seimineár gréasáin seo faoi chonas imeachtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a eagrú, ag baint úsáid as dea-chleachtas. Roinnfidh aoichainteoirí a bhfuil taithí acu, comhairle phraiticiúil maidir le conas a chinntiú go mbíonn an timpeallacht mar chuid lárnach i d’imeacht.
Beidh tuilleadh eolais faoi na cainteoirí agus nasc chun clárú a dhéanamh ar fáil go luath.
Agus tú ag pleanáil d’imeacht nó tionscadal i 2022, féach siar ag na seimineár gréasáin a déanadh i 2022 chun eolas úsáideach agus ionspioráid a fháil.
Ag cur do thionscadal ar líne (2021)
Is féidir foghlaim faoi na modhanna agus na buntáistí a bhaineann le bheith ag roinnt oidhreacht dhigiteach.
Do thionscadal agus an chumarsáid (2021)
Is féidir foghlaim faoi chonas do thionscadal a roinnt go forleathan sna meáin shóisialta agus trí na meáin áitiúla.