Hide Subscribe Panel

Déanann Gradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta de chuid na Comhairle Oidhreachta ceiliúradh ar na tionscadail agus na himeachtaí is spéisiúla a eagraíonn eagraithe imeachta na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.

Tugann an Chomhairle Oidhreachta na himeachtaí is fearr le chéile gach bliain ón tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair a dhéanann pobail agus eagraíochtaí le himeachtaí a chruthú don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta.

Tugaimid cuireadh duit cabhrú linn na daoine siúd a thabhairt chun solais a chuireann le béim a leagan ar ár n-oidhreacht, ar na daoine a chabhraíonn leis na glúnta amach anseo a mhúnlú agus a spreagadh a bheith ina gcoimeádaithe ar ár n-oidhreacht.

Catagóirí Gradaim Náisiúnta 2025

An Gradam Ár mBunchlocha a Fhiosrú

Bronntar an Gradam Ár mBunchlocha a Fhiosrú ar imeacht a rinne iarracht speisialta téama 2025 na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta – Ár mBunchlocha a Fhiosrú, a chur san áireamh. Is é sin, ba cheart go léireofaí san imeacht an nasc atá aige le téama na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta a spreagann an lucht freastail bloic thógála ár n-oidhreachta a fhiosrú; agus ní hamháin na struchtúir a nochtadh atá timpeall orainn, ach na gnéithe cultúrtha agus nádúrtha sin freisin a d’imir tionchar orainn agus ar ár bpobail.

Gradam Imeacht na Leanaí Fiáine

Bronntar Gradam Imeacht na Leanaí Fiáine ar imeacht a thit amach ar Lá na Leanaí Fiáine, an 23 Lúnasa 2025, ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach faoin aer agus an oidhreacht agus an bhithéagsúlacht nádúrtha ina gceantar áitiúil a fhiosrú.

Gradam an Lae Oidhreachta Uisce I gcomhar le Clár Uiscí an Údaráis Áitiúil

Bronntar an Gradam Oidhreachta Uisce ar imeacht ar an Lá Oidhreachta Uisce, a cuireadh ar siúl an 24 Lúnasa 2025. I measc na n-imeachtaí a ndéantar breithniú orthu, tá iad siúd a d’fhiosraigh conas a mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó an fharraige oidhreacht cheantair áitiúil nó conas a rinne siad ceiliúradh ar an uisce mar chuid lárnach dár n-oidhreacht nádúrtha.

An Gradam Oidhreachta Ionchuimsithí

Bronntar an Gradam Oidhreachta Ionchuimsithí ar imeacht nó ar thionscadal a rinne iarracht speisialta an oidhreacht a roinnt le gach duine sa phobal, iad siúd ina measc:

- nach bhfuil cur amach ar an oidhreacht acu

- iad siúd nach as an gceantar dóibh

- iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu

- iad siúd in aoischatagóirí éagsúla

An Gradam Gaeilge

Bronntar an Gradam Gaeilge ar imeacht a thit amach trí Ghaeilge agus/nó a spreag gníomhaíocht nó rannpháirtíocht i nGaeilge.

An Gradam Inbhuanaitheachta agus Aeráide

Bronntar an Gradam Oidhreachta Inbhuanaitheachta agus Aeráide ar imeacht a rinne iarracht cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh lenár lorg carbóin agus ár dtionchar ar an domhan nádúrtha a laghdú

Nó ar imeacht a chuir oideachas ar fáil ar thionchar an athraithe aeráide agus ar chleachtais mhaithe inbhuanaitheachta.

An Gradam Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe - Gradam Mhichíl Uí Mhuircheartaigh

Bronntar an Gradam Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe ar imeacht nó ar thionscadal ar éirigh leis tuiscint níos fearr a spreagadh ar ghné dár n-oidhreacht chultúir dholáimhsithe - ceardaíocht, scileanna, nósanna agus cleachtais.

Gradam Contae

Aitheantas atá sa Ghradam Contae ar an imeacht is fearr i limistéar údaráis áitiúil.

Gradam Laoch Oidhreachta 2025

Bronnann an Chomhairle Oidhreachta an Gradam Laoch Oidhreachta ar dhuine nó ar eagraíocht a léirigh gur chuir siad go mór leis an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn thar tréimhse fhada ama. Bunaítear an gradam seo ar ainmniúcháin ón bpobal.


Aithníonn an gradam seo an obair a rinneadh ar mhaithe leis an oidhreacht in Éirinn agus conas a cuireadh léi. Tá fáilte roimh ainmniúcháin ón bpobal do dhuine nó d’eagraíocht a gceapann tú a bhfuil an gradam seo tuillte acu.

Gradam Contae

Anuas ar na Gradaim Náisiúnta (thuas). Bronnann an Chomhairle Oidhreachta ‘Gradam Contae’ freisin ar an imeacht nó an tionscadal is fearr i ngach limistéar Údaráis Áitiúil, mar a ainmnítear iad. Bunaítear an gradam seo ar a fheabhas a mhúscail an t-imeacht nó an tionscadal feasacht ar ghné den oidhreacht agus conas a chuir siad an t-imeacht chun cinn agus conas a bhí an pobal bainteach ann.

Féach ar na buaiteoirí don bhliain 2024 thíos

Dáta Deiridh

Dáta Deiridh

Is é an dáta deiridh d’iontrálacha meán oíche Dé Máirt, an 9 Meán Fómhair 2025

Searmanas Bronnta Gradam

Titfidh an searmanas bronnta gradam amach Dé hAoine, an 17 Deireadh Fómhair 2025 ag Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath.