Hide Subscribe Panel

Gradaim Oidhreachta Náisiúnta

D’fhógair an Chomhairle Oidhreachta mionsonraí faoi Dhámhachtainí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta i mbliana, agus í ag iarraidh ainmniúchán ó eagraithe imeachtaí agus tionscadail ar fud na hÉireann.

Ní ionann an cur chuige i mbliana agus an ceann a glacadh sa dá bhliain roimhe, ar lena linn a iontráladh gach eagraí go huathoibríoch le haghaidh dámhachtain a bhuachan. Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm mar gheall ar an gcur chuige digiteach a glacadh i leith na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta mar thoradh ar an bpaindéim.

I bhfianaise fhilleadh iomlán na n-imeachtaí i bpearsa, áfach, ní mór d’eagraithe tionscadal digiteach agus d’eagraithe imeachtaí i bpearsa iad féin a chur chun cinn lena mbreithniú i mbliana. Glacfar le hainmniúcháin le haghaidh na nDámhachtainí Oidhreachta Náisiúnta idir an Dé Sathairn 12 Lúnasa agus 5 i.n. Dé Luain an 4 Meán Fómhair

Beidh foirm ainmniúcháin ar fáil ar www.heritageweek.ie.

Cuimseoidh Dámhachtainí na Seachtaine Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana dámhachtainí contae. Cuimseoidh siad roinnt catagóirí speisialta freisin, is iad sin:

  • Dámhachtain an Laoich Oidhreachta Náisiúnta: Tabharfar an dámhachtain seo do dhuine aonair nó eagraíocht a rinne – thar thréimhse fhada ama – sár-rannchuidiú le hoidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn. Beidh an dámhachtain seo bunaithe ar ainmniúcháin a gheofar ón bpobal.
  • An Dámhachtain Bithéagsúlachta: Tabharfar an dámhachtain seo d’imeacht nó tionscadal ar éirigh leis daoine a spreagadh tuiscint níos fearr a ghnóthú don dúlra nó breithniú a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla plandaí agus ainmhithe atá ann sa limistéar agus/nó ar chaomhnú speiceas dúchasach agus tírdhreach nádúrtha agus/nó ar thodhchaí athléimneach inbhuanaithe don chomhshaol.
  • Dámhachtain an Linbh Fhiáin: Tabharfar an dámhachtain seo d’imeacht nó tionscadal ar éirigh leis leanaí agus teaghlaigh a spreagadh dul amach chun an oidhreacht agus an bhithéagsúlacht ina limistéar áitiúil a iniúchadh agus taitneamh a bhaint astu, féachaint ar an domhan timpeall orthu ar shlí eile, nó tuiscint a ghnóthú d’áilleacht éagsúil an tírdhreacha ina limistéar féin.
  • An Dámhachtain Oidhreachta Uisce: Tabharfar an dámhachtain seo don imeacht nó tionscadal a rinne an t-iniúchadh is fearr ar an dóigh ar mhúnlaigh canáil, abhainn, loch nó muir oidhreacht limistéir áitiúil nó don imeacht nó tionscadal a rinne an ceiliúradh is fearr ar uisce mar chuid dhílis dár n-oidhreacht nádúrtha agus mar chuid dhílis dár dtodhchaí nó a rinne an machnamh is fearr ar na nithe eile is féidir linn a dhéanamh chun an acmhainn luachmhar sin a chaomhnú.
  • Dámhachtain an Imeachta Inbhuanaithe agus Chuimsithigh: Tabharfar an dámhachtain seo d’imeacht ar éirigh leis leas a bhaint as cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun laghdú a dhéanamh ar ár lorg carbóin agus ar an tionchar atá againn ar an dúlra agus a rinne iarracht ar leith oidhreacht a chomhroinnt le gach duine sa phobal, lena n-áirítear daoine atá ag plé le hoidhreacht den chéad uair, daoine nach bhfuil aon fhréamhacha áitiúla acu agus daoine a bhfuil riachtanais bhreise inrochtaineachta acu.
  • An Dámhachtain Contae: Tabharfar an dámhachtain seo don imeacht nó tionscadal is fearr i ngach limistéar Údaráis Áitiúil bunaithe ar an gcumas a bhí aige na nithe seo a leanas a dhéanamh: uasmhéadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal a fhorbairt; ról a thabhairt do gach aoisghrúpa sa phobal sa tionscadal a fhorbairt nó a chur i bhfeidhm; feasacht a mhéadú ar ghné éigin d’oidhreacht sa phobal; cur le tionscadal nó líonra oidhreachta atá ann cheana sa phobal; nó breithniú a dhéanamh ar théamaí na hoidhreachta inbhuanaithe agus/nó na bithéagsúlachta.

Critéir Gradaim

Sílfear gach tionscadal ma comhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha síos le haghaidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022 a leanas:

  • Coinne pobal: An raibh an coinne is mó agus is feidir a bheith aige ag an tionscadal leis an phobal áitiúla?
  • Coibriú trasna na glúine: Ar tharraing an tionscadal glúinte éagsula le chéile chun eolais agus scileanna a roinnt?
  • Múscailt feasachta: An bhfuil plean ann chun feasacht an tionscadal a spreagadh i measc an phobal agus níos faide?
  • Líonraí / acmhainní atá ann: Ar bhain eagraithe úsáid as achmhainní agus eagraíochtaí oidhreachta eile (suíomh gréasáin, treoirleabhair,srl.) chun eolas a fháil da tionscadal fhéin?

Caithfidh gach tionscadal gné amháin oidhreacht nadúrtha, cultúrtha nó tógtha ar a laghad a cuir chun cinn, agus caithfidh go bhfuil luach oideachasúil soiléir aige chun cabhrú le daoine níos mó eolas a fháil faoi oidhreacht.

Cuimhneoidh phainéal na moltóirí, atá cuirithe le cheile ag an Comhairle Oidhreachta, na tionscadal oidhreachta a cuirfear isteach le haghaidh gradam ins na critéir atá thuas. Fógrófar na gradaim i mhí Deireadh Fomhair 2023.

Má tá aon ceist agut faoi Gradaim Seactain Náisiúnta na hOidhreachta, teigh i dteagmháil le heritagewee@heritagecouncil.ie.