Hide Subscribe Panel

Ag Cosaint Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann

MX7 A4670

Oibríonn Sarah Trimble san Aonad um Beartas Cultúir Idirnáisiúnta den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ceann de na príomhréimsí freagrachta atá uirthi is ea Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe, rud a bhfuil sé i gceist leis suíomh Gréasáin an Fhardail Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a nuashonrú, imeachtaí a eagrú chun cabhrú le cleachtais Oidhreachta Cultúir Dholáimhsithe a chur chun cinn agus a chaomhnú, tacaíocht a thabhairt d’iarratasóirí atá ag lorg inscríbhinn ar an bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe, agus cruinnithe an Choiste Chomhairligh Saineolaithe um Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chomhordú.

An Bheachaireacht


Ar smaoinigh tú riamh ar na gnéithe uile atá tábhachtach duit agus a bhfuil do chultúr agus d’oidhreacht comhdhéanta díobh? Cé na gnéithe is tábhachtaí duitse? An traidisiún, ceird nó cleachtas sóisialta a chuirtear ar aghaidh trí do chlann nó do phobal leis na cianta é nó í? Nó b’fhéidir gur scil nó cleachtas ar leith atá i mbaol a caillte nó a chaillte mura ndéantar an t-eolas a chomhroinnt agus a chothabháil go ceann na mblianta é nó í?

Na cleachtais sin, ar cleachtais iad atá ríluachmhar agus, i roinnt cásanna, atá i mbaol, is minic a thugtar ‘Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe’ orthu agus mínítear sa phostáil seo conas a oibríonn an Roinn lena lán cleachtóirí agus eagraíochtaí chun cabhrú le hoidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann a chosaint agus le hí a choinneáil beo le haghaidh na nglúnta atá le teacht.

Imríonn an oidhreacht chultúir dholáimhsithe ról tábhachtach san éagsúlacht chultúrtha a chothabháil. Ní hé amháin go bhfolaíonn ‘oidhreacht chultúir’ séadchomharthaí, foirgnimh, déanmhais agus rudaí, folaíonn sí freisin na scileanna agus na traidisiúin a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Agus iad faighte le hoidhreacht ónár sinsir agus curtha ar aghaidh chuig ár sliochtaigh, folaíonn na píosaí ríluachmhara oidhreachta cultúir dholáimhsithe sin traidisiúin bhéil, na taibh-ealaíona, cleachtais shóisialta, ceardaíocht thraidisiúnta agus eolas agus cleachtais lena mbaineann an dúlra agus an chruinne. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí na traidisiúin sin beo trí iarrachtaí caomhnaithe agus trí thacú lena dtarchur ó ghlúin go glúin. Mura ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfadh go gcaillfí a lán gnéithe d’oidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann go deo.

Coinbhinsiún UNESCO, 2003

Is í an bhliain seo Comóradh 20 Bliain bhunú Choinbhinsiún UNESCO chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú, 2003.
Is as an gcoinbhinsiún sin do roinnt mhaith de na sainmhínithe ar cad is oidhreacht chultúir dholáimhsithe ann. Mar shampla, sainmhínítear oidhreacht chultúir dholáimhsithe sa choinbhinsiún sin mar thagairt do na cleachtais, na léirithe, an t-eolas agus na scileanna a aithníonn pobail agus grúpaí mar chuid dá n-oidhreacht chultúir. Cuirtear ar aghaidh í ó ghlúin go glúin agus aithnítear í faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

• Traidisiúin bhéil agus léirithe;
• Na taibh-ealaíona;
• Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla;
• Eolas agus cleachtais lena mbaineann an dúlra agus an chruinne; agus
• Ceardaíocht thraidisiúnta.

Tá níos mó i gceist le cuspóir an Choinbhinsiúin ná a shainmhíniú cad is oidhreacht chultúir dholáimhsithe ann. Tá sé i gceist leis freisin oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chaomhnú; a chinntiú go mbíonn meas ann ar oidhreacht chultúir dholáimhsithe na bpobal, na ngrúpaí agus na ndaoine aonair lena mbaineann; feasacht a mhúscailt ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta ar cé chomh tábhachtach is atá sí; léirthuiscint fhrithpháirteach di a chinntiú; agus soláthar a dhéanamh do chomhar idirnáisiúnta agus do chabhair idirnáisiúnta.

Iascaireacht-eangaí

Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann

I mí na Nollag 2015, dhaingnigh Éire Coinbhinsiún UNESCO chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú, 2003, agus é mar aidhm aici Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann a chaomhnú, léirthuiscint di a chinntiú, agus feasacht uirthi a mhéadú.

Áirítear le hoibleagáidí na hÉireann faoi Choinbhinsiún 2003 Fardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a bhunú chun cleachtais, nósanna, ceardaíocht agus traidisiúin oidhreacht chultúir dholáimhsithe bheo na hÉireann a chosaint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Sa bhliain 2019, sheol an tAire Cultúir an Fardal Náisiúnta go hoifigiúil agus, tráth atá an méid seo á scríobh, tá 38 ngné d’oidhreacht bheo na hÉireann inscríofa ann.

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag leanúint de ghlacadh le hiarratais chuig an bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ar bhonn leanúnach. Is é Coiste Comhairleach Saineolaithe a mheasúnaíonn na hiarratais. Breithníonn sé an sampla d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (de réir an tsainmhínithe i gCoinbhinsiún 2003) é an ghné ainmnithe nó nach ea, an bhfuil go leor tacaíochta agus rannpháirtíochta ann i measc an phobail don ghné nó nach bhfuil, agus an gcuirtear an ghné ainmnithe ar aghaidh ó ghlúin go glúin nó nach gcuirtear.

Cuireann an Coiste na moltaí uaidh faoi bhráid an Aire Cultúir ansin.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoin bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus faoi fhís, misean agus prionsabail na Roinne ó thaobh na hoidhreachta cultúir dholáimhsithe de a fháil ag https://nationalinventoryich.chg.gov.ie/ga/maidir-le-hoidhreacht-chultuir-dholaimhsithe/

Anuraidh, chuir Éire an tuarascáil thréimhsiúil uaithi chuig UNESCO chun breac-chuntas a thabhairt ar na bearta reachtacha, rialála agus eile a gabhadh de láimh chun an oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chaomhnú. Le linn an tuarascáil ó Éirinn a ullmhú, leagadh díriú ar shuirbhéireacht leathan a dhéanamh ar gheallsealbhóirí ábhartha agus ar chaidreamh leathan a dhéanamh leo. Beidh fionnachtana na tuarascála ina mbonn eolais agus treorach faoi phleananna agus tosaíochtaí le haghaidh an oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chaomhnú sna blianta atá le teacht, agus an Fhís, an Misean agus na Prionsabail atá leagtha amach le haghaidh na hoidhreachta cultúir dholáimhsithe in Éirinn á gcur ar áireamh. Is féidir na Tuarascálacha Tréimhsiúla ó Éirinn a íoslódáil ag anseo.

Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna

Iarratasóirí rathúla chuig an bhFardal Náisiúnta, féadfaidh an Stát iad a chur ar aghaidh freisin lena n-inscríobh ar Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna, a bhfuil an Stát i dteideal ainmniúchán amháin a dhéanamh chuige gach bliain.

Iománaíocht

Agus an méid seo á scríobh, d’éirigh le hÉirinn ceithre ghné dár nOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a inscríobh ar Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna. Inscríobhadh an Phíobaireacht Uilleann sa bhliain 2017, inscríobhadh an Iománaíocht sa bhliain 2018, inscríobhadh an Chruitireacht Ghaelach sa bhliain 2019 agus, rud ba dhéanaí fós, inscríobhadh an tSeabhcóireacht sa bhliain 2021, a chuaigh leis an inscríbhinn ilnáisiúnta don tSeabhcóireacht a bhí ann cheana.

I mí an Mhárta i mbliana, cuireadh iarratas (a bhí faoi stiúir ag Éirinn) isteach chuig UNESCO chun Éire, an Ostair, Andóra, an Bheilg agus Lucsamburg a chur ar áireamh san inscríbhinn Tógála Cloiche Tirime atá ann cheana ar Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna. Táimid ag tnúth go mór leis an gcinneadh ó UNESCO ar an iarratas sin, atá le tabhairt i mí na Nollag 2024!

Toradh atá ar aitheantas idirnáisiúnta a ghnóthú do na cleachtais sin i ndlúthchomhar leis na pobail lena mbaineann is ea go dtacófar lena gcaomhnú le haghaidh na nglúnta atá le teacht. Toradh eile atá air is ea go ndéantar admháil agus ceiliúradh ar obair na nglúnta sin a choinnigh na traidisiúin sin beo agus go dtugtar deis iontach na gnéithe tábhachtacha sin de chultúr na hÉireann a chomhroinnt le daoine eile.

Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann a Chosaint agus a Chaomhnú

Ag obair di i gcomhar leis na cleachtóirí oidhreachta cultúir dholáimhsithe agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tiomanta do thacú le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.


Is féidir iarratais ar inscríbhinn ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chur chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán am ar bith. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh agus faoi na critéir a theastaíonn, féach suíomh Gréasáin Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe.

Cleamairí Fhine Gall

Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023

Agus, ar ndóigh, ná déan dearmad amharc ar shuíomh Gréasáin Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun a fháil amach cé na himeachtaí a bheidh ar siúl cóngarach duit lena gcabhrófar le hoidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann a chur chun cinn agus a chaomhnú. Agus í ar siúl ón 12 Lúnasa go dtí an 20 Lúnasa agus ag díriú ar théama ‘na hOidhreachta Beo’, is cinnte go mbeidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana ina seachtain iontach a bheidh lán de dheiseanna chun ár gcuid traidisiún, cleachtas, eolais agus scileanna a iniúchadh. Is féidir leat freisin clárú chun imeacht/tionscadal a óstáil ag https://www.heritageweek.ie/ga/get-involved/organise-an-event-1

Pórtha Madraí Ginealacha Dúchasacha na hÉireann