Conas is féidir linn ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’?
Is féidir leat ár mbunchlocha a fhiosrú trí imeachtaí, ceardlanna, cainteanna agus taispeántais.
Is iomaí bealach san oidhreacht thógtha atá ann le hiad a fhiosrú. Trí imeachtaí ar féidir leo súil a chaitheamh ar ailtireacht Reiligiúnach, a dhíríonn ar shéipéil, ar ardeaglaisí agus ar mhainistreacha etc.
Ailtireacht tráchtála, ina ndírítear ar shiopaí, siopaí ilrannacha, oifigí, tithe ceannaí etc., ailtireacht Thionsclaíoch, suíomhanna táirgthe atá ann faoi láthair agus a bhíodh ann, seanmhonarchana, muilte, stáisiúin iarnróid, trádstórais, simléir etc., ailtireacht intíre, áiteanna cónaithe príobháideacha agus foirgnimh dhúchasacha áitiúla agus séadchomharthaí agus dealbha Comórtha. Cuirtear deiseanna ar fáil i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta do phobail na foirgnimh a thaispeáint a bhfuil agus a raibh luach acu orthu roimhe seo, cibé acu más foirgnimh ghalánta nó struchtúir shimplí fheidhmiúla iad.
Ba cheart dúinn chomh maith an t-eolas, na scileanna agus an cheardaíocht a aithint a bhí i gceist agus ár bhfoirgnimh á gcruthú. Chuir go leor oibrithe oilte leis an bpróiseas tógála. Is féidir na scileanna difriúla sin a dhéanann ár bhfoirgnimh a fhí le chéile a scrúdú; saoirseacht thraidisiúnta chloiche, plástráil aoil, tuíodóireacht, gaibhneacht dhubh agus scileanna eile. Is minic nach fios cé na ceardaithe fir agus mná seo agus ligeadh i ndearmad go leor díobh. Is beag athrú atá tagtha ar na teicnící a úsáidtear sa tógáil agus sa mhaisiúchán le himeacht ama, fiú cé gur tháinig roinnt feabhsúcháin mheicniúla orthu. Cé nach bhfuil na scileanna traidisiúnta seo flúirseach, tá siad bunriachtanach ar mhaithe lenár n-oidhreacht thógtha a chaomhnú.
Nuair a smaoinímid faoi bhunchlocha, is minic go smaoinímid faoi fhoirgnimh ach tá i bhfad níos mó i gceist leo. Tógtar ár sochaí ar ár gcultúr agus tá oidhreacht chultúir dholáimhsithe an chaithimh aimsire, na scileanna agus na dtraidisiún go léir mar chuid dár mbunchlocha. Is tábhachtach stopadh agus machnamh a dhéanamh i ndomhan an lae inniu ar na scileanna traidisiúnta agus an caitheamh aimsire atá ag éirí scáinte. Is tábhachtach go leantar leis na traidisiúin seo a thabhairt aníos ó ghlúin go glúin lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú. Cuirtear deis ar fáil sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun níos mó ná an méid atá díreach os ár gcomhair a fhiosrú, ach an áit as ar tháinig sé a fhiosrú. Trí na scéalta seo a nochtadh agus ceardaithe traidisiúnta i mbun oibre a thaispeáint, is féidir linn an ghlúin níos óige a spreagadh tabhairt faoin gcaitheamh aimsire agus na scileanna tábhachtacha seo.
Is iomaí deis a chuirtear ar fáil dúinn inár ndomhan nádúrtha chun ár mbunchlocha a fhiosrú.