Beidh Lá Linbh Fiáin ar siúl Dé Céadaoin 18ú Lúnasa agus tá an Chomhairle Oidhreachta ag spreagadh leanaí agus teaghlaigh chun na gléasanna a ligean uathu, agus dul amuigh faoin aer chun oidhreacht a fhiosrú ina gceantar féin.
Is deis í seo chun teagmháil a dhéanamh leis na díograiseoirí oidhreachta óga sin agus sceitimíní a chur orthu faoi athcheangal a dhéanamh leis an saol amuigh faoin aer agus taithneamh a bhaint as ár seoda náisiúnta.
Ghlac eagraithe tionscadail leis an teachtaireacht seo agus mar ullmhúchán do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, bhí siad ag obair chun tionscadail a chruthú a léireoidh ‘oidhreacht do gach aois’.
Cibé an bhfuil staraí atá ag teacht i gcrann agat, ealaíontóir amach anseo, nó seandálaí spreagtha sa bhaile, tá imeacht ann ar féidir le gach díograiseoir oidhreachta óg taitneamh a bhaint as.
Chun imeachtaí Lá Linbh Fiáin agus tionscadail eile atá oiriúnach do leanaí agus do dhaoine óga a fháil tabhair cuairt ar: https://www.heritageweek.ie/projects.