Hide Subscribe Panel

Seachtain Náisiúnta Oidhreachta: Caithimh Aimsire | Aimsir Chaite

Heritage Week 2019 Cover Image Website

Tóg siúlóid stairiúil agus foghlaim faoin bhforbairt atá tagtha ar ár n-am saor i mbealaí atá fíorshuimiúil go minic.

Ón 17-25 Lúnasa 2019, eagróidh na céadta eagraithe imeachtaí de chuid institiúidí náisiúnta agus eagraíochtaí pobail áitiúla imeachtaí ar fud na tíre don Seachtain Náisiúnta Oidhreachta.

Comhordaithe ag an gComhairle Oidhreachta, is í Seachtain Náisiúnta Oidhreachta an ócáid chultúrtha is coitianta in Éirinn agus táthar ag súil go nglacfaidh os cionn 450,000 duine páirt i níos mó ná 2,000 imeachtaí oidhreachta. Tá an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta mar chuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa a chuireann oidhreacht chultúrtha chomónta na hEorpa chun cinn.

Tá na caithimh aimsire atá againn sa lá ata inniu ann múnlaithe ag na céadta blianta de scéalaíocht, ceardaíocht, spórt agus ceol.

Le linn Seachtain Oidhreachta beidh an deis ag gach duine nasc a dhéanamh lena n-oidhreacht; taitneamh a bhaint aisti, meas a léiriú di agus í a roinnt.

Ar mhaith leat a bheith i d’eagraí imeachta? Roghnaigh d’imeacht ón liosta seo nó smaoinigh ar d’imeacht féin!

100 Rogha Imeachtaí do Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2019

Nuacht

Tuilleadh Nuachta
Heritage awards 2024 03

Craobhiomaitheoirí Náisiúnta na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2025 á bhFógairt

Aithnítear i nGradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2025 obair eagraithe imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ó thaobh imeachtaí a chruthú agus a chur ar siúl ina dtugtar chun solais ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha a thit amach fud fad na hÉireann i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.


Saothraíonn eagraithe imeachtaí ó áiteanna ar fud na hÉireann a bpaisean agus a saineolas gach bliain le heispéiris nach ligfear i ndearmad agus spreagúla a chruthú don phobal i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Thit breis agus 2,500 imeacht amach in 2025 fud fad na tíre de réir mar a ghlac pobail le cuireadh na Comhairle Oidhreachta téama na bliana seo ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’ a fhiosrú. Tugtar chun solais sna himeachtaí seo comhthiomantas d’oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a cheiliúradh.

Tá gliondar croí orainn na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta a fhógairt i measc roinnt catagóirí gradaim, a léiríonn gach ceann díobh rannchuidiú as cuimse le hoidhreacht na hÉireann.

Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí uile ag searmanas Ghradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta an 17 Deireadh Fómhair 2025, a dhéanfar a shruthú beo ar heritageweek.ie. Táimid ag tnúth le hiarrachtaí dochreidte iad siúd a cheiliúradh atá tiomanta d’oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Seo a leanas na catagóirí agus na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta don bhliain 2025: