Hide Subscribe Panel
Siúlóid Staire le Aonghus Ó h Almhain Instagram Square

Siúlóid Staire faoi Bhaile an Chinnéidigh le Aonghus Ó hAlmhain

18 Lúnasa, 7in - 8in

  • Óstan Parkview
  • Main Street
  • A63 FX72
  • Co. Cill Mantáin

Cé nár bunaíodh Baile an Chinnéidigh go dtí an 17ú aois, nuair a tháinig Muintir Cinnéide, Gaeil a d’iompaigh go Eaglais na hÉireann, chun cinn, tá an ceantar stairiúil riamh anall. Tá sé i mbarúntacht an Chaisleáin Nua mar ar raibh eastát Ríoga a bhunaigh Rí Eoin "gan talamh"; (Jean sans Terre) san 12ú aois. Bhí sé ar teorainn an Pháil, agus na Branaigh agus na Tuathalaigh ag brú isteach i gcónaí, agus á ghabháil scaití. Níor déanadh contae de Chill Mhantáin go dtí 1606.
Bhí cath sa bhaile i 1798; agus tá baint ag an mbaile le Robert Monteith a thug gunnaí i dtír i gCill Comhghall i 1916 agus a gabhadh le Ruairí Mhic Easmainn. Tá cuimhneacháin agus iarsmaí a réanna seo le feiceáil sa bhaile nó gar dó. Taispeánfar na hiarsmaí seo le linn an turais agus tabharfar creatlach an scéil.


Tuilleadh Eolais

Craobh Bhaile an Chinnéidigh


Foghlaim níos mó faoin eagraitheoir



Léigh Tuilleadh