
Camchuairt Chluain Eois
Ba bhreá linn turas coisíochta as Gaeilge a reáchtáil chuig na foirgnimh agus na háiteanna stairiúla i mBaile Chluain Eois. Beidh treoraí oilte, cumasach agus líofa linn ar an lá a chuirfidh stair agus oidhreacht na háite i láthair dúinn.
Beidh an t-imeacht seo ar oscailt don phobal ar fad, idir óg agus aosta.
Buailfidh muid le chéile ag Oifig Mhuineachán le Gaeilge, áit a bhfaighidh muid an bus go dtí Cluain Eois. Is féidir le muintir Chluain Eois agus na ceantair máguaird bualadh linn sa bhaile in áit an bus a fháil linn.
Bheadh suim mhór againn sean-teach an mhargaidh, an cloigtheach, séipéal agus ardchros a bhunaigh Naomh Tighearnach, reilig Tighearnaigh, dún móta agus bábhún, mainistir Pheadair is Phóil, ionad Cassandra Hand chomh maith le stóras na canála a fheiceáil ar an chamchuairt seo.