Hide Subscribe Panel
Aodán Ó Conchúir

Aodán Ó Conchúir - Taispeántas Grianghrafanna

15 - 23 Lúnasa, 10rn - 4in

  • Músaem Chorca Dhuibhne
  • Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí
  • V92HY83
  • Co. Ciarraí

Bígí linn do thaispeántas speisialta de ghrianghraif ó bhailiúchán Aodán Uí Chonchúir, grianghrafadóir gairmiúil a thaifead saol Chorca Dhuibhne sna 1970-1990aí. Beidh rogha de ghrianghraif nua-dhigitithe ar taispeáint den gcéad uair, mar aon le taispeántas sleamhnáin ar lúb leanúnach a thabharfaidh léargas níos doimhne ar an mbailiúchán. Tá sé beartaithe cuid den mbailiúchán seo a chur ar fáil ar líne níos déanaí i mbliana, rud a chinnteoidh go mbeidh sé inrochtana ag an bpobal ar fad.

I Músaem Chorca Dhuibhne, beidh deis ag cuairteoirí cuimhní agus scéalta a roinnt, agus cabhrú linn daoine, áiteanna agus imeachtaí atá le feiiscint sna grianghraif a aithint. Cuirfidh an rannpháirtíocht seo le cruinneas agus le saibhreas na cartlainne.

Is imeacht é seo do gach aoisghrúpa agus d'éinne gur spéis leo stair, oidhreacht agus cuimhní pearsanta ó Chorca Dhuibhne. Beidh fáilte roimh chách.


Tuilleadh Eolais

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne (CFCD)


Foghlaim níos mó faoin eagraitheoir



Deontas Comhairle Oidhreachta

Tá an imeacht seo mar chuid de tionscadal a bhfuil maoiniú faighte aige ó Scéim Deontais na gComhairle Oidhreachta i 2026.

Tá maoiniú faighte ag an tionscadal seo ón gComhairle Oidhreachta


Léigh Tuilleadh