
Siúlóid Staire faoi Bhaile an Chinnéidigh le Aonghus Ó hAlmhain
Cé nár bunaíodh Baile an Chinnéidigh go dtí an 17ú aois, nuair a tháinig Muintir Cinnéide, Gaeil a d’iompaigh go Eaglais na hÉireann, chun cinn, tá an ceantar stairiúil riamh anall. Tá sé i mbarúntacht an Chaisleáin Nua mar ar raibh eastát Ríoga a bhunaigh Rí Eoin "gan talamh"; (Jean sans Terre) san 12ú aois. Bhí sé ar teorainn an Pháil, agus na Branaigh agus na Tuathalaigh ag brú isteach i gcónaí, agus á ghabháil scaití. Níor déanadh contae de Chill Mhantáin go dtí 1606.
Bhí cath sa bhaile i 1798; agus tá baint ag an mbaile le Robert Monteith a thug gunnaí i dtír i gCill Comhghall i 1916 agus a gabhadh le Ruairí Mhic Easmainn. Tá cuimhneacháin agus iarsmaí a réanna seo le feiceáil sa bhaile nó gar dó. Taispeánfar na hiarsmaí seo le linn an turais agus tabharfar creatlach an scéil.