Hide Subscribe Panel
Poster Cuisle an Chomhshaoil

Cuisle an Chomhshaoil - Siúlóid dúlra & ceoil | Ceardlanna Ealaíne | Ceolchoirm

21 August, 11:30am - 9pm

  • Seanscoil Sailearna
  • Indreabhán, Co. na Gaillimhe
  • H91 W925
  • Co. Galway – County

Lá cruthaitheach gníomhaíochais i Seanscoil Sailearna ar an 21ú Lúnasa.

Tabharfaidh an lá seo deis don phobal, idir óg agus sean, cuid de na ceisteanna a bhaineann leis an timpeallacht a chíoradh ar bhealach cruthaitheach agus samhailteach. Beidh trí chuid i gceist leis an lá - siúlóid dúlra agus ceoil, ceardlanna ealaíne do dhaoine óga, agus ceolchoirm.

11.30 - 13.00: Siúlóid Dúlra & Ceoil
Siúlóid i gceantar Chois Fharraige, treoraithe ag Seathrún Ó Tuairisg, Éanna Hyland agus Peadar-Tom Mercier, le muid a thumadh i bhfuaimrian an nádúir agus an cheoil agus chun foghlaim faoi chaomhnú bithéagsúlachta agus uisce sa gceantar.

14.00 - 16.00: Ceardlanna Ealaíne
Rogha ceardlann do dhaoine óga idir 15-25 a dhíreoidh ar úsáid a bhaint as ár n-oidhreacht le todhchaí inbhuanaithe agus dóchasach a shamhlú.
Ceol & amhránaíocht, Ealaín (zines), Filíocht chomhaimseartha

17.00 - 19.00 Cuisle an Chomhshaoil: Taibhreamh
Ceolchoirm le ceol, filíocht agus caint, le Síle Denvir, Becky Ní Éallaithe, Peadar-Tom Mercier, Meadhbh O’Leary Fitzpatrick, Mairéad Hurley, Éanna Hyland agus Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin.

Cuirfidh POTA lón ar fáil ó 13:00-14:00 i Seanscoil Sailearna

Tá an siúlóid feiliúnach do gach aoisghrúpa ach caithfidh tuismitheoir / caomhnóir a bheith in éineacht le rannpháirtithe faoi 18.
Tá na ceardlanna dírithe ar dhaoine óga idir 15-25. Is féidir le daoine faoi 18 a bheith i láthair gan tuismitheoir/ caomhnóir, ach caithfidh siad clárú le hainm agus seoladh ríomhphoist an tuismitheora / an chaomhnóra tríd an fhoirm https://forms.office.com/e/pwamFAxe8Y

Ní gá freastal ar an ócáid ar fad. Is féidir clárú do chuid amháin, do dhá chuid nó don lá ar fad.

Tá an t-imeacht seo á reachtáil mar chuid den togra CLICA, atá comh-mhaoinithe ag an Aontas Eorpach (Erasmus+), le tacaíocht ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.


Further Information

Imeall / Comharchumann Shailearna Teo


Find out more about the event organiser



Explore More