
Aodán Ó Conchúir - Taispeántas Grianghrafanna
15 - 23 August, 10am - 4pm
- Músaem Chorca Dhuibhne
- Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí
- V92HY83
- Co. Kerry
Bígí linn do thaispeántas speisialta de ghrianghraif ó bhailiúchán Aodán Uí Chonchúir, grianghrafadóir gairmiúil a thaifead saol Chorca Dhuibhne sna 1970-1990aí. Beidh rogha de ghrianghraif nua-dhigitithe ar taispeáint den gcéad uair, mar aon le taispeántas sleamhnáin ar lúb leanúnach a thabharfaidh léargas níos doimhne ar an mbailiúchán. Tá sé beartaithe cuid den mbailiúchán seo a chur ar fáil ar líne níos déanaí i mbliana, rud a chinnteoidh go mbeidh sé inrochtana ag an bpobal ar fad.
I Músaem Chorca Dhuibhne, beidh deis ag cuairteoirí cuimhní agus scéalta a roinnt, agus cabhrú linn daoine, áiteanna agus imeachtaí atá le feiiscint sna grianghraif a aithint. Cuirfidh an rannpháirtíocht seo le cruinneas agus le saibhreas na cartlainne.
Is imeacht é seo do gach aoisghrúpa agus d'éinne gur spéis leo stair, oidhreacht agus cuimhní pearsanta ó Chorca Dhuibhne. Beidh fáilte roimh chách.
Find out more about the event organiser
Event Type
Heritage Council Grant
This event is part of a project supported under the Heritage Council's grants programme in 2026
![]()