
Ár mBunchlocha a Fhiosrú - Oidhreacht Dholáimhsithe
Ár mBunchlocha a Fhiosrú - Oidhreacht Dholáimhsithe. Beidh an ócáid seo oscailte do pháistí agus do dhaoine fásta agus díríonn ar an Oidhreacht Dholáimhsithe, gné den chultúr atá soilsithe ag UNESCO:
https://ich.unesco.org/en/what-is-intangible-heritage-00003
Déanfaidh an Dr Sorcha de Brún, Músaem Óige na hÉireann agus Ollscoil Luimnigh, áisitheoireacht ar an ócáid seo ina dtabharfar léargas ar oidhreacht chruthaitheach agus dholáimhsithe na Gaeilge. Déanfar cur síos ar na focail a bhí in úsáid le linn aimsir an Ghorta Mhóir in Éirinn agus an tslí a bhfuil go leor de na focail sin fós in úsaid ag páistí, daoine óga agus daoine mór na laethanta seo.
Ina dhiaidh sin, léifidh Sorcha a dán ‘An Céilí Mór’ (An Gúm, 2012) a chuireann síos ar chóisir mhór a eagraíonn feithidí agus ainmhithe i dteach mór uirbeach i gcroílár na hoíche. Léireoidh an chuid seo den ócáid gur féidir leis an litríocht oidhreacht an dúlra a iompar agus an timpeallacht a chur i gcuimhne dúinn is a chaomhnú. Ar deireadh, beidh ceardlann ann ar an gCló Gaelach, an cló a bhí coitianta nuair a bhíodh na manaigh ag scríobh agus nuair a bhí scríobhaithe ag obair in Éirinn lenár n-oidhreacht a chaomhnú. Beidh an ócáid seo idirghníomhach.
https://museumofchildhood.ie/heritage-week-2025-at-the-museum-of-childhood-ireland-musaem-oige
Museum of Childhood Ireland, Músaem Óige na hÉireann - A first for Ireland - a multi-award winning museum exploring childhood culture and heritage, islandwide and diaspora, historic to contemporary:
https://museumofchildhood.ie
Cuireann Músaem Óige na hÉireann an bhéim ar leanaí agus an óige – san am atá thart agus san am i láthair. Cruinníonn an áit iontach seo na snáitheanna iontacha, dúshlánacha agus éagsúla de scéal na hóige le chéile. Is acmhainn nua d’Éirinn é an músaem ceannródaíoch seo a bhfuil fáilte roimhe. Samhlaíonn a clár ilghnéitheach agus soléite de thaispeántais, de chartlanna agus d’imeachtaí conas is féidir leanaí a chothú agus a cheiliúradh i sochaí na hÉireann. Acmhainn shaibhir atá ann chun machnamh criticiúil agus comhráite suntasacha faoin óige a spreagadh – óna tráma dorcha agus suaite san am atá thart go dtí na scéalta is airgthí agus níos áthasaí – agus draíocht na féidearthachta a d’fhéadfadh a bheith san óige.
Explore Heritage Week 2025:
https://museumofchildhood.ie/heritage-week-2025-at-the-museum-of-childhood-ireland-musaem-oige-na-hei
Exploring Our Foundations - Our Intangible Heritage As Gaeilge. Lexicon, Dúnlaoghaire, Room 2, level 5, 2-4pm Suitable for children & adults
Free of charge. No booking required. Attendance is on a first come, first served basis.
Ó 16-24 Lúnasa 2025 tugann ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’ cuireadh dúinn bloic thógála ár n-oidhreachta a fhiosrú; ní hamháin na struchtúir, ach na tírdhreacha agus na gníomhaíochtaí cultúrtha a mhúnlaigh sinn. Tá níos mó i gceist leis an oidhreacht ná díreach brící agus clocha; traidisiúin, tírdhreacha, scileanna, agus scéalta atá inti a imríonn...
https://www.heritageweek.ie/ga/news/national-heritage-week-2025-theme-exploring-our-foundations
Further Information
The Museum of Childhood Ireland, Músaem Óige na hÉireann