Hide Subscribe Panel
C02 B1 FEA AE5 C 4 A76 99 FF 75 D29 CD646 DE

Ceolchoirm Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta le Yvonne Ní Laocha agus Tríona Ní Shíocháín

19 August, 8:30pm - 9:30pm

  • Christ Church Fermoy
  • Oliver Plunkett Hill
  • P61Y072
  • Co. Cork County

Is as Ráth Chormaic, Co. Chorcaí í Yvonne Ní Laocha agus tá sí féin agus a cara dílis Tríona ag seinm le chéile le breis is triocha bliain anuas, ó casadh ar a chéile sa Mheánscoil i Mainistir Fhearmaí iad. Lean an bheirt acu ar aghaidh chun céim sa Cheol agus sa Ghaelainn a dhéanamh in UCC. D'fhoghlaim Yvonne a cuid ceoil ó Martin Power i mBaile an Chollaigh CCÉ. Is as Iarthar Luimnigh muintir Yvonne agus tá tionchar aige seo ar a cuid ceoil chomh maith. Bunmhúinteoir i gClochar na Toirbhirte, Mainistir Fhear Maí is ea Yvonne.

Feadógaí, amhránaí, agus rinceoir seite ó cheantar na hAbha Móire is ea Tríona Ní Shíocháin go bhfuil nasc oidhreachtúil aici le Gaeltacht Mhúscraí trína beirt sheana-mháthar. Is ón laoch mór ceoil, Bobby Gardiner, agus óna muintir féin a fuair sí a cuid ceoil. Fuair sí a cuid amhránaíochta óna hathair, Tadhg, agus ón amhránaí clúiteach, Eilís Ní Shúilelabháin, ó Chúil Aodha; agus is ó Aolánaigh an Bhaile Dhuibh Uachtaraigh a fuair sí a cuid rince. Is Ollamh le Ceol agus Taibhealaíona í Tríona in Ollscoil na Gaillimhe.

Tá Yvonne agus Tríona fiain i ndiaidh polcaí agus sleamhnán Iarthar Phort Láirge, Thuaiceart Chorcaí, agus Iarthar Luimnigh, agus is breá leo a bheith ag seimint i dteannta a chéile.

Cloisfear sárcheol agus scoth na hamhránaíochta ón mbeirt seo.

On street parking available. Restrooms available in adjacent Adair Hall.


Further Information

Christ Church Fermoy - Community Heritage Restoration Project


Find out more about the event organiser



Explore More