Hide Subscribe Panel

Amhráin, Scéalta agus Fuaimeanna: Imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2026 do Dhaoine ar Spéis leo an Ceol

1 Heritage Week 2026 Music Events Main Image

Má tá tú paiseanta faoin gceol traidisiúnta Gaelach, má tá an-spéis agat i stair na fuaime, nó má bhaineann tú taitneamh as seisiún ceoil bheo, cuirfear go leor ar fáil duit sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2026. Seo cúig imeacht de chuid na Seachtaine Oidhreachta a bhaineann le ceol a bhfuilimid ag tnúth go mór le freastal orthu, i measc go leor imeachtaí eile.

Ceadal um Thráthnóna: Ceol na hOíche




21 Lúnasa, 6:30pm-7:15pm.

Ard-Eaglais Phádraig, Baile Átha Cliath SAOR IN AISCE.

Tá níos mó sonraí anseo.

Seinnfear amhráin ó na ceoldrámaí is ansa le daoine, ar nós Les Misérables, The Phantom of the Opera agus Cabaret, chomh maith le ceol álainn i gceann de na suíomhanna oidhreachta is aitheanta in Éirinn.

Idir Edison agus Spotify

15-22 Lúnasa, ag amanna éagsúla. An Oifig Turasóireachta, Dún Dealgan

Tá níos mó sonraí anseo.

Ar smaoinigh tú riamh conas a bhogamar ar aghaidh ó ghramafóin go sruthú? Taispeánfar san imeacht seo réimse de threalamh ceoil seanré bunaidh, cosúil le fóineagraif, gramafóin agus tuilleadh, agus iad go léir ag obair. Cuirfear taispeántas agus caint ar siúl freisin ina míneofar na píosaí ar fad.

Fuaim Thraidisiúin a Mhúnlú

20 Lúnasa, 12pm-3pm.

Ceardlann Veidhlíní Ian Knepper, Cathair Chorcaí.

Tá níos mó sonraí anseo.

Téigh isteach i gceardlann bheirt mháistircheardaithe uirlisí, Ian Knepper agus Macdara Ó Faoláin. Aimsigh eolas faoi na teicnící traidisiúnta a bhaineann le téaduirlisí a dhéanamh agus a dheisiú, teicnící a choinníonn oidhreacht shaibhir cheoil na hÉireann beo.

Cothú Ceoil, Cothú Oidhreachta (Minding the Music, Minding the Heritage): Seisiún Ceoil Ghaelach le Theresa Larkin agus a Cairde

20 Lúnasa, 1pm-3pm.

Ionad Ealaíon an Aonaigh, an tAonach SAOR IN AISCE.

Tá níos mó sonraí anseo.

Bí i dteannta an cheoltóra ceoil Ghaelaigh cháiliúil Theresa Larkin agus a cairde an tSeachtain Oidhreachta 2026 seo chun tráthnóna a chaitheamh lán le ceol gaelach ina gceiliúrfar ceann de na traidisiúin bheo is saibhre sa tír.

Teiripe Fuaime le hImeacht Ama (Sound Therapy From The Ages)

An 15, 16, 17, 18 agus 23 Lúnasa, 10am-5pm Caisleán agus Crannóg Chreagán Eoghain, Cill Mhuire.

Tá níos mó sonraí anseo.

Is cleachtas ársa é teiripe fuaime a úsáideann minicíochtaí creathacha agus ceol chun an néarchóras a mhaolú agus chun leigheas a chothú. Tá sáreolas ag Arno, an t-éascaitheoir, ar stair an cheoil, idir na drumaí fráma is luaithe agus ealaín ársa na hamhránaíochta scornaí.

Bónas: Is fiú go mór do theaghlaigh freastal ar an gCeardlann Saor in Aisce, Ceolfhoireann an Dúlra, i mBaile Átha Cliath 2, áit ar féidir le páistí agus daoine fásta stáin, feadáin, buidéil agus pónairí a iompú ina n-uirlisí ceoil féin atá spreagtha ag an dúlra.

Níl anseo ach rogha bheag de na himeachtaí iontacha ceoil a bheidh ar siúl mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta 2026. Téigh chuig na liostaí imeachtaí chun tuilleadh ceolchoirmeacha, ceardlann, cainteanna agus léirithe a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann a aimsiú, agus ceiliúradh a dhéanamh ar na fuaimeanna a mhúnlaigh oidhreacht na hÉireann.