Hide Subscribe Panel

Craobhiomaitheoirí Náisiúnta na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2026 á bhFógairt

Heritage awards 2024 03

Aithnítear i nGradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta obair eagraithe imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ó thaobh imeachtaí a chruthú agus a chur ar siúl ina gceiliúrtar ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha.

Saothraíonn eagraithe imeachtaí ó áiteanna ar fud na hÉireann a bpaisean agus a saineolas gach bliain le heispéiris nach ligfear i ndearmad agus spreagúla a chruthú don phobal i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar chruthaitheacht, ar dhúthracht agus ar dhíograis na bpobal, na n-eagraíochtaí agus na ndaoine aonair a oibríonn chun ár n-oidhreacht a chur in iúl do dhaoine eile agus í a chaomhnú.

Tá gliondar croí orainn na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta a fhógairt i measc roinnt catagóirí gradaim, a léiríonn gach ceann díobh rannchuidiú as cuimse le hoidhreacht na hÉireann.

Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí uile ag searmanas bronnta Ghradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta an 29 Deireadh Fómhair 2026.

Seo a leanas na catagóirí agus na himeachtaí a cuireadh ar an ngearrliosta don bhliain 2026:

An Gradam ‘Oidhreacht i mBaol’

Tugann an gradam seo aitheantas d’imeachtaí agus do thionscadail a tharraingíonn aird ar oidhreacht atá i mbaol agus a spreagann pobail chun dul i ngleic le gnéithe leochaileacha dár n-oidhreacht, iad a chosaint agus ceiliúradh a dhéanamh orthu.

The Rambling House
Ionad Amharclannaíochta agus Ealaíon Bhiorra (Uíbh Fhailí)

Flax Threads of Time
Bailte Slachtmhara Chloich na Coillte agus Wombat Media (Corcaigh)

Outside Our Door: The Hidden History of the Dún Laoghaire Magdalene Laundry
Laura Sarah Dowdall (Dún Laoghaire-Ráth an Dúin)

An Gradam Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe - Gradam Mhichíl Uí Mhuircheartaigh

Bronntar an Gradam Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe ar imeacht nó ar thionscadal ar éirigh leis tuiscint níos fearr a spreagadh ar ghné dár n-oidhreacht chultúir dholáimhsithe - ceardaíocht, scileanna, nósanna agus cleachtais.

Tales of the Estuary – The Cockle Women Reenactment
An Pasáiste agus Cumann Forbartha Crooke (Port Láirge)

Voices in Stewardship: Celebrating West Cork's New Oral Heritage Hubs
Seanchas Iarthar Chorcaí (Corcaigh)

Song of the Scythe
The Acorn Project (Cill Chainnigh)

An Gradam Gaeilge

Aithníonn an gradam seo imeachtaí a rinne ceiliúradh agus cur chun cinn ar an nGaeilge, agus a thaispeáin an ról lárnach atá aici in oidhreacht na hÉireann.

Cladaí Inis Meáin
Pleanáil Teanga Inis Meáin (Gaillimh)

Aodán Ó Conchúir – Taispeántas Grianghrafanna
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne (Ciarraí)

Voices of Dún Chaocháin: Recordings from the Early 1990s
Comhar Dhún Chaocháin (Maigh Eo)

Gradam Imeachta Ionchuimsithigh

Aithnítear sa ghradam seo imeachtaí ar díríodh go príomha iontu ar an uileghabhálacht, a chinntigh go bhféadfadh an grúpa is leithne agus is éagsúla sin daoine eispéireas agus taitneamh a bhaint as an oidhreacht.

An Turas Tearmann Dúlra agus Oidhreachta le Ceardlann Mhúsaem Chester Beatty ag Ard-Eaglais Phádraig agus Siúlán Pháirc an Fhionnuisce
An Turas Tearmann Dúlra agus Oidhreachta (Sanctuary in Nature & Heritage) (Cathair Bhaile Átha Cliath)

Donegal Mela – Féile Chultúir Indiach Leitir Ceanainn
Sharmila Kamat (Dún na nGall)

Rekindle Festival of Lost Skills 2026
Common Knowledge Centre for Sustainable Living CLG (An Clár)

Gradam Oidhreachta Uisce

Ceiliúrtar tionscadail agus imeachtaí sa ghradam seo a rinne uiscebhealaí na hÉireann a fhiosrú, a cheiliúradh agus a chosaint, agus a d’aithin a thábhachtaí atá aibhneacha, lochanna, canálacha, agus cóstaí dár n-oidhreacht. Le tacaíocht ó Chlár Uiscí an Údaráis Áitiúil (LAWPRO).

Ceiliúradh ar an bhFiadhúlra ar an bhFaiche – An Mullach Mór
Iontaobhas Bhá Dhún na nGall (Sligeach)

CALM Waters by Monaghan Hills
Killanny Reaghstown GWS (Muineachán)

Folláine ár nOidhreachta Uisce
WiseWater Academy (Corcaigh)

Gradam na Leanaí Fiáine

Tugtar chun solais sa ghradam seo imeachtaí a spreag leanaí agus teaghlaigh dul amach faoin aer, an dúlra a fhiosrú, agus taitneamh a bhaint as aoibhneas fhiadhúlra agus thírdhreacha na hÉireann. Bronntar Gradam na Leanaí Fiáine i gcomhar le clár Na Chéad 5 a chuireann an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ar siúl.

So You Want to be an Archaeologist?
Ionad Cuairteoirí na Teamhrach (An Mhí)

Lá na Leanaí Fiáine – Feithidí, Bláthanna agus Locha Sióg á bhFiosrú
Páirc Thaitneamhachta agus Oidhreachta Dhún na Sí (An Iarmhí)

Ag Tarraingt ón gCoill – Lá na Leanaí Fiáine ag Anaclann Dúlra Rinn na gCeann
Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha (Ros Comáin)

Gradam Inbhuanaitheachta agus Aeráide

Tugtar chun solais sa ghradam seo tionscadail oidhreachta ar díríodh go príomha iontu ar inbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht, ina ndeachthas i ngleic le hathrú aeráide agus inar cosnaíodh ár dtimpeallacht don todhchaí.

Traditional Field Gates of Shercock – Looking Back, to Look Forward
Bailte Slachtmhara Shearcóige (An Cabhán)

Seoladh Bhealach Oidhreachta Ceilte Ghleann na Míolaí
Ionad Pobail Ghleann na Míolaí Teoranta (Corcaigh)

The River Remembers: Stories of Salmon and Stewardship on the Coomhola River
StreamScapes (Corcaigh)

Déanaimid comhghairdeas ó chroí leis na tionscadail go léir a cuireadh ar an ngearrliosta agus gabhaimid buíochas le gach duine a chuir leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2026. Cinntíonn bhur gcruthaitheacht, bhur dtiomantas, agus bhur ngrá don oidhreacht go leanann scéal na hÉireann le pobail ar fud na tíre a spreagadh agus a cheangal.

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas bronnta Ghradaim na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta an 29 Deireadh Fómhair 2026.

Nuacht

Tuilleadh Nuachta
Hertitage Hero Award Athlone231026 8

National Heritage Week Awards 2026 - Winners and Runners-up Announced

The National Heritage Week Awards 2026 ceremony took place on Thursday, 29 October 2026, celebrating the individuals, community groups and organisations whose outstanding events helped showcase and protect Ireland's built, natural and cultural heritage.

The 2026 Awards recognise the most engaging and inspiring events from National Heritage Week 2026. Over the course of nine days from 15–23 August, communities across Ireland came together to celebrate local heritage through walks, talks, workshops, exhibitions, performances and family events. This year's theme, Heritage at Risk, encouraged people to explore and protect the places, traditions, skills and stories that form an important part of our shared heritage.
Gearoid O Brien NHW Hero 2026

National Heritage Week 2026 Heritage Hero Announced

The Heritage Council is delighted to share that the 2026 National Heritage Week Heritage Hero has been awarded to Gearóid O'Brien for his lifelong dedication to preserving, promoting and celebrating the heritage of Athlone and Ireland.

The Heritage Hero award honours an individual or organisation that has made an outstanding, long-term contribution to the protection and promotion of Ireland's heritage. Unlike the other categories, this award is based solely on public nominations and is considered a lifetime achievement award.
Heritage Open Doors Main Image

Heritage Open Doors: 5 Historic Properties to Visit During National Heritage Week

As part of the 2026 National Heritage Week, the Heritage Open Doors Initiative is an opportunity for the public to explore historic buildings, see behind doors not usually open and learn about the hidden and not so hidden heritage of buildings in the country.
Whether you are curious about iconic public landmarks or want to experience behind-the-scenes tours, these events off er a unique way to connect with Ireland's rich built heritage.