Hide Subscribe Panel

'Ag siúl agus ag fiosrú stair agus dúlra an cheantair'

Máire Ní Chualáin
Coiste Cultúir & Oidhreachta na Ceathrún Rua

Beidh an stair áitiúil agus an dúlra i gceist, agus muid ag siúl ó bhaile na Ceathrún Rua, siar go Caladh Thaidhg, ar aghaidh i dtreo Trá an Dóilín agus aniar ar ais go dtí an baile arís. Ar an mbealach tá aonad d'Ollscoil na Gaillimhe, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus seanscoil náisiúnta agus ceardscoil na Ceathrún Rua sna seanlaethanta, an tseanbheairic, Caladh Thaidhg, Teach an tSalainn, Trá an Dóilín, Cuan an Fhir Mhóir, Léana Fionn, Tigh Lamb etc. Tá muid le stair, oideachas, ealaín, tiarnaí talún, Cath na Ceathrún Rua, dúlra agus obair na farraige a phlé. Tá sé i gceist againn cuireadh a thabhairt don phobal, idir shean agus óg chun dul ar an tsiúlóid. Déanfar agallamh ar Raidió na Gaeltachta agus cuirfear an scéal amach ar na meáin shóisialta agus i Nuachtlitir an Pharóiste.

Further Information

  • Máire Ní Chualáin, Coiste Cultúir & Oidhreachta na Ceathrún Rua

Explore Similar Projects