D’imeacht/do thionscadal a fhorbairt
Tosaíonn gach aistear leis an gcéad chéim. Bí ag léamh na hacmhainní seo a chabhróidh leat d’imeacht/do thionscadal do Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta a dhearadh, agus ná déan dearmad súil a chaitheamh ar na míreanna Acmhainní Teicniúla agus Acmhainní Brandáilte le haghaidh go leor rudaí eile!
Cad atá i gceist le himeacht oidhreachta?
Cúis ceiliúrtha do Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta go bhfuil na himeachtaí ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta ar ais i mbliana chomh beo bríomhar agus bhí siad riamh. Níl teora le réimse na n-imeachtaí gur féidir a chur ar siúl, lena n-áirítear turais siúlóide, léachtaí, ceardlanna ceardaíochta nó taispeántais, ceolchoirmeacha, taispeántais agus féilte. Má tá imeacht a reáchtáil agat ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta, bí cinnte do mhachnamh a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas:
Cén sprioc atá ag an imeacht seo? Cad é an ceacht nó an t-eispéireas go mba mhaith leat a chur ina luí ar na daoine a fhreastalaíonn air?
Cé chomh mór is gá leis an lucht féachana a bheith chun an t-eispéireas is fearr a thabhairt do na daoine a fhreastalaíonn air?
An gcuireann d’imeacht fáilte roimh dhaoine ó chúlraí éagsúla, lena n-áirítear daoine gan mórán taithí acu ar an oidhreacht agus daoine nach rófhada ó shin a tháinig siad chun cónaithe i do cheantar?
An bhfuil fáil ag an bpobal gó héasca ar d’imeacht? An bhfuil aon rud eile gur féidir leat a dhéanamh chun na bealaí isteach a fheabhsú?
An bhfuil d’imeacht inbhuanaithe? An bhfuil na hábhair a bhfuil leas á mbaint agat astu neamhdhíobhálach don timpeallacht? An dtagann na hábhair a fhaigheann tú ón gceantar máguaird? Cén modh iompair a úsáidfidh daoine chun dul ann? Le haghaidh noda faoi conas imeachtaí inbhuanaithe a eagrú, caith súil ar an alt seo ó Laethanta Oidhreachta na hEorpa.
Caith súil ar na liostaí smaointe le haghaidh imeachtaí seo ar mhaithe le hinspioráid a fháil:
100 Smaoineamh d’Imeachtaí le haghaidh Sheachtain na Oidhreachta Náisiúnta 2022
Tá fáilte roimh lucht eagraithe a gcuireann imeachtaí measctha ar siúl, cuir i gcás sruthú beo a dhéanamh ar imeacht ina bhfuil daoine i láthair go pearsanta trí leas a bhaint as Zoom, Facebook nó YouTube. Le himeacht measctha a reáchtáil is féidir teacht ar lucht féachana i bhfad ó bhaile nó deis a thabhairt d’iadsan nach féidir leo freastal ar d’imeacht go fisiciúil freastal air go fíorúil. Má tá sé ar intinn agat d’imeacht a shruthú beo, déan cinnte an nasc cuí chuige a thabhairt agus an fhoirm iontrála á líonadh isteach agat ar Thairseach na n-Eagraithe.
Cad atá i gceist le tionscadal oidhreachta digiteach?
Mar thoradh ar an tóir a bhí orthu in 2020 agus 2021, tá deis á tabhairt ag Seachtain Oidhreachta Náisiúnta arís do lucht eagraithe tionscadail oidhreachta dhigiteacha a chruthú d’fhonn iad a roinnt ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta. Ba chóir torthaí do thionscadal digiteach a chur ar fáil bhformáid is féidir a roinnt go forleathan, mar shampla caint nó taispeántas ar líne; físeán; podchraoladh nó taifeadadh staire béil; cur i láthair PowerPoint nó blag; trí nuachtlitir do phobail nó d’eagraíochta; trí agallamh le stáisiún raidió áitiúil nó i nuachtán; nó trí shuíomh gréasáin tiomnaithe nó cuntas meán sóisialta. Le haghaidh noda faoi thionscadail dhigiteacha a chruthú agus a roinnt, tabhair cuairt ar ár leathanach Acmhainní Teicniúla agus ár leathanach faoi Sheimináir ghréasáin.
Más mian leat imeacht ina mbeidh daoine i láthair go pearsanta agus tionscadal oidhreachta digiteach a eagrú araon, tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh tú foirm iontrála ar leith a líonadh isteach do gach ceann díobh siúd ar Thairseach na n-Eagraithe.
Acmhainní Oidhreachta
Seo thíos roinnt croí-acmhainní a chabhróidh leat tosú ar d’imeacht/ do thionscadal oidhreachta a dhearadh. Tabhair cuairt ar leathanach Naisc Úsáideacha le haghaidh liosta de roinnt eagraíochtaí oidhreachta in Éirinn.
Laethanta Oidhreachta na hEorpa 2022: Oidhreacht Inbhuanaithe
Tugann an treoir seo forléargas ar théama na hoidhreachta inbhuanaithe de chuid Laethanta Oidhreachta na hEorpa 2022 agus leagtar amach ann an méid a bhíonn i bpáirt ag an gcomhshaolachas agus ag caomhnú ár n-oidhreacht fhollasach, dhobhraite agus nádúrtha le gur féidir todhchaí atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní a chinntiú. Tugann sé treoirlínte freisin maidir le dea-chleachtas i réimse na hoidhreachta inbhuanaithe agus smaointe maidir le himeachtaí inbhuanaithe a chruthú.
Treoir Maidir le hAcmhainní Oidhreachta: Caidreamh a Chothú le Ré atá Thart agus lenár Linn Féin
Tugann an Treoir maidir le hAcmhainní Oidhreachta réimse d’acmhainní oidhreachta ar líne le chéile lena n-áirítear cartlanna, bailiúcháin dhigiteacha, bunachair shonraí agus liostaí, feidhmchláir GIS, físeáin, aipeanna móibíleacha, agus is féidir teacht ar an gcuid is mó díobh siúd saor in aisce ar ghléasanna pearsanta. Déanann sé trácht ar mórán ábhar, e.g. seandálaíocht agus stair, ailtireacht, idir chois cósta agus mhuirí, gnáthóga agus speicis, iarsmalanna agus bailiúcháin.
Oidhreacht: Gach Rud san Áireamh!
Tarraingítear aird sa treoir seo ó Laethanta Oidhreachta Eorpacha 2021 ar conas is féidir le hiadsan i mbun oidhreacht a eagrú ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht réigiúnach agus náisiúnta ar mhaithe le fáilte a chur roimh chách páirt a ghlacadh inár n-oidhreacht shaibhir.
Liosta Náisiúnta na hÉireann d’Oidhreacht Chultúrtha Dhobhraite
Caith siúil ar Liosta Náisiúnta d’Oidhreacht Chultúrtha Dhobhraite ar mhaithe le hinspioráid a fháil do do thionscadal. Tá an liosta ann chun oidhreacht chultúrtha bheo na hÉireann a chur chun cinn, a chosaint agus a cheiliúradh. Tugann sé aitheantas oifigiúil Stáit do chleachtais chultúrtha ar fud na hÉireann.
Lionra Stairsheanchais na hÉireann
Tugann Líonra Stairsheanchais na hÉireann daoine aonair, grúpaí staire áitiúla agus lucht acadúil le chéile, chun seanchas béil a bhailiú agus leas a bhaint as, ionas gur féidir le gach duine foghlaim óna chéile. Cuireann sé comhairle agus oiliúint ar fáil faoi na bealaí is fearr le tionscadail seanchais béil a dhéanamh lena n-áirítear eitic, scileanna agallaimh, srl.
Acmhainn Cartlainne na hÉireann
Tabharfaidh an tairseach seo thú chuig bailiúcháin chartlainne ar fud oileán na hÉireann. Is iad cartlanna na cáipéisí agus na taifid a bhaineann le daoine, áiteanna, eagraíochtaí agus imeachtaí. Is féidir leas a bhaint as an tairseach seo chun díriú isteach ar na cartlanna a bhaineann leis an réimse nó an ábhar a bhfuil spéis agat ann.
Cuir ceist faoi Éirinn - Leabharlanna
Scaoil le do chuid fiosrachta trí tú féin a thumadh in ábhar iontach ar líne ó leabharlanna áitiúla na hÉireann. I measca na mbailiúchán tá ailt dhigitithe, grianghraif, comhaid fhuaime, léaráidí, líníochtaí, innéacsanna agus cáipéisí stairiúla.
HeritageMaps.ie
Aimsigh nó cuir eolas ar láithreáin oidhreachta chomh maith le tacair sonraí oidhreachta a fhiosrú áit ar bith in Éirinn. Trí leas a bhaint as an amharcóir de chuid HeritageMaps.ie is féidir teacht ar thacair sonraí oidhreachta náisiúnta i bhfoirm léarscáileanna, fad is atá sonraí comhthéacsúla breise á dtabhairt san áireamh ó réimse leathan d’fhoinsí ar líne.
www.heritagemaps.ie
Sraith Straitéisí maidir le ’Taighde a Dhéanamh ar Shéadchomhartha a Uchtú’
Faigh amach conas tosú ar thionscadal taighde faoi shéadchomhartha áitiúil a dhéanamh leis an sraith straitéisí seo ón gComhairle Oidhreachta.
Suirbhé ar Shéadchomharthaí Náisiúnta
Breathnóir léarscáile idirghníomhach é seo lenar féidir leat díriú isteach ar aon chuid d’Éirinn agus tuilleadh a fhoghlaim faoi shéadchomhartha seandálaíochta.
www.archaeology.ie
Bunachar Logainmneacha na hÉireann
Sa bhunachar sonraí seo de logainmneacha na hÉireann tá gluais agus léarscáil dáileacháin, níos mó ná 7,000 foinse ainmneach agus gnéithe eile.
www.logainm.ie
Eolaire Oidhreachta Cois Cósta
Is foinse eolais é seo faoi oidhreacht nádúrtha agus thógtha cois cósta, a thugann comhairle faoi conas gnéithe oidhreachta a aithint i do cheantar féin.
www.coastalheritage.ie
An Chartlann Náisiúnta
Tá an dúrud eolais faoi stair na hÉireann curtha i dtaisce sa Chartlann Náisiúnta. Úsáid an barra cuardaigh sa chatalóg ar líne chun tuilleadh a fháil amach.
www.nationalarchives.ie
Meaisín Ama ar Líne
Rang teagaisc de chuid na Comhairle Oidhreachta do pháistí bunscoile, dá múinteoirí agus dá dtuismitheoirí á chur i láthair ag an Saineolaí ar Oidhreacht sna Scoileanna, John D. Ruddy.
Garraiodoireachta ar son na Bitheagsulachta
Tá raidhse smaointe maithe le fáil sa leabhrán úsáideach seo maidir le cad is féidir leat a dhéanamh chun tacú le fiadhúlra i do ghairdín féin. Tá sé curtha le chéile ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann, le cabhair ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ón gComhairle Oidhreachta.
Reiligí a Chothabháil, a Thaifeadadh agus a Chaomhnú
Breathnaigh ar na hacmhainní iontacha seo maidir le reiligí a chothabháil, a thaifeadadh agus a chaomhnú, arna fhorbairt le maoiniú LEADER curtha ar fáil ag Forbairt Tuaithe na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Scileanna Tógála Traidisiúnta
Cuireann an leathanach acmhainne seo ar scileanna tógála traidisiúnta eolas cuiditheach ar fáil ar conas is féidir foirgnimh stairiúla (is é sin, foirgnimh a tógadh roimh an 2ú Cogadh Domhanda) a dheisiú agus a chothabháil.
Scileanna tógála traidisiúnta
Suntas a thabhairt don dúlra i do pháirc áitiúil
Bí i dteannta an Dr Paddy Madden, Saineolaí ar Oidhreacht sna Scoileanna, sa rang teagasc seo ón gComhairle Oidhreachta i gcomhair páistí bunscoile agus a dtuismitheoirí a chuirfidh ar a gcumas cuid den fhiadhúlra a aithint a d’fhéadfaidís a fheiscint agus iad amuigh ag siúl san Earrach.
Backyard BioBlitz
Bí i dteannta na Saineolaithe ar Oidhreacht sna Scoileanna Fionn agus Jonathan Angus sa rang teagaisc seo do pháistí bunscoile ina míníonn siad cad is BioBlitz ann, agus cén trealamh agus treoracha ar féidir a úsáid chun blitzeáil a dhéanamh ar an ngairdín sa bhaile.
Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann
Anseo gheobhaidh tú sraith físeán gearr a thaispeánann réimse de cheardaíocht agus scileanna, lena n-áirítear fíodóireacht, ag déanamh feiltbhrait agus criadóireacht.
Cainéal YouTube de chuid DCCI
Seinnteoir de chuid Institiúid Scannán na hÉireann
Agus é á óstáil ag an IFI, cuimsíonn An Bailiúchán Loopline Imleabhar II ‘Hidden Treasures’ – sraith faisnéise ina ceithre chuid a thugann léargas ar oidhreacht agus traidisiúin na hÉireann.
Athrú Aeráide agus Bailte Stairiúla: Ag Dul i dTaithí ar Athrú
Léiríonn an cháipéis seo ó chomhdháil a reáchtáladh sa bhliain 2019 scéalta 12 bhaile in Éirinn agus an chaoi a ndeachaigh siad i ngleic le bagairtí ón athrú aeráide dár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus dobhraite.
Conas léarscáil den bhithéagsúlacht i do ghairdín a dhéanamh
Is rang teagaisc céim ar chéim é seo leis an Saineolaí ar Oidhreacht sna Scoileanna Michéle a thaispeánann duit conas léarscáil a tharraingt den bhithéagsúlacht/na gnáthóga i do ghairdín le gur féidir leat taifead a dhéanamh ar na háiteanna ina bhfuil na speicis gairdíní éagsúla le fáil. Cabhróidh do léarscáil leat agus tú i mbun feabhsúcháin a phleanáil chun an bhithéagsúlacht i do ghairdín a mhéadú.