Hide Subscribe Panel

Déardaoin an 20 Deireadh Fómhair ag 12:30 p.m.
Craolfar na Dámhachtainí go beo ó Choláiste Ríoga na Lianna i mBaile Átha Cliath, agus iad á n-óstáil ag Anne Cassin, iriseoir agus láithreoir teilifíse.Ceiliúrfaidh an Chomhairle Oidhreachta na buaiteoirí i roinnt catagóirí: an Dámhachtain Oidhreachta Inbhuanaithe: an Dámhachtain Bithéagsúlachta; Dámhachtain an Imeachta Inbhuanaithe agus Chuimsithigh; an Dámhachtain Oidhreachta Uisce (arna hurrú ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil); Dámhachtain an Linbh Fhiáin (arna hurrú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige); agus na Dámhachtainí Contae.