Hide Subscribe Panel

Comórtas Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí

Buaigh Cárta Bliantúil Oidhreachta Teaghlaigh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá go leor le tairiscint ag Oifig na nOibreacha Poiblí don taistealaí fiosrach nó don taiscéalaí áitiúil ó chaisleáin agus gairdíní go láithreacha áilleachta nádúrtha agus spioradáltachta ársa.

Bunaíodh Oifig na nOibreacha Poiblí in 1831 agus bainistíonn sí punann réadmhaoin an Stáit chomh maith le go leor áiteanna suaithinseacha oidhreachta. Seans gur tháinig tú ar shamplaí dá gcuid oibre atá tiomnaithe do stair, traidisiúin agus cultúr na hÉireann a choinneáil buan. Caomhnaíonn an Oifig dhá Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO, 780 Séadchomhartha Náisiúnta agus os cionn 2,000 acra de ghairdíní agus d’fhearann páirce agus cuireann i láthair iad. Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí deis duit Cárta Oidhreachta Teaghlaigh a bhuachan, a thugann cead isteach saor in aisce ar níos mó ná 45 láithreán oidhreachta ar fud na hÉireann ar luach €90. Bain sult as rochtain gan teorainn ar shamplaí iontacha d’oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann go ceann bliana ón uair a úsáideann tú an chárta den chéad uair. Cad a fheicfidh tú den chéad uair i mbliana?

Chun cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Iontráil Anois’ thíos, agus na ceisteanna sa cheistneoir a fhreagairt.

Dúnfar an comórtas ag meán oíche Dé Céadaoin, an 30 Samhain 2022.