19-27 August 2017

Thank you! Your submission has been received!

Oops! Something went wrong while submitting the form :(

19-27 August 2017
19-27 August 2017

News

Seachtain Oidhreachta Náisiúnta: Imeachtaí as Gaeilge

Farmleigh161

Tá Seachtain Oidhreachta beagnach anseo. An bhfuil tú ag lorg rud éigin as Ghaeilge an tSeachtain Oidhreachta seo? Tá imeachtaí as Gaeilge timpeall na tíre chun páirt a ghlacadh in.

Is é téama na bliana seo ná Céad Bliain d’Oidhreacht agus toisc go bhfuil comóradh 100 bliain á dhéanamh againn, ní am níos fearr é chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht na hÉireann. Tugann an tSeachtain Oidhreachta léargas nua dúinn ar na céad bliana seo caite ó stair na nÚllaí Éireannacha i nGairdíní na Carraige i gCeatharlach, go dtí Turas Siúil 1916 Bhré, agus éachtaí cróga an taiscéalaí Ernest Shackleton as Cill Dara a d’imigh leis céad bliain ó shin chun an Antartaice a bhaint amach.

I mBaile Áth Cliath an tSeachain Oidhreachta seo is féidir turas treoraithe timpeall teach Farmleigh a thogaint nó freastal ar léacht faoi scéal an teanga Gaeilge: ‘Ma, where did the Irish Come From? The Story of the Irish Language‘ i gCluain Dolcáin.

Tá roinnt imeachtaí as Gaeilge i gCorcaigh freisin an tSeachtain Oidhreachta seo. Is féidir leis an chlann go léir páirt a ghlacadh i seó puipéad: Eachtraí ó hOileán Aráin: Caillte sa Cheo agus cúpla focal Gaeilge a fhoglaim! Beidh Oíche Cheoil an tSamhraidh ar siúl trí Ghaelige freisin i gCorcaigh má tá ceol agus cúpla amhráin uait.

Beidh ocáid chun chuimhne a dhéanamh ar Mhícheál Ó Murchú, An Gabha Gaelach (1918 – 1990), File, Scoláire, Uachtarán Chonradh na Gaeilge (1982 – 1985) i gCorcaigh freisin an tSeachain Oidhreachta seo, agus beidh léacht faoi lámhscríbhinn Michael Cavanagh: “Memoirs of General Thomas Francis Meagher” ón tOllamh Pádraig Ó Macháin, UCC.

Beidh tráthnóna fílíocht i gContae Liatroma, oíche cheiliúrtha oidhreachta agus chultúrtha shaibhir na hÉireann. Déanfaidh an ócáid cheiliúradh ar obair filí áitiúla i nGaeilge agus i mBéarla. I Contae Ciarraí beidh taispeántas faoi athbheochan na Gaeilge agus 1916.

Seo iad cúpla de na himeachtaí Ghaeilge atá ar súil an bhliain seo le linn Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2016. Is féidir eachtraí a bheith agat i mBéarla agus i nGaeilge an tSeachtain Oidhreachta seo. Faigh amach cad atá ar siúl agus bheith páirteach!

Join Us