An dteastaíonn uait páirt a ghlacadh mar eagraí imeachta? Tá sé chomh éasca le 1, 2, 3.

  1. Roghnaigh d’imeacht ón liosta 100 Moladh d'Imeachtaí nó smaoinigh ar mholadh d’imeacht de do chuid féin.
  2. Foghlaim anseo faoi d’imeacht a phleanáil agus a chur chun cinn.
  3. Cláraigh d’imeacht anseo ón 2 Bealtaine 2017 i leith.


Beidh Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2017 ar siúl ón 19-27 Lúnasa agus i mbliana cuideoimid le níos mó daoine foghlaim faoi dhúlra na hÉireann agus sult a bhaint as.

Ó thurais ar an bhfiadhúlra uirbeach go siúlóidí sealgaireachta go hóstáin bheach a thógáil, baineann Seachtain Oidhreachta 2017 le bheith gníomhach, spraoi a bheith agat agus le bheith páirteach inár n-oidhreacht nádúrtha