Bain sult as an Dúlra do Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2017

Beidh Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2017 ar siúl ón 19-27 Lúnasa agus i mbliana cuideoimid le níos mó daoine foghlaim faoi dhúlra na hÉireann agus sult a bhaint as.

Ó thurais ar an bhfiadhúlra uirbeach go siúlóidí sealgaireachta go hóstáin bheach a thógáil, baineann Seachtain Oidhreachta 2017 le bheith gníomhach, spraoi a bheith agat agus le bheith páirteach inár n-oidhreacht nádúrtha.

Arna comhordú ag an gComhairle Oidhreachta, is í Seachtain Náisiúnta Oidhreachta an t-imeacht cultúrtha is mó a bhfuil tóir air in Éirinn agus i mbliana táthar ag súil le níos mó ná 450,000 duine páirt a ghlacadh in os cionn 2,000 imeacht oidhreachta. Tá an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ina cuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa ina gcuirtear chun cinn oidhreacht chultúrtha choiteann na hEorpa.

Tarraingeoidh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta aird ar na dúshláin ar ár gcomhshaol nádúrtha ach chomh maith leis sin tarraingeoidh sí aird ar cad is féidir linn a dhéanamh chun é a chaomhnú. Le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta spreagtar gach duine le páirt a ghlacadh agus difear a dhéanamh.