Réamhrá

Print this page
canoes

Beidh an tSeachtain Oidhreachta ar siúl ón 24 - 31 Lúnasa 2008. Ceiliúradh seachtaine atá ann ar cé sinn féin agus cárb as dúinn. Tá Seachtain na hOidhreachta ina cuid de Laethanta Oidhreachta na Eorpa, comhthionscnamh ag Comhairle na hEorpa agus Aontas na hEorpa. In Éirinn, déanann an Chomhairle Oidhreachta le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil comhardú ar Sheachtain na hOidhreachta.

Glendalough Walkers

Cad is Seachtain na hOidhreachta ann?

Gach aon bhliain bíonn mórán eagraíochtaí náisiúnta agus na céadta eagraíochtaí áitiúla pobail rannpháirteach in eagrú imeachtaí ar fud na tíre. Tá rud éigin ann a thaitneodh le gach aon duine geall leis agus is príomhaidhm é feasacht a mhéadú ar ár n-oidhreacht tógtha, nádúrtha agus cultúrtha agus ar an mbealach sin a caomhnaithe agus a cosaint a spreagadh.

Céard atá ar siúl?

Tá imeacht éigin ar siúl i ngach aon chontae agus tá formhór na n-imeachtaí saor in aisce nó ina sárluach ar airgead. Déantar gach aon duine a ghríosadh lena bheith rannpháirteach agus tá raon imeachtaí i gceist ó aontaí, siúlóidí ealtóg istoíche, cama chuairteanna fiadhúlra agus léachtanna go ceadail cheoil, athachtaithe stairiúla, agus imeachtaí allamuigh. Beidh cead isteach saor in aisce nó rátaí speisialta á thairiscint ag mórán suíomh oidhreachta agus tithe maorga. Déan teagmháil go díreach linn ag 1850 200 878cuir r-phost chuig: events@heritagecouncil.com